An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (18 Nollaig 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

C solais

Nollaig 18, 1915                            An Claidheamh                            13

An tEolas Nach Raibh i Leabhair

Ba de mhionuaislí na hÉireann sinsear Shéarlais Óig, ach d’fhág na Péindlíthe a athair ní ba bhoichte ná mar a bhí a athair mór; agus, de bharr na ndlíthe céanna, ba mheasa an dóigh a bhí air féin ná mar a bhí ar a thair. Ach mura dtiocfadh leis a cheann a thógáil chomh hard is a rinne a shinsir, ní raibh sé gan chuid de spiorad a shinsear a bheith ann. Ba mhaith leis dóigh níos fearr a bheith ar a chlann ná mar airsean. Ba mhaith leis oideachas a chur rompu, cé gur beag seans ar phost a bheadh ag aon duine acu mar gheall ar a gcreideamh.

Caitlicigh iad; ach ní raibh Séarlas chomh láidir sin sa chreideamh nach smaoineodh sé ar iarraidh ar Chathal, an mac is sine a bhí aige, tiontú. Bhí a fhios aige, dá dtiontódh sé, go dtiocfadh leis oideachas maith a fháil dó agus, b’fhéidir, post. Ach bhí taobh eile ar an gceist fosta; ar cheart do ríocht na Glóire a chur ar dhíobháil ar Chathal mar mhaithe le hoideachas agus post an tsaoil seo?

Bhíodh an smaoineamh sin ag cur isteach air go minic, agus ní thiocfadh leis socrú acu ab fhearr don dá rogha – ríocht na Glóire nó ríocht an tsaoil. Ach bhí ceist bheag eile ann a bhí á chlaonadh go taobh ríocht na Glóire. Bhí a fhios aige go dtiocfadh leis an mhac ba shine iomlán na talún a bheith aige, de réir an dlí, i ndiaidh bhás a athar, dá dtiontódh sé ar an chreideamh Gallda. Níor thaitin sin le Séarlas, mar níor mhaith leis a bhean agus a chlann a fhágáil folamh mar mhaithe le duine amháin den chlann. Ach má bhí Séarlas lag, bhí a bhean láidir, sa chreideamh. Bean a chonaic cruas ina ham í; ach cad é ab fhiú léi cruas an tsaoil i gcomórtas le ríocht na Glóire a chur a dhíobháil ar aon duine dá clann. Fear láidir-intinneach go leor a bhí i Séarlas, ach bhí cumhacht éigin ag an bhean air a chasadh é bealach ar bith ar mhian léi. I ngan a fhios dó féin, níor mhothaigh sé go raibh sé ag moladh cibé a bhí sise a faoin chlann.

D’aontaigh sise go gcaithfeadh siad foghlaim a chur roimh an teaghlach. Agus ní raibh ach dóigh amháin leis sin a dhéanamh; duine de na scoláirí bochta a bhí ag gabháil thart tríd an tír a thabhairt chun an tí le teagasc a thabhairt do na páistí. Nuair a bheadh beagán Laidine foghlama ag Cathal, thiocfadh leo ansin smaoineamh ar oideachas Coláiste a thabhairt dó.

Ba faoin am seo a tháinig an tEaspag Ó Briain thart agus é cóirithe in éide fir bhoicht. Fear é a shiúil a lán ina am – bhí i Salamanca; bhí sa Róimh; bhí i Louvain; bhí thall agus abhus tríd an bhFrainc. Bhí aithne aige ar mhórán d’uaislí na Spáinne is na hIodáile is na Fraince, agus bhí meas agus urraim acusan faoina choinne nuair a théadh sé a mbealach.

Ach bí a chontracht sin de scéal aige in Éirinn: ní raibh ach an dá dhream sa bhaile a mbeadh lúcháir orthu roimhe – na spíodóirí agus a thréad féin. Bheadh lúcháir ar na spíodóirí roimhe mar bhí luach ar a chionn; bheadh lúcháir ar a thréad féin roimhe mar bhéarfadh sé sólás an chreidimh chucu.

I dteach Shéarlais Óig, is minic a bhíodh an tEaspag Ó Briain ag cur faoi nuair a bhíodh sé sa tír; agus is iomaí scéal iontach faona bhfaca sé ina shiúl a chuala Cathal aige. Agus nuair a mhol an tEaspag do Shéarlas an mac a chur chun an Choláiste go Páras. Ba mhór an lúcháir a bhí ar Chathal mar smaoinigh sé ar na hiontais a d’fheicfeadh sé agus na scéalta a bheadh aige le hinsint nuair a thiocfadh sé ar ais abhaile.

