An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (9 Deireadh Fómhair 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

An Claiomh

Uimhir 915                   Cláraithe mar pháipéar nuachta                   Deireadh Fómhair 9, 1915                   Pingin

Cúrsaí an tSaoil

An Ghluaiseacht sa Chathair

Tús Maith

Ní raibh mórán trácht ar obair na Gaeilge ar na páipéir an tseachtain seo caite ach ní fhágann sin nach raibh obair mhaith á déanamh ag Gaeil na cathrach. Bhí tionól breá mór ag muintir na hArdchraoibhe oíche Déardaoin. Osclaíodh taispeántas pictiúr i gCraobh na gCúig Chúige Dé Sathairn agus tháinig os cionn céad cuairteoir á mbreathnú. Bhí céilí ag na Céitinnigh oíche Dé Sathairn agus bhí slua croíúil Gaelach i láthair. D’éirigh leis na trí chruinniú go rímhaith agus níl baol ar bith nach mbeidh na ranganna go líonmhar i mbliana agus a fhonnmhaire is atá muintir an Chonartha faoi láthair.

“Seán na Gealaí”

Níl blas ar aon rud Gaelach ag na páipéir laethúla le bliain anuas. Ní raibh siad riamh ró-Ghaelach ar aon chuma, ach tá deireadh curtha leis an aiste Ghaeilge anois acu agus is túisce a chuirfidís tuairisc ar Sheán na Gealaí i gcló ná cuntas ar obair na Gaeilge. Tá siad ag caint gach maidin is tráthnóna ar náisiúin bheaga ach níl smaoineamh acu ar náisiún na hÉireann. Tuigtear a ngnó féin dóibh. Dá mbeadh fios cruinn an ghnó sin againn, bheadh meas againn orthu dá réir, agus ba bheag an meas sin. Labhair ‘Cú Uladh’ i láthair na hArdchraoibhe agus labhair sé go breá ciallmhar. Chuir sé síos ar an gcúl láimhe a thugann scoileanna Bhaile Átha cliath d’obair na Gaeilge. Agus bhí a chaint go stuama agus go láidir agus go múinte. Bhí cuntas ar an gcruinniú sa bhFreeman. Ní raibh caint ná ainm an chainteora luaite ann.

Theip ar Chromail

Ba mhaith le Gaill gan trácht a bheith ar an nGaeilge ná ar Éirinn. Ba chuma linn sin dá mbeadh Gaeil gan beann acu ar Ghaill ach níl siad, faraor. Is dóigh le cuid dár dtaoisigh go mba cheart ár dtír agus ár saol a stiúradh de réir tola na nGall. Tá siad ag obair le fada ar an aigne sin agus tá a shliocht orthu. Tá bob á bhualadh orthu ag na Gaill gach lá. Tá siad á ndeighilt féin ón bpobal ar eagla go gcuirfeadh an pobal múisiam ar Ghaill. Ní maith leis an bhfear thall an Ghaeilge, ná náisiúntacht Gael, agus ar an ábhar sin, is maith le claon-Ghaeil an Ghaeilge a chur ar ceal. Shamhlaigh “Cú Uladh” an Bord Oideachais le Cromail. Shíl seisean deireadh a chur le Gaeltacht. Tá an Bord agus na Seoiníní ag iarraidh an ruda chéanna a dhéanamh. Theip ar Chromail san obair agus teipfidh orthusan.

Seachtain na Samhna

Tá an t-ullmchúchán i gcomhair Sheachtain na Samhna ag dul chun cinn. Cloisfear scéal agus glór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath an tseachtain sin. Beidh mórchruinniú in Áras an Ardmhaoir oíche lae Samhna agus craolfar soiscéal na Gaeilge ann go bríomhar agus go neamheaglach. Tá na céadta scoil sa chathair a thug an chluas bhodhar don Chonradh fadó agus a thugann an aird chéanna ar an gConradh inniu. Beidh caint ar na scoileanna seo Lá Samhna. Nochtfar an fhírinne mar gheall orthu agus fiafrófar de phobal Bhaile Átha Claith an bhfulaingeoidh siad an chluas bhodhar níos faide.

