An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (24 Aibreán 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claoímh soloais

Uimhir 891                    Cláraithe mar pháipéar nuachta                    Aibreán 24, 1915                    Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Curaíocht

Arm na Gearmáine ag Trodaíocht agus ag Talmhaíocht

Le F. H. Gailor

“Chun taispeáint duit mar a bhreathnaíonn muid romhainn,” arsa Oifigeach Gearmánach liom ag Sedan, “tá againn anseo thíos níos mó 75,000 acra faoi churaíocht – cruithneacht agus fataí. Tá súil againn go n-íosfaidh na Francaigh toradh ár gcuid saothair agus go mbeidh an cogadh thart nuair a bheidh an cruithneacht agus na prátaí réidh le baint, ach mura mbeidh sé thart beidh an fómhar ag an arm.”

Feirm an Airm

Cúpla lá tar éis seo thug an Major beag ramhar thart timpeall “Feirm an Airm” mé. Is é an Major beag a rinne timireacht agus bainisteoireacht ar an obair go léir. Bhí mar bhainisteoir ar dhúiche mór i bPomerania sular bhris an cogadh amach. Is mó go mór an gean a bhí aige ar thalmhaíocht ná ar throdaíocht. Nuair a thráchtfadh sé ar an bhfeirm, nó cúrsaí na feirme, ba fear eile ar fad a bhí ann; lasadh a dhá shúil mheidhreacha istigh ina cheann agus cheapfá nárbh é an duine céanna é beag ná mó. D’inis sé le bród agus gliondar dom an feabhas agus an slacht a chuir an Ghearmáin ar ghléas talmhaíochta, ar leasú, agus ar ghléas curtha agus bainte prátaí.

Ar thaisteal dúinn i mótar, nó gluaisteán airm ó Sedan go Rethel níor stad sé ar feadh an achair sin ach ag insint dom i dtaobh na modhanna seanda talmhaíochta a bhí sa tír nuair a tháinig arm na Gearmáine isteach inti. “Níl a fhios acu chun úsáid a dhéanamh den rud atá acu,” a deir sé, agus shín sé a mhéar anonn chuig carnán mór aoiligh a bhí os comhair dorais tí amach, agus as sin shín sé an mhéar chéanna anonn chuig doire beag coille a bhí i gceart lár páirce – “Cailleann siad níos mó leath maitheasa an leasuithe ceal nach mbíonn an carn aoiligh déanta i bpoll acu, agus maidir le cúrsaí crann níl a fhios acu beag ná mór faoi sin.”

An Cros Iarainn

I bpoll cnaipe ar bhileog a chóta bhí ribín dubh agus dá stríoca bána ina lár. Seo é comhartha na croise iarainn. D’fhiafraigh mé de an raibh sé riamh sna trinsí. “Ní rabhas,” ar seisean, “ach muna raibh mé sna trinsí chuir mé na páirceanna móra sin ar fhad do radhairc thart timpeall. Nuair a rinne mé sin mhéadaigh mé an bia don arm. Glacadh é sin mar mharc agus mar chomhartha go ndearna mé mórmhaitheas ar son mo thíre dhúchais; facthas sin do mo cheannfort ar chuma ar bith agus mhol sé do chumhachtaí an airm an onóir agus an gradam sin a thabhairt dom. Tugtar an comhartha onóra agus gradam seo, ní amháin ar son gníomhartha gaiscíochta agus calmachta a dhéantar ar pháirc an áir, ach tugtar é ar son gach saothair mhaith a dhéantar ar son na tíre. Tugann an Ghearmáin gradam dá cuid fear oibre ar son a saothair, chomh maith is a thugann sí cuid saighdiúirí. Tá na saighdiúirí ag feitheamh ar na hoibritheoirí chun a mbeatha, mar ní thig leo troid gan neart bia. Tá eolas maith agamsa ar thalmhaíocht – níos mó i bhfad ná atá agam ar shaighdiúireacht – agus ó , déantar úsáid den eolas sin. Ní chuireann an Ghearmáin fear in aon áit ach san áit is fiúntaí agus is tairbhí thír é. Bíonn an fear ceart san áit cheart againne i gcónaí. Ní sceach i mbéal bearna a bhíonn againn.

Tuathaigh agus Saighdiúirí

Nuair a chuamar thar bhaile darb ainm Rethel, agus ó dheas de ar feadh ceithre mhíle, d’iompaíomar soir le teorainn theas na feirme móire. Is é Treas Arm na Gearmáine atá ag oibriú na feirme seo. Chuamar thar go leor gort a raibh na saighdiúirí agus na tuathaigh ag obair taobh le taobh. I gcuid de na goirt chonaiceamar saighdiúirí ag tiomáint capall airm, agus go minic cairteanna airm agus lena dtaobh bhí tuathaigh ag siúl ag croitheadh síl nó ag scaradh aoiligh le píce.

B’fhearr leo talmhaíocht ná saighdiúireacht

D’iarr mé de chuid de na tuathaigh se ar chuir na Gearmánaigh faoi deara dóibh oibriú. Dúradar (Go L. a 6)…

Nuair a cheannaíonn tú an Claidheamh cabhraíonn tú le cúis na Gaeilge. Tá do chabhair uainn anois.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (24 Aibreán 1915)'

  • Fearn

    “Dúradar (Go L. a 6)…”

    Trua nach bhfuil L. a sé againn!

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Aon seans ar lch 6?….