An Claiḋeaṁ Soluis – ‘Bhí ag éirí linn go geal sa bhailiú a bhí ar siúl san earrach go dtí gur tháinig an Cháisc’

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (11 Samhain 1916) …uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

An Claiḋeaṁ Soluis – ‘Bhí ag éirí linn go geal sa bhailiú a bhí ar siúl san earrach go dtí gur tháinig an Cháisc’

Claíomh-188

An Claidheamh Soluis

Samhain 11, 1916

An Ciste

A Chomh-Ghaela

B’áil leis an gCoiste Gnó a chur ar a súile dá gcairde go léir a riachtanaí is atá sé gach ní a chur i gcóir gan righneas le haghaidh saothraithe na Gaeilge sa gheimhreadh atá lámh linn.

De dheasca ár nUachtarán agus mórshlua dár ndilchairde is dár bhfíréin a bheith imithe uainn tá ar gach duine againn ár ndícheall bháis a dhéanamh don iarracht seo chun obair na Gaeilge a chur chun cinn níos fuinniúla ná mar a rinneadh riamh go dtí seo.

Is fonn linn beart thar na bearta a dhéanamh do theanga na hÉireann i mbliana. i ngach áit a raibh Craobh de Chonradh na Gaeilge aon uair, nó buíon le haghaidh na Gaeilge, nó buíon chun teagasc staire ár ndúiche féin, táimid á achainí ar Ghaeil na mball sin an obair a chur faoi réim arís gan mhoill, i dtreo nach mbeadh cara linn díomhaoin.

Ní móide go dtarlóidh riamh aon tráth go raibh spiorad agus anam ár muintire chomh bíoga is mar atá siad inniu; ní raibh riamh go dtí seo a leithéid d’obair is atá faoinár lámha inniu. Ach ní mór é a dhéanamh láithreach bonn. A lucht léite na línte seo mura bhfuil sibh ag saothrú don Ghaeilge cheana féin níl agaibh le déanamh ach teacht gan spás agus luí isteach in ár gcuibhreann.

Cad is gá dúinn a inseacht anseo a bhfuil uainn i dtaobh teanga ár sinsear. Ach thar gach ní, ní foláir tacú le saothraithe na Gaeilge sa Ghaeltacht féin agus í a leathadh in ionad a chéile ar fud na hÉireann. Ina chóir sin ní mór dúinn neart airgid.

Bhí ag éirí linn go geal sa bhailiú a bhí ar siúl san earrach go dtí gur tháinig an Cháisc is go ndeachaigh a lán nithe bunoscionn in Éirinn – cuireadh stad le mórán feiseanna, b’éigean an tOireachtas a thabhairt abhaile ón áit a bhí ceaptha dó, agus níor fhan spionnadh in obair na Gaeilge thall ná abhus.

Ach bhí Ard-Fheis thar barr againn – dhá chéad éigin teachtaire a raibh fonn is misneach orthu. Is léir gur tháinig casadh na taoide agus tá sí ag borradh go tréan inniu.

Tá ceaptha againn bailiú faoi leith a dhéanamh agus braitíní a chur ar díol. Táimid á iarraidh ar Ghaeil Éireann cabhrú go fial leis an obair.

Na cinn is cruinne atá againn admhaímid gur ar obair na Gaeilge atá seasamh ár ndúiche, chun Éire a bhuanú i gceart, idir anam is corp.

Ní heagal linn a rá nach fearr a thuill aon Chumann airgead riamh ná mar atá tuillte ag lucht na Gaeilge le breis is fiche bliain, agus dá bhrí sin tá muinín daingean againn nach n-eiteoidh muintir na hÉireann sinn faoin sparán nach mór a bheith ann chun an goradh a sheasamh don Ghaeilge is do dhúchas Gael.

Beimid buíoch de chraobhacha an Chonartha agus de bhailitheoirí eile a chur in umhal d’Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, 25 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath, cé mhéad bratach agus póstaer a bheidh ag teastáil uathu, agus an lá atá ceaptha le haghaidh bailithe na mbratach. Caithfidh an bailiú sin gan a bheith níos déanaí ná Nollaig 21.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis – ‘Bhí ag éirí linn go geal sa bhailiú a bhí ar siúl san earrach go dtí gur tháinig an Cháisc’'