An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo

Tá an-áthas ar Tuairisc.ie agus Conradh na Gaeilge comhthogra nua a fhógairt. Uair sa tseachtain as seo amach foilseofar leathanach amháin ón iris “An Claiḋeaṁ Soluis”. Foilseofar íomhá den iris féin in éindí le leagan caighdeánaithe den téacs go dtuige ár léitheoirí ar fad ar scríobhadh. Feasta beidh beathaisnéis na scríbhneoirí á gcur ar fáil ag ainm.ie freisin. Níl le déanamh ach gliogáil ar ainm na scríbhneoirí.

An Claidheamh Solais 02

 

4                      An Claidheamh                      Feabhra 6, 1915

Músclaímis

Bhí díospóireacht agam le fear de lucht leanúna Charson ar na mallaibh agus le linn na díospóireachta tháinig ormsa trácht ar an rud a rinne uachtaráin Bhéal Feirste nuair a iarradh orthu an Ghaeilge a chur ar chlár scoil na Ceardaíochta sa chathair sin.

“Ní dada sin,” arsa seisean. “Ní chuirtear Gaeilge in úsáid i ngraithe poiblí ar chor ar bith.”

“Chuirfí in úsáid í ndiúltódh muintir na Gaeltachta graithe ar bith a dhéanamh le muintir na mbailte móra ach fríd an Ghaeilge,” arsa mise.

“Chuirfí,” arsa fear Charson, “ach ní dhéanfaidh siad sin.” Is iomaí uair ó shin a smaoinigh mé ar an “ní dhéanfaidh siad sin” úd. Níor fhéad mé gan smaoineamh gur ionann barúil atá ag an fhear úd agus ag daoine is mó cliú é ar mhuintir an Chonartha. Síleann siad nach mbíonn rúd ar bith againn ár mbagairt a chur i ngníomh agus ghní siad neamhiontas dínn. Agus cad chuige nach ndéanfadh? Bíonn sinn ag rá go ndéanfaimid na huafáis, ach tchí siad, mura bhfuil siad dall amach, nach ndéanann sinn na gníomharthaí beaga nach mbeadh moill orainn iad a dhéanamh agus ghní siad gáire faoinár nglórthaí móra.

Nach mithid dúinn múscailt? Deir na náisiúin mhóra go mbeidh ceart le fáil ag na cinn bheaga feasta agus mura músclaímidne gan mhoill déanfar dearmad gur náisiún sinn ar chor ar bith. Cuirimis in iúl don domhan mór go bhfuil na mílte sa tír seo a bhfuil teanga a sinsear acu ach nach bhfuil ceart dá laghad le fáil acu mura mbainfidh siad úsáid as teanga lucht a smachta. Sa Ghaeltacht ba cheart tosú ar an éagóir seo a chur síos. Déantar an cath sa Ghaeltacht agus bíodh an méad daoine a bhfuil meas ar an nGaeilge acu, is cuma cá háit a bhfuil cónaí orthu, ag cuidiú le lucht churtha an chatha. Baintear geall as lucht siopaí sa Ghaeltacht nach nglacann siad litreacha ar bith nach mbeidh seoladh Gaelach orthu agus gan orthu ach é. Baintear geall eile astu nach ligeann siad do Bhéarlóirí ainm ar bith a thabhairt orthu le teanga nó le peann ach a n-ainmneacha cearta Gaeilge a thabhairt do lucht graithe agus ní bheifí ag cur anáis ar aon duine ach ar mhuintir Oifig an Phoist, an dream ar mhaith linn é a chur orthu. Dá dtéimis ina chionn sin i gceart is é a mheasaim go n-éireodh linn an leithscéal bacach atá ag seoiníní na tíre seo i dtaobh úsáid na Gaeilge a bhaint díobh; agus ní amháin sin, ach dhéanfaimis rud ba mhó tábhacht ná é – chruthóimis do mhuintir na Gaeltachta go bhfuilimid dáiríre, rud nach gcreideann siad faoi láthair.

Seán Mac Maoláin


Scéala na Feirste

Léifear páipéar ar Sheán Réamonn i gCúinne na nGael Dé Domhnaigh. Bíonn cluiche cartaí sa gCraobh Rua gach oíche Sathairn ag an gCoiste Ceantair le hairgead a bhailiú don fheis. Oíche Déardaoin 11, beidh cluiche ag an gCumann Liteartha. Fuair lucht na feise dhá phunt ón Ardchraobh agus ó Chúinne na nGael.