An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (1 Deireadh Fómhair 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

An Claoimh

2 An Claidheamh                             Deireadh Fómhair 2, 1915

Seanchas Duibhneach

Tomás Ó Raithile a chnuasaigh

VI. – An Triúr Fathach Simplí

Bhí feirmeoir ann fadó, agus cailleadh a bhean, agus gan ach aon leanbh amháin – mic – ina diaidh. (Phós sé an athuair, agus) bhí an leasmháthair an-drochcheann don leanbh. Ní thugadh sí le hithe dó ach gráinne plúir plástráilte ar dhá chliathán lice, agus ligin a bheith ag cuimilt a theanga dó agus á scríobadh lena fhiacla.

Bhí sé nach beag chun báis aici; agus deireadh an garsún: ‘Is trua mhór nach bhfuil mo chosa nite agus mo leaicín ligthe agus mé sa tsúsa.”

Sea, bhí bulláinín tairbh aige ina aithir agus comhaois ab ea é féin agus an garsún. Bhí sé féin agus an garsún ar aon bhuidín amháin; agus chonaic se an garsún neamhanamúil, leisciúil ocrach, agus dúirt sé leis: “Tarraing amach m’adharc.” Tharraing sé amach é, agus bhí gach aon sórt bia ba mhaith leis ar a aghaidh amach le hithe.

Bhí sé ag tabhairt bia trí huaire sa lá dó as sin amach agus bhí an garsún ag dul i neart gach aon lá. Bhí an-iontas ar a leasmháthair cad a bhí á choimeád ina bheatha. Chaith sí amhras an tarbh gurb é a bhí ag tabhairt beatha dó, agus dúirt sí léi féin go ndéanfadh an tarbh a chur á mharú. Dúirt sí lena fear go bhfaigheadh sí bás mura bhfaigheadh sí smuta den tarbh le hithe. Dúirt a fear léi á freagairt go gcuirfeadh sé fios ar an mbúistéir amárach chun é a mharú. Chuala an garsún ag caint iad, agus d’inis sé don tarbh go raibh sé le marú amárach, agus bhí an garsún ag gol agus é á insint dó. “Ná bac sin” arsa an tarbh, “éist do bhéal agus ná bí ag gol. Maróidh mise an búistéir amárach nuair a thiocfaidh sé.”

Tháinig an búistéir amárach timpeall a deich a chlog, agus tháinig an tarbh sa bhuaile ag an ngarsún. Agus bhí an tarbh ag imeacht ar buile agus é ag raobhadh lena dhá chos agus lena cheann ar aghaidh an dorais amach. Thóg sé dá léim as a chorp, agus chuir sé isteach an leathdhoras, agus dhéan sé suas ar an mbúistéir agus mharaigh sé é, – chuir sé an dá adharc trína chliabhrach. “Téanam ort,” arsa an tarbh. “Níl aon ghnó anseo againn níos sia.”

D’imigh siad an garsún agus an tarbh dóibh féin; agus bhuail duine uasal leo sa bhóthar, agus d’fhiafraigh sé don gharsún an ag lorg máistir a bhí sé. Dúirt an garsún gurbh ea. “Cad é an obair a bheidh mé a dhéanamh?” arsa na garsún. “Beidh tú,” ar seisean, “i mbun cúirte atá agam á thógáil.” “Ní rachaidh mé leat” arsa an garsún, “mura bhfaighidh mé féar an tairbh in éineacht leis na ba.” “Gheobhaidh tú é,” arsa an duine uasal, “agus míle fáilte.”

D’imigh siad leo ansin go teach an duine uasail. D’ith siad a ndinnéar agus d’imigh an duine uasal ag taispeáint na cúirte dó. Bhí ceathrar saor á tógáil ansin, agus an méid a thógfaí inniu bhí sé leacaithe amárach ag triúr fathach a bhí ina theorainn. “Téanam ort abhaile,” arsa an garsún, “anois, go bhfaighead-sa gach aon ní oiriúnach i gcomhair na hoíche anocht.”

