An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (22 Aibreán 1916)

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (22 Aibreán 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claidheamh Graphic

22 Aibreán, 1916 An Claidheamh 11

Mionscéala

Ó Méith agus Tír Eoghain

Cuntas Pháraic Uí Chonaire

Ó Méith

Chaith mé ocht lá nó naoi lá anseo. Bhí an aimsir go cráite ach chuardaigh mé gach baile fearainn sa pharóiste a bhfuil an teanga á labhairt ann. Is beag duine san áit nár chuir mé a bheag nó a mhór de chaint air i nGaeilge.

Staid na teanga in Ó Méith

Scoileanna: go dona. Beagán Gaeilge i gcúpla ceann acu. Na hoidí neamhshuimiúil nó in aghaidh na Gaeilge ach amháin aon oide cúnta amháin agus tá sise an dúthrachtach.

Na sagairt, gan Gaeilge. Na siopaí, gan Gaeilge. Go deimhin níl aon duine san áit a bhfuil údarás aige a bhfuil Gaeilge aige. Na daoine féin, lagspiorad ag a bhformhór. Gaeilge ag gach duine atá os cionn 60 bliain ach ní labhraíonn siad í.

Mo bharúil féin

Tá an Ghaeilge ag fáil bháis ann. I gceann 30 bliain beidh sí chomh marbh ann is atá anois i gCill Mhantáin, mura ndéantar iarracht faoi leith í a sciobadh ón mbás.

Gaeltacht Thír Eoghain

Ceithre pharóiste ann a bhfuil an Ghaeilge go beo iontu fós mar atá.

Carraig Mhór – (aon bhaile fearainn amháin),

Caisleán Glas, Gleann Fhoichle (Gaelach go maith.

Goirtín (cúpla baile fearainn).

Caisleán Glas: oidí scoile an-dílis don teanga. An sagart paróiste sean, ach fabhrach don Ghaeilge. Shiúil mé gach baile fearainn ann nach mór agus bhí na Gaeilgeoirí i dteannta a chéile againn tar éis an Aifrinn agus chuireamar an Chraobh Rua ar bun. Spioraid maith sna daoine. Craobh den Chonradh ann.

Goirtín: Níl an paróiste seo ach go measartha i dtaobh Gaeilge. An sagart go neamhshuimiúil; na hoidí ar an nós céanna. Níor shiúil mé ach cuid bheag den pharóiste. Bhí cruinniú agam ar an aonach ann, agus caint mhór Gaeilge.

Gleann Fhoichle: an paróiste is Gaelaí i dTír Eoghain, an sagart paróiste in aghaidh na Gaeilge. Gan focal in aon scoil. Tá séiplíneach nua san áit agus deir sé go gcuirfidh sé múinteoir taistil ag obair ann san fhómhar. Déarfainn gur fear dá fhocal é.

Carraig Mhór: tá craobh ar an tsráid, an Gruaganach agus an tAthair Short crainn seasta na teanga ann. Ach is sa Ghalltacht atá cónaí orthu. An Creagán an baile fearainn a bhfuil an teanga beo fós ann. Níl aon rath ar an scoil.

Labhair mé faoi staid na teanga le sagairt agus oidí agus b’fhéidir go bhféadfaí coiste ceantair a chur ar bun ann. Tá spioraid mhaith, spioraid an-mhaith sna daoine féin. Tá meas acu ar an nGaeilge agus dá mbeadh an chaoi acu dhéanfaidís láidir sa cheantar.

Tá lucht polaitíochta láidir sa cheantar ach is trua liom nach bhfuil Gaeilge ag ceannfoirt na nÓglach ann nó an meas ceart acu uirthi ach fodhuine acu.

Barúil

Is féidir an teanga a shábháil ón mbás sa ceantar mór seo. Tá sí ag imeacht fós. Na seandaoine ag dul sa chré, agus in ainneoin dícheall oidí dúthrachtach ní féidir liom a rá go bhfuil a gcuid daltaí chomh maith leis na daoine atá ag imeacht.

I  nGaeltacht Chiarraí

Scoil an Lóchair,

Anaice an Chuirreáin

Chun – Fionáin Mac Coluim.

A chara,

Bhí cruinniú mór anseo Dé Domhnaigh seo a ghabh tharainn. Bhí Seághan Shéamuis ann agus ba mhór an spórt a bheith ag éisteacht leis. Cuireadh fáilte roimhe mar a leanas:

An tUachtarán (Mícheál Ó Suiliobháin, oide scoile). Céad míle fáilte romhat, a Sheághain Mhac Sheámuis.

Seághan. Tá sé sin fada go leor mar shaol duitse is domsa mar an gcéanna.

Roimh an bhfad sin dhéanfainn cogadh agus bheinn sna Flaithis i bhfochair a chéile, sin é an áit nach bhfuil an Béarla, ach na naoimh go léir ag labhairt na Gaeilge.

An tUachtarán. Deir tú, a Sheághain, nach bhfuil aon teanga sna Flaithis ach Gaeilge, agus cad a dhéanfaidh naoimh nach bhfuil acu ach an Béarla?

Seághan Shéamuis. Tá an tAthair-mhac lán de dhaonnacht.

Glaofaidh sé ansiúd ar Phádraig naofa, múinfidh sé siúd dóibh an teanga bhreá Gaeilge,

Léifidh orthu óráid an Spioraid Naofa, agus cuirfear ansin i measc an dream Gaeilge iad.

An tUachtarán. A chara dhílis na teanga gléasta,

Lig do do chuid starthaí agus scaoil chugainn véarsa.

Ansin chan Seághan amhrán Thomáis Ruaidh ar a ghadhairín Hector, agus ina dhiaidh sin thug sé óráid álainn uaidh ar stair na hÉireann ó theacht Chlanna Míleadh go bás Pharnell agus ní miste a rá ná gur mhaith chuige é.

Dúirt Brighid Ní Uallacháin “Cáit Ní Ghuidhir” ar áilleacht na cruinne. Chan Domhnall Dall, múinteoir cliste na craoibhe, “An Cailín Deas Donn” “An Cóisir” “Raithneach a bhean bheag,” agus cúpla amhrán eile. Tá Domhnall go binn agus go cliste chun na ndánta a chur de.

Cáit Ní Fhiannachta, rúnaí

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (22 Aibreán 1916)'