‘Orainn féin atá seasamh na Gaeilge. Má chuirtear cath orainn ná bíodh eagla orainn. ‘

An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (12 Lúnasa 1916). Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claíomh-26

6                An Claidheamh.                Lúnasa 12, 1916

Ard-Fheis agus Oireachtas

Tháinig an Ard-Fheis i gceann a chéile Dé Luain agus fearadh coirim cheoil an Oireachtais oíche an lae chéanna. Ní raibh againn i mbliana ach Oireachtas beag, ach bhí Ard-Fheis mhór againn agus bhí na teachtairí go cairdiúil croíúil agus go meanmnach ó thús go deireadh. Bhí os cionn dhá chéad teachtaire i láthair agus ba mhór le rá an méid sin agus an saol atá anois ann. Ní raibh ár Rúnaí againn. Ní raibh ach fear amháin dár leasUachtaráin againn. Cruatan na haimsire is ciontach leis sin. Ghabh an tAthair Cathaoir Ó Braonáin ceannas na hArd-Fheise agus cuireadh obair an Rúnaí ar Risteárd Ó Foghludha. Cuireadh tuairiscí na n-oifigeach agus rinneadh cur síos orthu. Rinneadh mórán cainte ar an nGaeltacht agus ar laige na gluaiseachta in áiteanna. Is é barúil cuid de na teachtairí go gcaitear an iomarca airgid i mBaile Átha Cliath agus sna bailte móra. Bhí barúil láidir ag a lán eile nach féidir an ghluaiseacht a stiúradh san Ard-Oifig i mBaile Átha Cliath. Ní raibh aon teachtaire in aghaidh airgead a chaitheamh sa Ghaeltacht ná aon teorainn a chur leis an gcaitheamh airgid, ach is follasach nach dtiocfaidh linn airgead a chaitheamh ach de réir mar a bheidh sé againn. Is maith an scéal don Ghaeilge go bhfuil muintir na Gaeltachta ina ndúiseacht agus go bhfuil siad ag éileamh cabhrach. Is orthu féin is mó atá seasamh na teanga agus an lá a n-aireoidh siad go léir gurb amhlaidh atá an scéal béarfaidh siad cúram na teanga orthu féin, agus cuirfidh an náisiún ar fad faoi chomaoin dóibh. Go raibh an lá sin chugainn go luath.

Na rúin a ceapadh ag an gcomhdháil a tionóladh sa Gresham, cuireadh os comhair na hArd-Fheise iad, ach is ar éigean a bhí oiread agus teachtaire i láthair le cuidiú leo. An teachtaire a chuir na rúin ar chlár na hArd-Fheise theastaigh uaidh a lán acu a tharraingt siar mar go raibh rúin nach iad ar an gclár ón gCoiste Gnó féin. Níor glacadh le rúin na comhdhála ach glacadh le leasrún na n-ionad. Is iad an tAthair de Bhál agus “An Seabhas” a chuir an leasrún os comhair na hArd-Fheise. Dúirt an leasrún go bhfuil an Ard-Fheis i gcoinne rúin na Comhdhála faoi nach gcuirfidís feabhas ar chóiriú an Chonartha thar mar atá sé, agus faoi nach féidir leis an gConradh ligean d’aon chumann eile obair agus cúrsaí an Chonartha féin a stiúradh. Ghlac an Ard-Fheis go léir cé is moite de theachtaire amháin leis an leasrún agus rinne an cathaoirleach gearán faoin dream a bhíonn gach bliain ag cáineadh an Chonartha roimh aimsire na hArd-Fheise. D’aontaigh na teachtairí leis an ngearán.

Is i dTeach an Ard-Mhéara a fearadh coirim cheoil an Oireachtais oíche Dé Luain. Ba é an tAthair Tomás de Bhál a bhí i gceannas. I dtús a chainte rinne sé tagairt do na Gaeil dhílse nach raibh i láthair. Cuid acu sin ní bheidh i láthair Ard-Fheise go deo arís. Ní raibh aon cheann faoi orainn mar gheall orthu. Measaimse, ar sé, nach baol don Ghaeilge anois agus nach baolach don tír. Tá an spiorad ceart follasach ionainn. Mura mbeadh an spiorad sin níorbh fhéidir linn aon obair a dhéanamh riamh. Na daoine a chreideann go gcuideoidh an namhaid linn tá dul amú orthu. Orainn féin atá seasamh na Gaeilge. Mura ndéantar an obair ar ais déanfar ar éigean é. Má chuirtear cath orainn ná bíodh eagla orainn. Mac tíre i gcraiceann caorach is ea an Bord Oideachais. Dá n-éireodh linn an craiceann caorach a bhaint den seanmhac tíre úd, bheadh obair mhaith don Ghaeilge déanta againn.

Ba é an tAthair Mícheál Mac Craith, CL, an t-óráidí. Léirigh sé dúinn soiscéal an Chonartha. De réir mar a thuigeann sé an soiscéal sin, is é cuspóir an Chonartha aigne Gael a shaoradh ó smacht Gall. Thug Dia obair faoi leith le déanamh do gach náisiún, mura ndéanann an náisiún an obair faoi leith sin ní dhéanfar ar chor ar bith é. Bhí an náisiúntacht i mbaol a mhúchta nuair a tosaíodh ar obair an Chonartha. Ná bíodh aon mhearbhall orainn, ar sé, is í ceist na Gaeilge ceist mhór an lae inniu. Tá an náisiún ag brath orainne – orainne atá inniu ann. Ná bíodh aon ligean orainn ar siúl againn. Déanaimis gníomh de réir ár gcainte. Bainimis ár súile de sheanSasana agus de Shasana nua. Déanaimis de réir mar a rinne náisiúin eile a bhí i mbaol a múchta.

Bhí slua maith i láthair na coirme ceoil. Leanadh don Ard-Fheis Dé Máirt agus toghadh an Coiste Gnó an lá céanna.