An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (15 Iúil 1916)

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (08 Iúil 1916) …uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

C Solais

15. (Iomlán, 951).                 Cláraithe mar pháipéar nuachta                 Iúil 15, 1916                 Pingin

Cúrsaí an tSaoil

D’fhógair Príomhreachtaire [Príomh-Aire] an Rialtais i dTeach Feise Shasana [Westminster] Dé Luain go gcuirfear Parlaimint ar bun in Éirinn gan mhoill. Ní bheidh aon bhaint ag an bParlaimint nua leis na sé chontae de Chúige Uladh. Tá ceithre chontae acu sin gan a bheith toilteanach umhlú do Rialtas Éireannach, agus tá dhá chontae eile nach ligfí dóibh teacht isteach faoin bParlaimint nua.

De réir mar a fheictear dúinn faoi láthair ní bheidh cumhacht rómhór ag an Rialtas nua le linn an chogaidh, ach is dócha go mbeidh an t-oideachas faoina stiúir, agus gach a mbaineann leis an oideachas. Níl aon locht againn ar an méid sin. Ná síltear, áfach, go mbeidh gach rud ar ár gcomhairle féin againn, nó go bhfaighimid rud ar bith gan dianchomhrac.

Má thugtar aon bhreis saoirse dúinn leis an bParlaimint, beidh cead againn an Ghaeilge a chur chun cinn sna scoileanna. Mura dtugtar an cead sin dúinn ní fiú tráithnín an dlí nua atá á cheapadh. Más coir in aghaidh an dlí é an Ghaeilge a chur á labhairt arís is ar an dlí atá an locht agus ní ar an nGaeilge. Is dual do gach cine a bheith dílis dá dteanga féin agus dá dtír. Ní thiocfaidh linn ár ndílse a chur i ngníomh má choisctear an Ghaeilge sna scoileanna mar a rinneadh roimhe seo.

Na Feisirí atá ann faoi láthair is iad na fir a bheidh i réim sa Pharlaimint iad. Ní dhéanfar aon toghadh agus ní bheidh sé ar chumas an phobail gealltanas ar bith a bhaint díobh. Beidh a bhformhór cairdiúil agus fabhrach don Ghaeilge ach beidh dream láidir sa Pharlaimint i gcoinne na Gaeilge. Beidh dream de Ghall-Ghaeil ann agus is baolach go mbeidh siad inár n-aghaidh go fóill.

Tá rún ag Rialtas Shasana cúig caola na Parlaiminte a cheangal agus níl a fhios againn go mbeidh cead againn an lucht stiúrtha Gallda atá ar an dá bhord oideachais a chur chun siúil. A fhad is a bheidh an dá bhord ann, agus cumhacht gan teorainn acu, ní bheidh ceart le fáil ag an nGaeilge.

Céard a bheidh á iarraidh againn? Is iomaí sin rud. Sa chéad dul síos beimid ag iarraidh cóir mhúinte Ghaeilge do na coláistí ina n-ullmhaítear na hoidí scoile. Obair mhugadh magadh atá ar siúl sna coláistí. Ní féidir aon cháil ach sin a thabhairt ar obair nach dtugtar dó ach dhá uair sa tseachtain. Ba chóir go mbeadh gach oide óg in ann an Ghaeilge a mhúineadh.

Ní dhéanfar mórán dul chun cinn go dtí go mbeidh na hoidí ullamh don obair. Níl siad ullamh faoi láthair agus ní ligfear dóibh sna coláistí iad féin a ullmhú. Caithfear an chuing a bhaint de na coláistí, agus caithfear gach cóir oibre agus lán saoirse a thabhairt do na scoileanna. Tá eagla ar go leor oidí faoi láthair. Tá cigirí agus coimisinéirí anuas orthu. Tá na hoidí chomh tírghrách le haon aicme eile, agus caithfear deireadh a chur leis an daorsmacht atá orthu.

Beimid ag iarraidh cead an t-oideachas a thabhairt tríd an nGaeilge féin sa Ghaeltacht; beimid ag iarraidh an clár dátheangach a leathnú ar fud Éireann de réir mar a bheidh sé ar ár gcumas an gléas sin a tharraingt chugainn. Beimid ag iarraidh an Ghaeilge a chur á múineadh i ngach uile scoil sa tír. Níl oidí Gaeilge iontu go léir, ná ina leath. Caithfimid na hoidí a sholáthar.

Ní baol don Ghaeilge go fóill. Ní baol di má sheasann lucht a cosanta go dlúth le chéile feasta. Tá cuid againn ar thaobh an Réamannaigh. Tá cuid againn nach bhfuil ródhílis dó. Tá cuid eile gur cuma leo an Réamannach ann nó as, agus gur cuma leo gach aon rud ach an Ghaeilge. Tig linn ar fad cur le chéile ar son na Gaeilge, agus déanfaimid amhlaidh.

Éireoidh linn ach an Ghaeilge a bheith i gceist againn go moch agus go mall agus gach aon tráth. Ní bheidh sé de dhánaíocht ag aon fhear den Rialtas dul in aghaidh na teanga. Tá grá don Ghaeilge ag borradh go tréan i measc Gael agus beidh a fhios ag gach fear polaitíochta gur ar an bpobal a bheidh a sheasamh féin. Beidh sé ar ár gcumas a mharcaíocht a bhaint d’aon fhear nach mbeidh réasúnta linn. Ní cheilfimid ár gcumhacht orthu.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (15 Iúil 1916)'