An Claiḋeaṁ Soluis – ‘In ainneoin a bhfuil déanta ag Conradh na Gaeilge tá an tromshuan fós ar na daoine’

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (21 Deireadh Fómhair 1916) …uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

An Claiḋeaṁ Soluis – ‘In ainneoin a bhfuil déanta ag Conradh na Gaeilge tá an tromshuan fós ar na daoine’

Claíomh-144

29. (Iomlán 965.               Cláraithe mar pháipéar nuachta               Deireadh Fómhair 21, 1916               Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Bhí Cuallacht na Fírinne Caitlicí i gcomhdháil i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Ní hé an creideamh is mó a bhí i gceist acu, ach ceisteanna móra eile a bhaineann go dlúth lenár saol. Rinneadh caint agus conspóid faoin lucht oibre, faoin mbunoideachas, agus faoi dhéantúsaí Éireannacha. Thugamar faoi deara nach raibh aon duine den lucht oibre ar na cainteoirí, agus gur duine de lucht stiúrtha an Bhoird Náisiúnta a labhair faoi oideachas, agus nach raibh aon duine a bhain le déantúsaí Gaelacha le labhairt orthu.

D’fhoilsigh an Chuallacht blianta ó shin leabhrán a scríobh sagart Gearmánach. Tugadh sa leabhrán sin cuntas ar an bhfeabhas a cuireadh ar a pharóiste ó tháinig an sagart ann. Paróiste tuaithe ab ea é. Bhí na daoine gan mórán eolais ar thalmhaíocht, ná ar choillteoireacht, agus gan ceardaíocht a fheileann don tuath. Duine tuisceanach agus duine gníomhach a bhí sa sagart. Ba léir dó go raibh easnamh orthu agus níor chodail sé go sámh nó gur cheap sé slí chun a gcur ar bhealach a leasa.

Ní hé amháin gur cheap sé comhairle ach chuir sé féin an chomhaire i ngníomh ionas go mba léir do na daoine gur ar mhaithe leo a bhí an sagart agus nach caint san aer a bhí á scaoileadh aige. Ba ghearr go raibh eolas cruinn ag na daoine ar thalmhaíocht agus ar choillteoireacht. Bhain siad púicín an aineolais díobh agus chuir siad feabhas orthu féin i ngach slí. D’fhoghlaim siad siúinéireacht agus gréasaíocht, dhá cheird a fheileann go mór d’aicme tuaithe.

Comhairle a cuireadh i bhfeidhm agus ar tháinig toradh uirthi atá sa leabhrán agus molaimid don Chuallacht ar fad é a léamh. Is fearr eiseamláir ná comhairle agus is eiseamláir atá sa leabhrán. Tá Cuallacht na Fírinne ar nós go leor cumann eile. Tagann siad le chéile uair sa bhliain. Déanann siad a lán cainte ciallmhaire. Scaipeann siad arís agus ní dhéanann siad aon iarracht mhór chun an chomhairle a chur i ngníomh. Cuireann an Chuallacht leabhair mhaithe i gcló, caithfear é sin a admháil, ach ní ar fhoilsitheoireacht leabhar a bhíonn an Chomhdháil ag caint.

Tá coiste ban i mBaile Átha Cliath a fhóireann ar dhílleachtaí bochta, agus is maith an obair atá ar siúl acu. Tá coiste fear a bhfuil scoil acu do bhuachaillí na sráideanna. Ní heol dúinn aon choiste den Chuallacht a bheith ag obair faoin tuath. D’fhéadfaí obair mhór a dhéanamh faoin tuath. D’fhéadfaí hallaí a chur ar bun; d’fhéadfaí ceardaíocht a chur chun cinn; d’fhéadfaí eolas cruinn ar fheirmeoireacht a thabhairt do na scológa; d’fhéadfaí scoileanna oíche a chur ar bun ina mhúinfí an Ghaeilge agus stair na hÉireann. D’fhéadfaí foirne ceoil agus drámaíochta a theagasc ionas go dtiocfadh leis na daoine siamsaí a sholáthar dóibh féin.

Tá cóir ag Caitlicigh chun na rudaí sin ar fad, nó d’fhéadfaidís an chóir a sholáthar. Tá na paróistí tuaithe gan hallaí; níl scoileanna oíche do na daoine óga; níl foirne ceoil ná drámaíochta acu. In ainneoin a bhfuil déanta ag Conradh na Gaeilge tá an tromshuan fós ar na daoine. Níl an chóir ag Conradh na Gaeilge. Níl an cumhacht againn mar atá ag an Eaglais. Cén mhaith a dhéanfaidh Comhdháil in aghaidh na bliana mura ndéantar obair de réir comhairle na Comhdhála?

Más maith leis an Eaglais – agus is rómhaith léi – an t-ólachán a chur faoi chois, agus an imirce a chosc, agus an Galldachas a chur soir amach, caithfidh Caitlicigh cóir oideachais a chur ar bun dóibh féin. Ní dhéanfaidh an Rialtas dóibh é. Feileann sé do rún an Rialtais an slua Éireannach a bheith aineolach. is fusa go mór slua aineolach a chasadh agus a stiúradh ar mhaithe leis an Rialtas ná pobal tuisceanach eolach. Cuir i gcás na déantúsaí: is iad an lucht gan eolas a cheannaíonn earraí Gallda agus nach gcuireann suim i ndéantúsaí a dtíre féin.

Tá locht eile againn ar an gComhdháil. Níl sí ag éirí Gealach. Níor léadh aon pháipéar Gaeilge i láthair na Comhdhála i mbliana. Is ionadh linn sin agus a liachtaí sin sagart atá ag obair i ngluaiseacht na Gaeilge. Labhair Francaigh agus GallGhaeil i láthair na Comhdhála, agus coimisinéir den Bhord Gallda, ach ní raibh focal Gaeilge le clos, ná trácht uirthi. Tá an Chomhdháil ag dul in aois agus ba cheart di an Ghaeilge a chleachtadh sula n-éiríonn sí liath.