Léiriú drámaí Gaeilge a bheidh ar siúl an dara hoíche. Beidh na hAisteoirí agus na Cluicheoirí ar ardán Amharclann na Mainistreach an oíche sin. Beidh coirmcheoil san áit chéanna an tríú hoíche. Beidh céilí mór againn oíche Dé Sathairn. Déanfar dianiarracht le linn na seachtaine le scéal na Gaeilge a chur os comhair mhuintir na cathrach agus féachfar le daoine a mhealladh isteach sna craobhacha. Beidh slógadh mór á dhéanamh ag cairde na Gaeilge. Déanfaidh an slógadh maitheas mór. Cuirfidh sé misneach inár gcroí féin. Crochfaidh sé suas an t-aigne atá fann agus taispeánfaidh nach bhfuil lucht cosanta na Gaeilge taobh le beagshlua. Ní mór dúinn ár neart a bhailiú le chéile uair sa bhliain agus an neart sin a thaispeáint agus é a imirt freisin b’fhéidir.

Balla Tógtha ar Ghaineamh

Is linne Éire. Cuimhnímis air sin. Agus is le hÉirinn sinne. Tá seasamh Éireann orainn. Tá ár seasamh ar Érinn. Níl rí againn lenár ndualgas a chur in iúl dúinn. Níl rialtas againn le hÉirinn a choimeád agus a chosaint. Caithfimid ár ndualgas a mheabhrú dá chéile agus ár neart a chur le chéile chun ár ndúchas a chosaint. Ní hábhar náire dúinn cúis seo na Gaeilge agus rachaidh sí chun cinn go buacach má sheasaimid ár gceart. Ba bhocht an bunadh a lifgeadh a ndúchas ar ceal agus a thréigfeadh é ar eagla roimh allmhuraigh. Ní dhéanfaimidne faillí inár ndualgas agus beidh an tír go léir linn ar ball nuair a fheicfear go soiléir nach bhfuil meas againn ar an iasacht ná eagla orainn riamh Gallaibh. Tá seasamh an Ghalldachais inniu ar an aineolas. Balla atá tógtha ar ghaineamh séidte is ea an t-aineolas agus titfidh sé óna chéile chomh luath agus a chuirfear piocóid faoi.

Leigheas Sagairt Chorcaí

Tá Gaeil dall agus caoch ar a leas féin ag an oideachas Gallda. Tá an t-oideachas sin fréamhaithe go daingean i gcathair Bhaile Átha Cliath. Tá oidí agus bainisteoirí agus coimisinéirí ag teacht suas ar mhuintir na hÉireann. Ba cheart go mbeadh aird ag lucht stiúrtha an oideachais ar mhuintir na hÉireann. Níor thug siad aon aird ar an gConradh le fiche bliain. Seachnaígí, a lucht oideachais. Brisfidh an fhoighne ar an bpobal lá éigin. Bhí sagart ag caint i láthair lucht na Gaeilge i gCorcaigh an lá cheana. Dúirt sé go mba cheart na scoileanna Gallda a dhó go talamh.

Na Balcáin

Thiomsaigh an Rialtas Bulgárach an t-arm an tseachtain seo a ghabh tharainn agus rinne siad sin gan cath a fhógairt ar aon tír eile. Is dóigh leis na Cairde gur chucu féin atá na Bulgáirigh agus tá siad tar éis arm ionsaithe a chur i dtír sa Ghréig. Tá arm na Gréige tiomsaithe agus réidh chun cogaidh ach ní ligfidh arm na gCarad i dtír gan troid agus gan ach gearán a dhéanamh. Is baolach go mbeidh na Balcáin ar fad i scornach a chéile gan mhoill. An Tuirc agus an Bhulgáir in aghaidh na Seirbe agus na Gréige, an Ghearmáin ag cabhrú le taobh amháin, agus na Cairde leis an taobh eile.

Leabar Nua

Ta leabhar ar ‘Litríocht in Éirinn’ á chur amach ag Tomás Mac Donncha. Déanfaidh Tomás trácht ar litríocht idir Bhéarla agus Ghaeilge.

Má mheabhraíonn an Claidheamh duit dul go dtí siopa áirithe ag ceannach earraí, ná fág an siopa sin gan an Claidheamh a lua.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (9 Deireadh Fómhair 1915)'