An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (27 Feabhra 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris “An Claiḋeaṁ Soluis”

Claiomh 5

Uimhir 883,               Cláraithe mar pháipéar nuachta               Feabhra 27, 1915               Pingin

Cúrsa an tSaoil

An Focal Mór

An Leithscéal

Is iontach den saol an spéis a bhíonn i ráiméis ní hea ag daoine amháin ach ag náisiúin mhóra. Ní túisce a théann tír chun cogaidh ná mbíonn focal mór éigin ag lucht an rialtais. Is mian leo an chluain a chur ar a muintir féin i dtaobh ábhair an chomhlainn. Chor leis sin is maith leo meas a fháil ó na tíortha nach bhfuil ag troid leo. Is maith agus is rómhaith atá a fhios acu caidé an fíorábhar atá leis an gcogadh ach is fearr leo leithscéal breá eile a fhógairt thart amuigh le folach a chur ar an tuathal atá ar siúl acu. Ba iad an t-éad agus an tsaint agus an dúil i gcuid an fhir thall ba phríomhábhar le gach uile chogadh a bhí riamh ann ó thosach an domhain. Dar ndóigh ní luíonn sé le nádúr go dtuigfeadh Sasana, ná an Phrúis, ná Rialóir na Rúise brí na bhfocal gránna úd. Ní bhíonn éad ná saint acu. Ní raibh a leithéidí riamh acu. Ní dheachaigh a súil riamh thar a gcuid. Ní féidir rud ar bith den tsórt sin a chur ina leith agus iad ag bagairt báis ar náisiún eile nach bhfuil chomh mór ná chomh láidir leo féin. Caithfidh siad leithscéal maith eile a ghlacadh chucu féin faoin obair atá ar siúl acu. Caithfidh siad focal mór a fháil chun téacs a thabhart do na seanmóirí Domhnaigh agus do na fir onóracha a scríobhfaidh aistí na bpáipéar nuachta.

An tSíocháin

Is iad impirí agus ríthe na hEorpa go háirithe a mbíonn focal mór den sórt úd ar a mbéal acu. Ní bhíonn fear leathrom gan leithscéal. Timpeall agus leathchéad bliain ó shin ba é an tríú Napoleon, Impire na bhFrancach, an fear ba mhó dá raibh i gcoróin sa Roinn Eorpa. Ba é focal mór a bhí i gcónaí ar a bhéal aigesean ná “An Impireacht, is ionann sin agus an tSíocháin.” Dhún cogadh a scaoil an t-impire céanna ar náisiún eile nach ndearna sé óráid i dtosach ag cur síos ar an tsíocháin. Nuair a chuir sé dúshlán faoin bPrúis sa bhliain, 1870 níorbh fhalsóir é dá chur i gcéill don saol gurbh í an tsíocháin ab ábhar leis an troid. “Atá ceaptha agam,” arsa é, “síocháin síorbhuan a chur ar bun san Eoraip.” Atá a fhios againn go léir nach raibh i Napoleon III ach gadaí gan náire agus feallaire fuilteach. Bhain sé a choróin ríoga amach as deargfhuil mhuintir Pháráis tar éis dó a bheith ag lua na mionn go gcosnódh sé an cine Francach ar ionsaí éinne a dhéanfadh cur isteach ar bith orthu. Thug sé a choróin ríoga uaidh i láthair Prionsa von Bismark ar mhachaire an áir i ngar do bhaile mór Sédán agus na saighdiúirí dona ag spalpadh na mílte mallacht ar a cheanna fealltóra. Bhí dath na fola air ó thús deireadh a bheatha ach ba í “an tsíocháin” an focal a bhí i gcónaí ar a theanga.

“Civilization”