Seachtain roimh Shamhain, d’fhág fiche cloigeann cuan na Gaillimhe agus thug aghaidh ar Roinn na hEorpa. Ábhar sagart a bhí san iomlán acu ach duine amháin. Cathal Shéarlais Óig an duine sin. Go Louvain is go Salamanca a bhí an mhórchuid acu ag gabháil. Bhí duine nó beirt ina measc a bhí ag tarraingt ar an Róimh. Ach ba ar Pháras na Fraince a bhí triall Chathail.

Dála gach áite eile, tá athrú ar Pháras ó bhí an t-ochtú haois déag ann. Ar dhóigh, is lú an t-athrú atá air ná a ar bhaile ar bith eile san Eoraip, taobh amuigh de Naples; agus ar dhóigh eile, is mór an t-athrú atá air.

raibh Liberté, Egalité, Fraternité an uair sin le feiceáil os cionn La Palais de Justice agus os cionn na n-áiteanna poiblí ann mar atá inniu. Bhí Cathal Shéarlais Óig ar ais in Éirinn ina shuí ar a thinteán féin i measc a chlainne sular tháinig an tAthrú Mór a chuir athrú, ní amháin ar an Fhrainc, ach ar an domhan.

Bhí Les Tuileries in aimsir Chathail mar ionad tarraingthe gach strainséara, cé nach bhfuil le feiceáil inniu san áit ach an garda. Bhí, ar ndóigh, Le Louvre ann an uair sin mar atá go fóill, ach is iomaí athrú a tháinig air ó chonaic Cathal den chéad uair é. An chéad lá a chonaic seisean é, bhí uaisle na Fraince ag bogadh thart faoi dtaobh de, mar a bhí an Rí sna Tuileries. Bhí Lughaidh i ndiaidh teacht ó Versailles agus ní raibh aon seigneur raibh faoina chúirt nach raibh le feiceáil idir Le Jardin des Tuileries agus Le Louvre. Ní fhaca Cathal a leithéid de ghalántacht riamh.

Nuair a bhí sa bhaile, chonacthas dó nach dtiocfadh le galántacht ar bith a bheith ní ba mhó galántacht an mhinistir Ghallda ag gabháil chun teampaill Dé Domhnaigh ina chóiste agus péire capall. Ach cad é ab fhiú dhá sheanghearrán an Rev. Mr. Wright le taobh na gcapall breá cothaithe cóirithe a bhí ag Rí agus ag uaislí na Fraince! Agus cad é ab fhiú an seanteampall Gallda le taobh Notre Dame!

Nuair a bhí mac Shéarlais Óig sa bhaile, ba mhinic a d’éist sé an tAifreann amuigh ar thaobh cnoic nó istigh i scioból a athar. Ach a leithéid d’athrú! Notre Dame! Galántacht an tí! Ceol an Aifrinn! Uaisleacht an radhairc nuair a thiocfadh Ard-Easpag na cathrach agus mionuaisle na háite ann De Domhnaigh! Ní thiocfadh leis gan smaoineamh ar an bhaile agus an pobal amuigh faoin spéir ar thaobh an tSléibhe Rua agus an coimhéad a bhíodh, ar eagla go dtiocfadh an namhaid. Bhí difríocht mhór, ar ndóigh, ar gach dóigh idir an Fhrainc agus Éire. Cad é an fhoghlaim a bhí sa bhaile le taobh na foghlama a bhí sa Sorbonne! Cad é ab fhiú Laidin agus beagoideachas na scoláirí bocht le taobh léinn na bhfear a bhí á gcasadh ar an bhogstócach as Éirinn anois!