D’fhan sin mar sin go dtí istoíche. Dúirt an garsún lena mháistir mealbhóg leathair a fháil dó; agus fuair. Dúirt sé leis scileadh maith bainne ghéir a chuir ag téamh agus gruth agus meadhg a dhéanamh dó, agus fág fúmsa ansin é,” ar seisean. Bhuail sé isteach an gruth agus an meadhg sa mhealbhóg leathair, agus d’imigh sé faoi dhéin na cúirte á ghardáil go maidin. Chuaigh sé in airde ar chrann mór ard os cionn na cúirte agus ní raibh sé i bhfad ann nuair a tháinig na triúr fathach, agus bhuail siad gualainn faoin gcúirt chun chun í a leagadh. THóg an garsún bullán cloiche agus bhuail sé duine acu leis i mullach a chinn anuas ón gcrann. Chuir sé a lámh in airde i mullach a chinn. Chonaic sé an fhuil ag rith anuas lena aghaidh. D’iompaigh sé timpeall agus bhuail sé an deartháir ba ghiorra dó. “ A rascail!” ar seisean, “táim basctha agat.” Bhuail sé arís agus aríß eile é, agus mharaigh sé ar an spota é.

Rinne sé féin agus a dheartháir eile faoin gcúirt chun í a leagadh ar ais, agus má rinne thug an garsún faoi ó mhullach an chrainn le bullán eile cloiche, agus chuir sé an dara gearradh ann. D’iompaigh sé timpeall ar an dara deartháir. “A rascail!” ar seisean, “is tusa a bhuail an dá uair mé, agus mharaigh mé mo dheartháir mar gheall ort, agus maróidh mé tusa anois!” Mharaigh sé é.

D’fhéach sé mórthimpeall air féin, agus chonaic sé Seán – [b’in é ainm an gharsúin] = sa chrann in airde agus dúirt leis teacht anuas. Dúirt Seán leis, “ní beag duit a lua,” ar seisean, “rachaidh mé síos chugat.” “Cad atá tú ábalta ar a dhéanamh?” arsa an fathach. “Táim,” arsa Seán, “an bhfeiceann tú an chloch sin i mo dhorn?” “Feicim,” arsa an fathach. “Bhainfinnse fual agus salachar amach as an gcloch sin le hí a fháscadh i mo dhorn, rud nach ndéanfá-sa,” ar seisean. “Ní fhaca á dhéanamh fós tú,” arsa an fathach. “Féach in airde orm,” arsa Seán. D’fhéach an fathach in airde ar Sheán. D’oscail Seán an mhealbhóg leathair in airde sa chrann, agus scaoil sé síos idir an dá shúil air an mheadhg agus an gruth agus an chloch in éineacht. Tháinig eagla ar an bhfathach roimhe, agus dúirt sé leis go sibhialta teacht anuas agus go ndéanfadh sé comrádaí lena shaol dó.

Tháinig Seán anuas, agus d’imigh sé air in éineacht leis an bhfathach abhaile; agus chonaic máthair an fhathaigh an strainséir in éineacht lena mac, agus d’fhiafraigh sí dá mac cá bhfuair sé é sin. “Éist do bhéal, a mháthair,” arsa an fathach, “ard-ghaiscíoch is ea é sin.” “Cá bhfios duit?” ar an tseanchailleach. “Beir amach é,” ar sise, “agus tástáil é ag caitheamh an oird.”

Chuaigh siad amach ar an bpáirc. Thug an fathach an t-ord leis ina dhorn. “Seo, a Sheáin,” ar seisean, caithfimid an t-ord, féachaint cé is sia a chuirfidh é.” “Bíodh an cheadchaitheamh agatsa,” arsa Seán. Chaith an fathach é, agus chuir sé deich slat ar fichid é don chaitheamh sin. “Tabhair chugam an t-ord go gcaithfidh mé é,” arsa Seán. Thug sé an t-ord chuige, agus rug Seán ar lámh an oird ina dhorn, agus dúirt sé go raibh deartháir dó ina ghabha sa Domhan Thoir, agus go ndéanfadh sé casúr deas dó, chun é a thiomáint tairní i gcruite a chapaill. “Ó i gcuntas an tsaoil!’ arsa an fathach, “a Sheáin, ná caith uaim as mo radharc é. Sin ord atá anseo le mo shean-athair; ní cheadóinn ar aon ní é imeacht uaim.”

Níor chaith Seán in aon chor ansin é; agus tháinig isteach ar ais, agus d’inis an fathach dá mháthair cad a bí Seán chun a dhéanamh leis an ord, “ach do stop tusa é,” ar seisean. “Tá go maith,” arsa an tseanchailleach. “Beirt leat amárach sa choill é ag iarraidh beart craobh chun tine.”