Is maith is cuimhin leis an bhfarasbarr againn an troid a bhain Sasana as na Bóraigh atá cúig bliana déag ó shin. Dar ndóigh níorbh é ór ná clocha luachmhara na Transbhaala a bhí ó na Gaill. Ní raibh tír ná talamh ag teastáil uauth, atá a fhios againn. Dúirt Tiarna Salisbury féin nár shantaigh an Bhreatain Mhór a thuilleadh talún. Ní raibh de dhíth ar na Sasanaigh ach brí an “Civilization” a chur i gcéill do Phól Kruger agus dá chuid Bórach. An Civilizaion, sea! Sin é focal mór cine  an tSacsbhéarla. Is maith atá seaneolas againn in Éirinn ar bhrí an fhocail. Is é civilisation Sasana an civilisation is fearr agus is orainn féin atá an milleán muna bhfuil ár lánstád againn de. Is fíor go bhfuil an cine Gaelach scaipthe ar fud an domhain bhraonaigh. Is fíor go bhfuil teanga agus sean-nósanna agus dea-bhéasaí na hÉireann i gcontúirt bháis. Is fíor go bhfuilimid faoi smacht Gall i gcónaí gan buíochas don “acht” iontach atá geallta dúinn chomh tiubh géar agus a bheidh Seán Buí réidh leis an gKaiser. Is fíor go bhfuil aos óg na tíre ag imeacht agus ag síorimeacht agus gan aon stad leis an imirce. Is fíor an méid sin go deimhin agus a lán eile, ach ar an taobh eile den scéal atá civilization Shasana againn. Is amhlaidh atá a rian le tabhairt faoi deara ar gach leith. Tá dlí na mbocht againn agus tá jerry hats. Tá scoileanna “náisiúnta” agus cártaí pósta gairsiúla againn. I leaba tí cinn tuí atá corrugated iron ó Bhirmingham againn.’ droichid chrua ó Ghlaschú trasna na sruthán in ionad droichead cloiche. Tá siopaí breátha galánta gallda againn agus blúsaí bán, ó Mhanchester agus stocaí síoda ó Choventry agus bróga ó Northampton iontu agus iad uile ar fheabhas. Ba cheart dúinn a bheith sásta lenár gcuid féin den civilization Sasanach!

An Chultúir

Deile níl cogadh ar bith dá ndéanann Sasana nach mbíonn an focal seo “civilization” ar bharr a dteanga ag na daoine. Sáinn siad ópiúm (codailín) na hIndia síos isteach i ngoile na Síneach, ach, a ghrá! ní mór civilization a mhúineadh don fhear buí! Briseann arm Shasana tuaim an Mhahdí sa tSúdáin ina smidiríní. Sin civilization. Má mhilleann náisiún éigin eile Ardteampall Reimse sa Fhrainc, sin – sin scéal eile ar fad! “Civilization” na Sasanach agus “Kultur” na bPrúiseach is dhá mhar a chéile iad. Is í an “chultúir” seo (más cead dom focal Gaeilge a dhéanamh de) focal mór nó alamais chainte na nAlmánach. Is amhlaidh atáimid bodhar, nach mór, ó a bheith ag éisteacht leis. Ní théann na hAlmánaigh chun cogaidh tháinte  go mbainfidh siad píosa eile talún ó na Francaigh. Ní theastaíonn coilíneacht nó calafort farraige nó cumhacht an-mhór ó Chlann Wilhelm. Ní theastaíonn uathu ach a gcuid cultúire a leathadh ar fud na bhfud mar is í cultúir na sean-Ghearmáin an chultúir is fearr. Gan amhras ar bith atá boladh an phúdair ag baint leis an gcultúir seo ar an gcaoi nach dtaitníonn sí le gach aon duine. Ní thaitníonn cultúir na Prúise le Pléimeannaigh Beilige go háirithe. Níl na daoine úd so-chomhairleach. B’fhearr leo go mór seanchultúir Lóbháin ná an chultúir úr nua atá curtha ar bun ag von Kluck agus ag na hardmhúinteoirí eile san áit sin agus in áiteanna eile i bhFlóndras. Ní thaitníonn cultúir na bPrúiseach leis na Polannaigh dímhúinte, dall intleachtacha, agus níl aon ionadh ach an glonn atá ag na hAlsásaigh in aghaidh na cultúire céanna. Dream contráilte atá iontu agus a rá gur fearr leo cultúir na bhFrancach “meata” an chultúir a thug Beirlín don Alsáis agus don Lorráin le caitheamh ceithre is dá fhichead bliain. Ní áirím muintir na Fraince atá ag foghlaim chultúr an chine almánaigh ar lomlán a ndíchill faoi láthair agus bróga móra na bPrúiseach agus na mBabárach á spreagadh chuige.

Is cuma cad é an focal a chuirtear mar ainm air, is é an rud céanna é agus impireacht mhór ag troid le náisiún beag. In aimsir cogaidh a ghnítear broid agus goid agu sdrúis agus murdar agus obair ifrinn ar fad faoi leithscéal…

Tá páipéar nuachta againn sa deireadh. Más maith leat é a bhuanú tabhair lámh cúnta dó.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (27 Feabhra 1915)'