An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (4 Meán Fómhair 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claoimh

Meán Fómhair 4, 1915                                            An Claidheamh                                            3

Gar don Ghaeltacht

An tráth ba láidre don Chonradh, bhímis ag machnamh go dian ar gach ceist a bhain leis an nGaeilge agus le hoideachas Gaelach. Smaoinigh ar bhearta maithe chun an náisiún a chosaint ar an nGalldachas. Is iomaí duine a raibh ceapadh maith nó síleadh aibí aige.

Cuireadh cuid de na smaointe i ngníomh agus cuireadh i bhfeidhm corrcheapadh a chuaigh chun tairbhe don tír agus don teanga. Imíonn an taitneamh de gach ní agus níor thaise leis an ngluaiseacht s’againne é. Níor fhan in éadan na hoibre ach an dream beag a raibh a gcroí is a n-anam sáite inti. Ní raibh gluaiseacht na hoibre chomh mear leis an machnamh agus ní raibh foighid ag a lán fanacht leis an obair agus le toradh na hoibre. D’éiríodar as an obair agus d’imigh an machnamh féin i léig. Ní mhaireann an machnamh gan cothú mar is í an obair a chothaíonn an machnamh. Éiríonn na smaointe as an obair agus as an gcleachtadh. Caithfear gach nuacheapadh a phromhadh. An té a bhfuil smaoineamh aige nó ceapadh ní mór dó a phromhadh sula gcraolann sé é. Má thagann toradh air, éireoidh leis. Is fearr an fógra an toradh ná caint mholta, dá gcuirfeá an chaint ar fhógráin ildaite ar bhallaí na tíre. Molann an toradh an ceapadh. “Aithnítear an crann ar a thoradh”.

Táimid ag tosú ar an machnamh arís agus táimid ag suí níos fearr faoi láthair chun síleachtála a chur i ngníomh ná mar a bhíomar roinnt blianta ó shin. Tá na múinteoirí níos fearr againn agus níos líonmhaire. Tá leabhair níos fearr agus níos fairsinge againn. Tá caoi agus cóir don obair nach raibh le fáil deich mbliana ó shin. Tá ciall againn anois fanacht in éadan na hoibre agus dul ar aghaidh a dhéanamh de réir ár n-éifeacht agus ár saoirse.

Chonaiceamar ar an “Leader” an tseachtain seo caite moladh maith ag Domhnall Ó Corcraigh. Ba chóir, a deir sé, litríocht gach ceantair a bhailiú agus a fhoilsiú i leabhair do mhuintir na háite agus do dhaoine nach iad a thogródh a léamh. Níl sé ag iarraidh ar an gCoiste Gnó an obair seo a dhéanamh ná an t-airgead a fháil chuige. Ba chóir do bhunú gach ceantair an litríocht agus an t-airgead a sholáthar. Tá timpeall deich gColáiste Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá ollúna i ngach coláiste acu atá in ann litríocht a chnuasach agus a scothadh  agus a chur in eagar, agus níl aon easpa airgid ag a bhformhór. Is eol dúinn go bhfuil na mílte punt i dtaisce ag cisteoirí na gcoláistí. Ní dóigh linn gur chuir aon choláiste Gaeilge leabhar Gaeilge amach fós. Tá thar am dóibh tosú a dhéanamh.

easpa na leabhar an t-easnamh is mó ar an nGaeltacht. Tá an oiread leabhar againn agus a choinneodh na Gaeilgeoirí ag léamh go ceann cúig bliana, ach níl siad ag léamh. Níl a fhios ag na Gaeilgeoirí go bhfuil na leabhair ann. Ní thig leis an gConradh leabhair a scaipeadh in aisce agus níor mhaith an rud a dhéanamh, ach tig linn buíonta chun léitheoireachta a chur ar bun ar fud thír na Gaeilge.

an saol duairc a dhóithín faoin duath agus ní go réasúnta atá cóir léitheoireacht in aon áit. Tá an t-eolas ar Éirinn ag dul ar ceal de réir mar atá an Béarla ag fáil treise ar an nGaeilge. Ach tá an mhuintir óg ag foghlaim léitheoireachta agus ba cheart dúinn iad a chur ag obair. Dhéanfaimis gar mór dóibh buíonta a chur ar bun dóibh agus duine acu a chur i bhfeighil gach buíne. Nuair a bheadh an léitheoireacht ar siúl tamall, thiocfadh neart sa Ghaeilge agus chuirfí an Béarla ar gcúl arís sa Ghaeltacht.

Tugaimis aghaidh ar an nGaeltacht feasta.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (4 Meán Fómhair 1915)'