D’imigh siad orthu lá arna mhárach agus rug siad dá théad mhaithe leo, agus tua mhaith chun na mbeart a ghearradh. Shuigh Seán síos sa choill, agus thóg sé a aimsir. Dúirt sé leis an bhfathach: “bhain do bheart féin anois,” ar seisean, “go bhfeice mé cad é an neart atá ionat.” Ghearr an fathach ualach maith do chrainn mhaithe throma, agus d’fháisc sé suas a bheart nuair a b’am leis a dhóthain a bheith bainte. Chrom Seán ar scártaíl gáirí faoin mbeart. “Cad atá do do chur ag gáirí, a Sheáin?” arsa an fathach. “Táim ag gáirí fútsa agus faoi do bheartín suarach,” arsa Seán. Phreab Seán ina shuí le fearg. “Tabhair dom i leith an tua sin uait,” ar seisean, “ go ngearrfaidh mé an choill ar fad! Tarraingeoidh abhaile i mo dhiaidh ar fad í” ar seisean.

“I gcuntas Dé, a Sheáin, ná déan!” ar seisean; “caillfí leis an bhfuacht sinn, mar ní fhásfaidh sí go deo arís. Téanam ort abhaile, agus ná bac aon phioc di.”

Tháinig siad abhaile. Tháinig Seán abhaile gaon aon bheart, agus an fathach ag lúbarnaigh leis an mbeart a bhí air féin. Bhí an tseanchailleach amuigh rompu, agus d’fhiafraigh sí den fhathach cá raibh beart Sheáin. “Máthair a chroí dhil,” arsa an fathach, “ná habair faic. Bhí sé chun an choill ar fad a ghearradh agus í a thabhairt leis in aon ualach amháin, agus stop mise é, mar gheobhadh muid bás leis an bhfuacht, agus ní fhásfaidh sí go deo arís.”

D’ith siad a suipéar dóibh féin agus chuaigh ag geall le chéile cé acu is mó a d’íosfadh. Bhuail Seán a mhealbhóg leathair laistigh dá léine, agus bhí siad araon ag ithe gachra mias bia; agus nuair a bhí a dhóthain ite ag Seán chuir sé dhá mhias eile i ngan a fhios don fhathach síos sa mhealbhóg. D’fhiafraigh sé den fhathach an raibh a dhóthain ite aige. Dúirt an fathach go raibh: “Ní fhéadfainn a thuilleadh a iompar,” ar seisean. “Sea,” arsa Seán, “an mbíonn aon chleas agaibh á dhéanamh tar éis bia? Bíonn cleasa inár n-áitne go minic tar éis bia a ithe,” ar seisean. “Cad iad na cleasa iad?” arsa an fathach. “Tabhair chugam an mias sin thall,” arsa Seán, “agus taispeánfaidh mé duit é.”

Fuair sé an mhias ón bhfathach agus bhuail Seán idir a dhá chos í, agus chrom sé os a cionn in airde. Fuair sé scian mhaith fhabharúil agus sháigh sé an scian isteach i mbun a bhoilg sa mhealbhóig, agus tharraing sé an scian ó bhun go dtí barr na mealbhóige, agus d’fhág sé amach as an mealbhóg dá mhias den bheatha a bhí ite aige.

“Sea, a Sheáin,” arsa an fathach, “níor thástáil mise an cleas sin riamh, agus taispeáin an scian agus tástálfaidh mé anois é.” Rug an fathach ar an scian agus sháigh isteach i mbun a bhoilg í, agus tharraing sé suas í, agus tháinig a bheatha agus na putóga amach in éineacht. “Dhera, lean ort, a amadáin!” arsa Seán, “mharaigh tú tú féin.”

D’imigh Seán, agus ghlaoigh sé ar an tseanchailleach. Tháinig sí, agus is amhlaidh a bhí an fathach roimpi ag tarraingt na hanála. “Sea,” arsa Seán leis an tseanchailleach, “beidh mise ag imeacht as seo, mar níl aon chuileachta agam ann, agus déan ciste aráin dom i gcomhair an bhóthair.” Rinne sí an císte aráin do Sheán, agus d’oscail sí amach an bácús. Sheas sí in airde ar stól, agus bhí sí ag síneadh na bollóige siar san oighean chun í a bhácáil. Phreab Seán ina shuí, agus bhuail sé lámh…(go leath. a 6)

How many of your friends have never heard of “The Claidheamh”?  Send this copy to one of them.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (1 Deireadh Fómhair 1915)'

  • Fearn

    Tuige a chuir sibh suas leathanach a 2 gan an fuíoll ar leathanach a 6?