An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (22 Iúil 1916)

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (22 Iúil 1916) …uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

C Solais

16 (Iomlán 952).                       Cláraithe mar pháipéar nuachta                       Iúil 22 1916                       Pingin

Cúrsaí an tSaoil

“Mo Scéal Féin”

N’fheadar an bhfuil ‘Scéal Féin” an Athar Peadar Ó Laoghaire léite ag a lán daoine fós. Níor airigh mé mórán trácht air ag na daoine a bhuail liom le deireanaí, pé in Éirinn é. Ach leabhar is ea é gur mór is fiú a léamh. An dream a cheapfaidh gurb iad féin tosach agus deireadh stair na cruinne, b’fhearr dóibh scéal an Athar Peadar a léamh. Am neamhbhuan ar fad is ea an t-am seo atá ann faoi láthair. Déarfar gur féidir é sin a rá i dtaobh am ar bith, agus gur gluaiseacht gan stad an saol daonna. Is fíor sin. Tá, mar a déarfá, síorghluaiseacht ann; ach is léir go bhfuil buaine ag baint le rudaí seachas rudaí eile. Cuir i gcás: an cogadh seo ar Roinn na hEorpa, an tÉirí Amach inár dtír féin – imeachtaí is ea iad nach féidir a bheith buan. Rud eile; na smaointe a fhásfaidh as na himeachtaí sin, ní buansmaointe iad, an chuid is mó díobh. Rachaidh ar neamhní. Ní faide a ré ná ré sneachta a leáfaidh faoi ghealghaoth gréine, ná ré deataigh na ngunnaí móra, dá mhéid a bhfothram.

Tráchtann an tAthair Peadar ar rudaí coitianta – beatha feirmeora, siúlóidí faoin tuath, eagla linbh roimh ghandal uafásach, dreapadóireacht go mullach sléibhe, obair scoile, idir fhoghlaim agus mhúineadh, beatha mic léinn i Maigh Nuad, gnó sagairt dílis, cúrsaí polaitíochta agus a leithéid. Déarfaidh lucht na bpáipéar laethúil a léamh, a bhfuil dúil acu sa mhórlitríocht, nach bhfuil mórán sa méid sin. Eachtraí atá uathu, gleo, marú, cuimil an mhála. Tá go maith. Ach deirimse nach buan na rudaí sin, agus gur mífholláin an taithí – aigne a bheith tugtha suas do smaoineamh ar a leithéid. Aithris an Athar Peadar, is aithris fhir chneasta mhacánta a rinne a dhualgas lena linn féin é, fear a chosain ceart a chomharsan, sagart a chaith é féin ag tabhairt aire dá thréad, gan fimíneacht, gan buaileam sciath, gan gleo, Gael a thuig an meath a bheith ag teacht ar a theanga dhúchais agus a sheas i mbearna an bhaoil, bail ó Dhia air. Ag seo faoi deireadh an rud is daingne a luífidh isteach ar m’aigne, ar léamh an leabhair seo dom. Gael go smior is ea an tAthair Peadar. Cad is mian liom a rá? Tá a fhios againn cad is Gaeltacht ann inniu. Cúinní beaga den tír. Ritheann sé leat ag léamh scéal an Athar Peadar duit go raibh Éire beagnach uile ina Gaeltacht san am a rugadh is a tógadh é. Is cosúil go bhfuil fios an méid sin ag gach éinne, ach ní hionann fios scéil a bheith ag duine agus an scéal a thuiscint i gceart agus go hiomlán. Is é an tAthair Peadar an t-aon duine amháin a bhfuil ar a chumas cuntas cruinn a thabhairt dúinn i dtaobh an tseansaoil sin atá ag imeacht chomh héasca sin as ár gcuimhne. Nílim ag rá nach bhfuil glanGhaeltacht ann fós anseo agus ansiúd, agus tá a fhios agam go bhfuil nua-Ghaeltacht á fréamhú ar fud na tíre, ach, ina dhiaidh sin is uile, rud faoi leith is ea an ‘Ghaeltacht’ anois, saghas iontais é a dhéantar turas chun a fheiceála. Ní mar sin don Ghaeltacht nuair a rugadh Peadar Ó Laoghaire. Gaeltacht fhairsingeach fhorleathan ba ea í. Ní raibh a fhios ag an nGael gur Gael é, más intuigthe sin. Níorbh ionadh ar bith san am sin Gaeilge a bheith ag gach éinne. Is éard a bhí iontach ná Béarla a bheith chomh maith sin ag máthair Pheadair Uí Laoghaire gur tháinig léi é a mhúineadh dá mac.

Is deacair cur síos go hiomlán ar a bhfuil sa leabhar seo. Tá dhá phonc áfach a ndéanfainn tagairt dóibh. Chuimhnigh an tAthair Peadar ar neart scéal i dtaobh comharsana is daoine eile a bhuaileadh leis, scéalta beaga simplí, scéalta a d’inseodh fear lách groí, nádúrtha, cuid acu greannmhar, cuid acu brónach. Ní dhéanfar dearmad ar Pheig na croise, ná ar Mháire Rua ná ar an duine bocht Pádraig Ó Buachalla. Fear bocht ab ea é seo, fear gan strus, gan léann, ach rinne sé gníomh calma cróga curata. Ní insíonn an gnáthstaraí a oidhe sin, ní chanann na filí é. Mo ghrá thú, a Athair Peadar gur chuimhnigh tú orthu siúd. Chuir tú in iúl dúinn chomh láidir is atá grá Dé agus grá an duine istigh i do chroí féin. Is ionann áille agus fírinne de réir Keats: bun agus barr litríochta is ea iad leis.

Gheobhaidh tú litríocht i scéal an Athar Peadar. An dara ponc: is breá an leabhar “Mo Scéal Féin” mar stair. Chonaic Peadar Ó Laoghaire an gorta agus é ina gharsún (sa bhliain 1839 a rugadh é). Na staraithe is mó clú, is ó na leabhair a fhaigheann siad a gcuid faisnéise. Cuireann an tAthair Peadar síos ar rudaí a chonaic sé lena shúile féin, an Gorta, Éirí Amach na bhFíníní, an troid idir tionóntaí agus tiarnaí, an t-athrú is mó in Éirinn le 200 bliain. Sa troid sin rinne an tAthair Peadar cion fir, agus tá go leor le rá aige ina thaobh. Deirim gur stair thábhachtach atá scríofa aige ar an gceist seo go háirithe. Scríobhann sé go réidh simplí, gan stocaireacht gan focail chrua fhada ealaíonta an ghnáthstaraí. Is trua nár inis sé tuilleadh i dtaobh a ndearna sé ar son na Gaeilge. Níl ach fíorbheagán ina thaobh seo sa leabhar. Is amhlaidh a cheap sé go raibh a scéal sin sna leabhair a scríobh sé. Ach ar a shon sin féin is mór an tsuim a chuirfimis i mioneolas ar bith i dtaobh conas agus cathain ar chum sé iad. Fágann an tAthair Peadar slán ag a léitheoir agus fonn air seo tuilleadh faisnéise a fháil uaidh ar a lán rudaí eile a bhaineann leis féin agus le hÉirinn agus le cúis na teanga. Ar chuma ar bith molann an fonn sin an obair. Go dtuga Dia ré fada faoi shéan don Athair Peadar agus sláinte chun a thuilleadh seod a thabhairt dúinn ón stór uasal a bhronn Sé air.

Proinnsias Airmeas