Chuaigh an geimhreadh thart agus tháinig an t-earrach, agus ní raibh iomlan na n-iontas rite ag Cathal go fóill. Lá dtagadh sé féin agus comrádaí chuid isteach ag ól dí sa Chafé Royal, cé a tháinig isteach ach beirt d’fhir chóirithe ghléasta. Shuigh siad síos ag tábla a bhí ar an taobh eile den dá stócach agus d’ordaigh deoch. Ní raibh a ndeifir orthu ag ól na dí mar bhí mórán cainte ag cur buartha orthu. Níor thuig Cathal i gceart cad é a bhí siad a rá, mar nach raibh tuiscint rómhaith go fóill aige ar an Fhraincis. Ach bhain sé an méid seo as a gcuid caint: go raibh fear acu i ndiaidh páipéir a cheannach ón Rí ar a dtiocfadh leis ainm duine ar bith ba mhian leis a scríobh agus a chur chun an phríosúin.

“An bhfuil a fhios agat, Monseigneur,” ar seisean leis an fhear eile, “go dtaga Ducos thart inniu gan a lámh a chur ina hata dom! Chomh cinnte is atá ag ól na dí seo, beidh faill aige smaoineamh ar a dhánaíocht sa Bastille roimh an am seo amárach.”

“Ní fiú trácht air sin,” arsa an fear eile: “Dé Luain seo a chuaigh thart, an bhfuil a fhios agat cad é a rinne Babeuf? Thug sé cúlchaint dom! Ach ba ghearr a bhí mise a mhúineadh: roimh luí na gréine an tráthnóna sin thuig sé cad é an sórt áite an Bastille. Á, nach iad na daoine atá ag éirí dána ar an saol deireanach seo! Ach, Monseigneur, taispeánfaidh muidne dóibh nach dtig leo gach rud ar mian leo a dheanamh.”

Tháinig scáth ar Chathal ar thuiscint na cainte seo dó: ní raibh a fhios aige nach gcuirfeadh duine de na fir seo é féin agus a chomrádaí chun na Bastille gan chúis gan siocair dá smaoineodh siad air. Mar sin de d’éalaigh siad as an gCafé chomh luath is a thiocfadh leo.,

Ach tháinig siad ann lá eile agus shuigh san áit chéanna. Agus tháinig beirt d’fhir liatha isteach agus shuigh ag tábla ar an taobh eile díobh. Ní raibh éirí in airde ar bith, de réir cosúlachta, ag cur as do cheachtar don dís. Dála na beirte a bhí istigh roimhe, d’ordaigh siad deoch agus thosaigh ag caint agus ag comhrá. Níor thuig Cathal iomlán a gcomhrá, ach thuig sé go leor le fios a bheith aige nach den treibh chéanna iad agus an bheirt a chuir scáth agus eagla air.

“Monsieur,” arsa duine acu leis an duine eile, “níl ceart ná cothrom le fáil ag an duine ar an saol seo. Ó bhí tús ama ann, bhí an té a bhí láidir ag luí ar an té a bhí lag. Neart is ceart ann. Is é mar atá is mar a bhí: dream ag cruinniú na meala agus an dream eile á chaitheamh. Labhair liom ar rí is ar dhlí! Cá huair a bhí dlí sa tír seo? Nach mó an éagóir ná an chóir a rinneadh riamh againn in ainm an dlí? Chonaic tú mar a cuireadh cailleacha piseoga chun báis; chonaic tú mar a daoradh La Bois; chonaic tú céad agus fiche éagóir a rinneadh ag fir ar cheart dóibh réasún a bheith acu.

Níl mé ach ag rá an ruda atá ar mo chroí nuair a deirim gur leor d’aimsir na barbarthachta na rudaí a fheicimid á ndéanamh gach lá os comhair ár súl. Cad chuige ar tugadh réasún don duine ar chor ar bith? Fir agus mná agus páistí á gcur chun báis mar gheall ar nach gcreideann siad an rud a chreideann an dream atá in uachtar! An bhfuil Dia ar bith ann nuair a ligfidh Sé do dhream éirí sa mhullach ar dhream eile mar seo?”

“Go réidh anois, monsieur,” arsa an fear eile. “Tá a fhios agat go bhfuil dhá chlaonadh sa duine – claonadh atá á tharraingt anuas agus claonadh atá á ardú suas. Tuigeann tú mar a chuidigh an Chríostaíocht leis an chlaonadh atá á tharraingt anuas atá in uachtar sa tír seo le fada. Féach ar shotal is ar dhánaíocht na n-uasal. Féach ar dhíchreideamh uachtarán na hEaglaise. Féach ar éagóir an dlí – ach nach seo mé ar an scéal leat féin! Il faut partir. Bon soir, monsieur.”

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (18 Nollaig 1915)'