‘Tá Pádraic Mac Piarais imithe ar shlí na fírinne. Ba é féin croí na féile; ba é a thugadh cothrom na féinne do gach duine, cara is namhaid’

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (17 Meitheamh 1916). Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

An Cl Solais

12 (Iomlán 948).                      Cláraithe mar pháipéar nuachta                       Meitheamh, 24 1916                   Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Pádraic Mac Piarais imithe ar shlí na fírinne agus is cuí go mbeadh trácht ar a ghníomhartha agus ar a dhéantúis Ghaeilge faoi láthair. Ba é féin croí na féile; ba é a thugadh cothrom na féinne do gach duine, cara is namhaid; ba é an fear nach raibh nimhneach ná gangaideach ina aigne ná ina chaint. Ba dhóigh leis féin sular cuireadh chun báis é go mbeadh géarchaint gan trócaire á ina thaobh agus, ar ndóigh, bhí agus tá agus beidh. Ach níl fúinne an gníomh deireanach a rinne sé a bhreathnú a mheas anois, ná focal molta nó cáinte a rá i dtaobh an ghnímh sin. Is feiliúnaí dúinn trácht ar a scríbhinní agus ar an obair a rinne sé i gcúis na Gaeilge.

Nuair a thosaigh Conradh na Gaeilge ag iarraidh oideachas fíorGhaelach a chur ar bun sna scoileanna ní ghéillfeadh lucht stiúrtha an oideachais go mb’fhéidir aon oideachas a thabhairt tríd an nGaeilge agus ní ghéillfidís fós féin go mba cheart oideachas tríd an nGaeilge amháin a chur ar bun don Ghaeltacht. Bhí siad in aghaidh na Gaeilge, dubh agus dath, agus chomh maith leis sin bhí siad aineolach ar a gceird féin. Nuair a d’éirigh an ghluaiseacht láidir agus nuair a bhí gach aicme daoine beagnach ar thaobh na Gaeilge, ghéill an Bord beagán agus cheadaigh siad an clár dátheangach. Ní raibh aon eolas acu féin ar oideachas dátheangach agus is beag eolas a bhí acu ar an nGaeilge, ba chuma leo an dá rud agus b’fhearr leo as ná ann iad.

Chuaigh an Piarsach thar sáile agus chuardaigh sé scoileanna na Beilge. Chonaic sé in áiteanna den tír sin an t-oideachas dátheangach ar siúl. Léirigh sé an cheist dúinn in Éirinn agus ghríosaigh sé bainisteoirí agus oidí scoile in aghaidh seanrialacha an Bhoird. Ghéill an Bord beagán agus ceadaíodh an clár dátheangach in dhá chéad scoil le linn an Phiarsaigh féin. Shíl sé i dtús na hoibre go sábhálfadh an t-oideachas dátheangach an Ghaeltacht. Shíl sé go raibh an Ghaeilge chomh láidir nach bhféadfaí í a scriosadh. Tháinig athrú intinne air leis an aimsir. Chonacthas dó go raibh an Béarla in uachtar i gcónaí. Bhí ag caint linn tamall ó shin agus d’admhaigh sé nach ndéanfadh an clár dátheangach cúis don Ghaeltacht. Níor mhór, a dúirt sé, an t-oideachas a thabhairt tríd an nGaeilge ar fad agus an Béarla a mhúineadh mar a mhúintear teanga iasachta.

Bhí mian a chroí aige nuair a chuir sé Scoil Éanna ar bun. Tháinig trí fichid dalta chuige agus mura raibh siad Gaelach ag teacht dóibh ba ghearr go raibh meon agus croí Gaelach acu. Labhair an Piarsach féin Gaeilge i gcónaí agus ba mhór an sampla é sin dá dhaltaí. Chuir sé ag imirt cluichí Gaelacha iad. Cheap sé drámaí Gaeilge dóibh agus léirigh siad féin iad. Ba mhór an chéim ar aghaidh don drámaíocht Ghaeilge an léiriú a dhéantaí ag daltaí Scoil Éanna. Ní dócha gur léiríodh aon dráma Gaeilge fós chomh maith le “Dráma na Páise”. Chuir an Piarsach scéal Chú Chulainn i bhfoirm dráma agus léirigh na daltaí é. Bhí gníomhartha Chon Chulainn á gcur rompu i gcónaí, a mhisneach agus a chlisteacht, a chrógacht agus a dhílseacht, a chineáltas agus a ghlaine croí agus intinne.

bhíodh an iomarca cainte in aghaidh Shasana ar siúl sa scoil, ach bhí caint i dtaobh na hÉireann á déanamh i gcónaí. Múineadh stair na hÉireann agus cuireadh fréamhacha grá tíre i gcroí na ndaltaí. Bhí Éire i mbun agus i mbarr gach scéil ag na hoidí. Chuir na daltaí rompu a saol a chaitheamh in Éirinn agus ní raibh aon tír eile ag déanamh buartha dóibh. Bhí an t-oideachas a tugadh i Scoil Éanna go Gaelach tríd is tríd agus bhí níos fearr mar oideachas ná an t-oideachas Gallda a thugtar sna coláistí a luíonn go humhal faoi chuing an Bhoird. Chuir an Piarsach suim i mianach agus in aigne agus i dtabhairt suas an bhuachalla. Féachann oidí eile, nó a bhformhór, le brabach a bhaint as an scolaíocht agus is éigean dóibh ar an ábhar sin leanúint don oideachas Gallda.

Tháinig athrú mór ar an bPiarsach tar éis dó Scoil Éanna a chur ar bun. Bhí grá mór d’Éirinn aige i gcónaí. Ba é an grá sin a ghríosaigh chun na Gaeilge é. Bhí an grá sin le tabhairt faoi deara ag an duine a d’fheiceadh sa Ghaeltacht é, agus tuigtear an rud céanna don duine a léann “Íosagán” “An Mháthair”. “Labhraígí an Béarla féin go binn,” a deireadh sé ar shráideanna na Gaillimhe, ag éisteacht dó leis na páistí. Agus rinne sé tagairt do pháistí an Iarthair i ndáinín a scríobh sé sa phríosún sular cuireadh chun báis é. Saol Gaelach in Éirinn uile, b’in é an rud a bhí uaidh i dtosach. Timpeall ocht mbliana ó shin d’ionsaigh sé stair na haoise seo caite – “Bliain na bhFrancach”, “Éire Óg”, aimsir na bhFíníní agus Parnell. D’fheictí go minic é agus beatha Wolfe Tone, nó Young Ireland, nó Speeches from the Dock, ina lámh aige.

D’fhág na leabhair sin a rian ar a aigne. Chuir sé páipéar beag Gaeilge, “An Barr Bua”, ar bun. Níor mhair an páipéar sin ach aon seachtain déag ach bhí bríomhar faobhrach i gcónaí agus is ann atá an Ghaeilge is fearr dár scríobh an Piarsach le fáil. Shíl sé an t-am sin go bhféadfaí obair pholaitíochta a dhéanamh tríd an nGaeilge, ach nuair a cuireadh Fianna Fáil [Óglaigh na hÉireann] ar bun d’iompaigh sé an mBéarla agus lean sé don Bhéarla ina chuid polaitíochta uaidh sin amach.