An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (20 Samhain 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

An Claoímh

Samhain 20, 1915                                                    An Claidheamh                                                   3

Anois an tAm

Is léir do chách anois go bhfuil cuma na hoibre ar lucht cosanta na Gaeilge agus go bhfuil cuma troda orthu chomh maith. Na rúin chomhairle a fógraíodh ag an gcruinniú mór Lá Samhna, ní ligfear i ndearmad iad. Shocraigh an Coiste Gnó Sathairn ar iarracht a dhéanamh leis na rúin a chur i ngníomh agus leanfar den iarracht go dtitfidh toradh air. An fuinneamh atá ag teacht sa ghluaiseacht ar fud Éireann, ní tuar maith do na Boird Oideachais é; neartóidh na craobhacha agus na coistí tuaithe agus an Coiste Gnó lena chéile. Gabhfar na trinsí de réir a chéile agus gabhfar daingean mór an Ghalldachais ar ball.

thabharfar sos do na Boird ná do na scoileanna atá faillíoch sa Ghaeilge. Is ionann na scoileanna sin agus trinsí tosaigh an namhad…Mura ngéillfidh lucht cosanta na dtrinsí do chomhairle agus do réasún, tá slí le ciall a mhúineadh dóibh. Caithfidh na craobhacha aire a thabhairt do na scoileanna. Is iad lucht na gcraobh is fearr a thuigeann cúrsaí a gceantair féin. Díreofar gunnaí an Choiste Gnó ar na Boird agus beidh an dá ghléas cogaidh ag obair le chéile.

An Ghaeltacht is mó atá ag cur trioblóide orainn go léir. Tá ceaptha anois ag an gCoiste Gnó timire airgid a dhéanamh de dhuine de na timirí. Fágfaidh an socrú sin na timirí eile saor chun aire a thabhairt don Ghaeltacht. Is maith an socrú é agus ba mhithid a dhéanamh. Tá rud eile déanta ar mhaithe leis an nGaeltacht: an t-airgead a thiocfaidh ón Oileán Úr, caithfear sa Ghaeltacht é. Tá céad punt i dtaisce cheana féin.

Cuireadh craobh nua ar bun i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh. Ní bheidh de chúram ar an gcraobh seo ach muintir na Gaeltachta a bhrostú in aghaidh an Ghalldachais. An Coiste Contae a cuireadh ar bun i gCiarraí an mhí seo caite, béarfaidh sé aire don Ghaeilge sa chontae agus cabhróidh sé go mór leis an ngluaiseacht. Níl Gaillimh ar deireadh. Tá an chraobh go láidir arís sa bhaile mór agus beidh an Coiste Ceantair ag obair gan mhoill. Má chuirtear Feis Chonnacht ar bun arís, beidh gleo Gaelach i nGaillimh san athbhliain.

Chinn Coiste Mhaigh Eo ar Fheis Contae a chur ar bun an bhliain seo chugainn agus tá £25 (€3,680) sa chiste lena haghaidh. Tá Crann Déagláin curtha sna Déise agus tá ag borradh cé gurb é an geimhreadh atá ann. Tá Crann Eithne ina phlanda láidir anois agus fás maith faoi. Is dócha nach raibh riamh cóir troda níos fearr sa Ghaeltacht ná mar atá faoi láthair. Agus tá cóir oideachais againn anois nach raibh againn roimhe seo. Tá buíonta Gaeilge de hoidí scoile agus tá na hoidí ag freastal orthu go maith. Anois an t-am le neartú leis an ngluaiseacht. Ní raibh muintir na Gaeltachta sách faobhrach riamh in aghaidh an Ghalldachais. Tiocfaidh an faobhar orthu má dhéantar gleo agus fothram ina measc.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (20 Samhain 1915)'

  • Séamas Mac Coitir

    Is millteanach an scannal agus an drochshampla é d’aos óg na tíre seo a bheith ag éisteacht le brocamas cainte gaingeadach ó sheachtain go seachtain! Is olc an mhaise é do pholaiteoirí i gcoitinne an comh-mhaslú a bhíonn ar siúl go seasta gan stad! Is fada ón gcuibhiúlacht agus an dea-bhéasaíocht a ba cheart a bheith i réim i nDáil Éireann é, agus is mór an náire dóibh go léir nach mbíonn siad chomh díograiseach céanna ag plé agus ag cíoradh reachtaíochta! Dá mba rud é go raibh éirí an tsaoil leo i ngairmeacha eile, ní móide go rachadh siad le polaitíocht!! Is cosuil go bhfaighimid an rialtas atá dlite dúinn, arae, is pobal na hÉireann a thogh iad!