‘Tréigigí bhur dtromshuan, a scríbhneoirí. Tá cabhair ón nGaeilge!’

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (1 Iúil 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

C Solais 2

2                    An Claidheamh                   1 Iúil 1916

Mura Púicín É

Beidh gleo againn ar ball má thugtar Hóm Rúil [Rialtas Dúchais] d’Éirinn, nó do dhá thrian féin den tír – gleo i dtaobh na Gaeilge. Ní róchinnte fós go dtabharfar Rialtas Dúchais d’aon trian, mar is baolach go rachaidh d’fhonn Sheáin Bhuí go luath má éiríonn leis an scanradh agus an trí chéile a chur de, ach is cinnte go ndéanfaidh lucht cosanta na Gaeilge caint agus fothram má chuirtear aon chineál rialtais baile i bhfeidhm. Beidh na Gaeilgeoirí uile beagnach ar scáth Rialtas na hÉireann – nó rialtas an dá thrian – mar nach bhfuil thar 10,000 Gaeilgeoir sna Sé Chontae. Beidh an dá bhord oideachais faoi stiúradh na Parlaiminte agus ní thabharfar sos ná faoiseamh don Pharlaimint nó go mbeidh an Ghaeilge ar bhealach a sábhála. Cuirfimid in aghaidh gach feisire agus ábhar feisire nach mbeidh ar thaobh na Gaeilge, agus cabhróimid go tréan le gach feisire a bheidh ina Ghaeilgeoir dílis. Cuirfimid ceangal na polaitíochta dínn chomh luath agus a bheidh Parlaimint curtha ar bun. Beidh ár bpolaitíocht féin againn, polaitíocht na Gaeilge.

Sa chéad dul síos, beimid ag iarraidh cothrom don Ghaeilge sna scoileanna. An t-oideachas a thabhairt tríd an nGaeilge sa Ghaeltacht. An Ghaeilge a chur ar aon chothrom leis an mBéarla sa Ghalltacht, agus cead a bheith againn an clár dátheangach a chur ar bun ar fud na tíre uile, de réir mar a thiocfaidh linn oidí feiliúnacha a sholáthar. Na hoidí a ullmhú i gcomhair na hoibre. Ní mór dúinn an Ghaeilge a dhéanamh riachtanach do na hoidí óga go léir agus caoi a thabhairt dóibh ina gcoláistí féin an teanga a fhoghlaim go maith agus an litríocht a shaothrú. Níl an chaoi sin acu faoi láthair, agus is é sin atá dár bhfágáil siar. Is ceart go mbeadh ár n-oidí oilte i stair agus i litríocht a dtíre. Mura mbíonn siad oilte ar an gcuma sin ní bheidh ómós acu dá gcine nó dtír nó n-obair féin. Na hoidí atá ag obair faoi Bhord na Ceardaíochta ní ligfidh siad an Ghaeilge isteach ina gcuid gnóthaí ar chor ar bith. Ní ligfidh siad orthu féin go bhfuil an Ghaeilge ann, fiú amháin sa Ghaeltacht. Caithfimid an scéal sin a athrú agus an Gall atá ina cheann ar an mBord a sheoladh thar sáile anonn, dá mbeadh sé riachtanach orainn pinsean a thabhairt dó lena mhealladh chun dul chun siúil. Ní ghéillfear dár n-éileamh ar an gcéad iarracht. Ná bímis ag súil le rud mar sin. Feicfimid go mbeidh an Rialtas Éireannach righin a ndóthain i dtosach báire. Ach bogfaimid iad agus cuirfimid sodar fúthu, agus fuadar leis an aimsir. Má bhímid go láidir agus go bagrach beidh toradh ar an gcaint, béarfar éisteacht dúinn agus géillfear dúinn gan róchomhrac.

Is maith í an tsaoirse don Ghaeilge, agus is maith an rud di cabhair agus moladh agus cothú. Ní mhairfidh sí, ámh, ar na rudaí sin. Caithfidh na Gaeilgeoirí féin a gcomharthaí catha a sholáthar agus an Bhéarlóireacht a chur díobh. Cén sórt Éire a bheidh againn mura mbíonn an Ghaeilge againn? Pléiseam! Sin díreach an cineál náisiúin a bheadh againn gan an Ghaeilge. Caithfidh ár scríbhneoirí a dtromshuan a thréigean, mar a dúirt Eoin Mac Néill leo fadó a dhéanamh. Is é mo lom agus mo léan gur tromshuan atá ar chuid acu. Cad a d’imigh ar na fathaigh a chuir an Ghaeilge ar a boinn agus faoi mheas an phobail dhá bhliain déag ó shin lena n-aistí agus lena ndánta, lena scéalta agus lena gcluichí grinn? Cad a d’imigh ar “Ghruagach an Tobair”, ar “Chonán Maol”, ar “Sceilg”, ar Phádraic Ó Domhnalláin, ar “Phádraig na Léime”, agus ar Shéamus Ó Searcaigh? Tá “An Buachaillín Buí” ina thost agus is annamh a fheictear scéal ó Phádraic Ó Conaire. Tá Tomás Ó Concheanainn chomh díomhaoin le cách. Tréigigí bhur dtromshuan, a scríbhneoirí. Tá cabhair ón nGaeilge agus tá sibhse i bhur gcónaí.

Beidh ábhar cainte thar an nGaeilge féin ag ár scríbhneoirí feasta – mura púicín an scéal seo i dtaobh Rialtas Dúchais. Beidh ar na scríbhneoirí cuing shéimh na Gaeilge a chur ar Ghaeil Éireann uile, Gaeil Uladh agus Gaeil na gcúigí eile. Beidh an t-oideachas i gceist ón gcéad lá a mbeidh an Pharlaimint ar bun, agus cé is córa an cheist sin a phlé do na daoine a bhfuil machnamh cruinn fada déanta acu ar an gceist? Is cóir go dearfa dár scríbhneoirí an cheist sin agus mórán ceisteanna nach í a phlé feasta. Beidh tráchtáil agus gnóthaí de gach sórt, ceardaíocht agus talmhaíocht, polaitíocht agus déanamh dlí i gceist agus beidh seasamh na Gaeilge sna ceisteanna sin go léir ag ár scríbhneoirí. Beidh an tírghrá le cothú agus urraim d’Éirinn a mhúineadh do gach clann dár gclanna. Tá an stair féin le cur i bhfoirm fheiliúnach don aos óg agus don choitiantacht, agus is mithid feasta do na scríbhneoirí an obair a ionsaí.

acu dhá thrian nó trí thrian d’Éirinn a bheidh ar scáth an nua-rialtais, caithfimid uile gan faillí a dhéanamh sa ghnó a fágadh le déanamh ag lucht cosanta na Gaeilge.