An Claiḋeaṁ Soluis – ‘Ta lucht stiúrtha na Stát geanúil go leor ar ríthe agus impirí faoi láthair’

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (18 Samhain 1916) …uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claíomh-195

33                                          (Iomlán 969.) Cláraithe mar pháipéar nuachta                                          Samhain 18, 1916 Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Toghadh an sean-uachtarán Mac Liaim (Woodrow Wilson) athuair, ach chuaigh an toghadh an-rite leis agus mura mbeadh muintir an iarthair ní bheadh gar aige ar an uachtaránacht. Ní léir dúinn cé acu den bheirt fhear is fearr dá thír agus cé go bhfuil Mac Liaim ina uachtarán arís ní fhágann sin gurb é an fear is fearr do mhuintir na Stát é. Bhí dream an-láidir ar thaobh Mhic Aodha (Charles E. Hughes). Bhí na hÉireannaigh agus na Gearmánaigh ar a thaobh agus bheadh muintir an iarthair leis, nó cuid mhór acu, ach go raibh eagla orthu go mbeadh sé fabhrach do na Seapánaigh. Tá an dearg-ghráin ag muintir an iarthair ar na Fir Bhuí agus ní ligfidh siad dóibh aon ghreim a chur sa tír, más féidir leo é.

An mhuintir a bhfuil saothrú agus brabach dóibh as an tráchtáil le Sasana agus leis an bhFrainc is cosúil gur chuidigh siad le Mac Liaim. Tá a fhios acu nach gcuirfidh sé isteach ar an tráchtáil sin agus is cuma leo cé a bhuafaidh an cogadh ach buntáiste a bheith ag dul dóibh féin. Ní raibh siad cinnte nach gcuirfeadh Mac Aodha cosc ar an tráchtáil. Bhí na Gearmánaigh agus na hÉireannaigh ar a thaobh agus níl aon rud uathu siúd ach go n-éireodh muintir na Stát as a bheith ag cuidiú le Sasana .i. ag díol gunnaí agus pléascanna do na gunnaí agus lón cogaidh le Sasana agus leis an bhFrainc.

Lig Mac Liaim do Shasana loingeas Mheiriceá a chuardach agus litreacha agus earraí a bhí á iompar acu go dtí an Ghearmáin a fhuadach astu. Dúirt Mac Aodha nár cheart a leithéid a fhulaingt. Níor chabhraigh Mac Liaim leis an mBeilg nuair a tháinig an Ghearmáin uirthi. Bhí Rúisbhelt (Roosevelt) agus a lucht leanúna go mór anuas air faoi sin. Ach leis an bhfírinne a rá is beag suim a chuir lucht na guthaíochta sa Bheilg, nó i saoirse na náisiún beag, nó sa chogadh mór, nó in “onóir” na Stát. Bhí a n-aigne dírithe ar cheisteanna a bhaineann leo féin agus a gcroí sáite ina leas féin. Ní hionann anois agus céad bliain ó shin. Tá lucht stiúrtha na Stát geanúil go leor ar ríthe agus impirí faoi láthair.

Nach breá an saol é agus pingin ar scadán, a deirtí tamall ó shin. Tá trí pingine anois ar an scadán is an oiread céanna ar an ubh agus tá luach gach cineál bia ardaithe go mór. Bhíodh slisne muiceola, ubh, arán is im, agus tae againn dár mbricfeasta agus an t-iomlán le fáil ar thoistiún nó réal. Níl bricfeasta sásúil le fáil san aimsir seo ar ocht bpingine. Tá luach an bhia méadaithe faoi dhó, ach ní mar sin do phá an fhir oibre nó do thuarastal an chléirigh nó an bhuachalla siopa nó an mhúinteora. Is gearr go mbeidh gleo faoi phá is tuarastal.

An dtiocfadh linn malairt bia a chaitheamh? Bia breá folláin is ea an leite agus is é an coirce an cineál arbhair is fearr a fhásfaidh sa tír seo. Ba cheart go mbeadh ár ndóthain minchoirce le fáil ar luach íseal. Is annamh anois a chaitear prátaí ag proinn na maidine, ach chaití go fairsing maidin agus tráthnóna fadó iad. Tá anraith prátaí an-bhlasta don dinnéar. Caithfidh ár gcócairí mná agus fir malairt bia a sholáthair dúinn nó beidh orainn teach na mbocht a thabhairt orainn féin. Tá an scéal go dona ar fad ag bochtáin na cathrach a chaithfidh gach ní a cheannach ar an luach is airde.

D’éirigh muintir na tíre seo rachmallach le blianta gairide. Ní hé amháin go raibh lucht maoine caiteach, ach na daoine nach raibh dóibh ach fáltas nó tuarastal beag bhí siad rófhairsingeach. Goillfidh an rachmhallacht anois orainn. Níl an bia folláin dúchasach taitneamhach linn. Ní fhaighimid blas air. Tá ár ngoile gan a bheith ar fónamh, agus ní réitíonn aon rud linn ach milseán so-leáite, tae milis agus arán geal mín.

Is maith linn go bhfuil airgead á fháil go flúirseach ag Cuallacht Cúnta Gael, ach nílimid cinnte go bhfuil sé á chaitheamh acu sa chaoi is fearr. Is cóir fóirithint a dhéanamh ar na mná a bhfuil a bhfir nó a gclann mhac faoin gcré nó sa charcair uathu, agus is ceart cuidiú leis na fir a díbríodh as a bpost, ach ní hí an déirc an cúnamh is fearr nó is mó buntáiste. Donaíonn díomhaointeas duine. Is olc an saol an saol sócúil díomhaoin. Ní sheasfaidh an déirc i bhfad agus caithfidh na fir dul ag obair lá luath nó mall. Cloisimid gur fearr leo féin a bheith ag obair agus go mba mhaith leo go gceapfadh Cuallacht Cúnta obair dóibh.

D’fhéadfaí feirm a fháil ar léas nó d’fhéadfaí píosa talún a cheannach glan amach, agus deich nó fiche acra a chur faoi churaíocht. Tá buntáiste mór as tógáil beithíoch agus éanlaith, agus mura mbacfaí le beithígh bheadh luach ard le fáil ar arbhar is prátaí. Gheofaí feirm dheas ar mhíle punt agus i gceann ráithe bheadh an fáltas ag teacht isteach agus bheadh sé ag dul i méid ón gcéad lá. Ba mhór an dul amú an carn airgid a chaitheamh ina dhéirc. Ní maith leis na fir déirc. Ní thaitníonn sí leo, go mórmhór nuair is féidir lámh chúnta a thabhairt dóibh ar bhealach níos fearr.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis – ‘Ta lucht stiúrtha na Stát geanúil go leor ar ríthe agus impirí faoi láthair’'