An Claiḋeaṁ Soluis’ – An ndéanfar obair an Chonartha de réir am Shasana?

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (21 Deireadh Fómhair 1916) …uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claíomh-157

2                            An Claidheamh                            Deireadh Fómhair 28, 1916

…bhí sí ag mallachtaigh na bhfear nach gcuideodh le Gaeil. I lár na cainte di stad sí agus d’iarr cipín solais ar Mhac Stiofáin. Ag dul abhaile dó tráthnóna caitheadh cith piléar ina dhiaidh. Bhí siad ag feadaíl os a chionn agus lena ais. Ach d’éalaigh sé eatarthu slán.

D’éirigh dóiteán mór sa chathair i ndeireadh na seachtaine. B’iontach an dóiteán é. Dhearg agus dhubhaigh sé an spéir. Chonacthas é i bhfad ón gcathair, agus chuir sé uamhan ar dhaoine. Deirtear gur cuireadh na tithe trí thine in aon turas leis na hÓglaigh a chur amach. Nuair a bhí greim ar Oifig an Phoist ag an dóiteán b’éigean dóibh teitheadh. Nuair a tháinig an Piarsach anuas ó bharr an tí casadh dalta as Scoil Éanna leis. “Tá ár bport seinnte,” ar Pádraic leis, “ach nach ndearnamar an ceart?” Níor fhéad an Piarsach codladh a dhéanamh an tseachtain sin.

Na daoine nach raibh sa troid d’umhlaigh siad don fhorneart nuair a tháinig sé orthu. Bhí Easpag Protastúnach ag teacht isteach Faiche Stiabhna ina ghluaisteán mór galánta. Stad sé ag an teach ósta. Tháinig óglach go dtí an tiománaí agus d’ordaigh dó an gluaisteán a chur i mbearna sa mbaracáid. Bhreathnaigh an tiománaí ar an Easpag.  “Déan,” arsa an tEaspag, agus rinne. Cuireadh gluaisteán fir eile isteach sa bharacáid céanna agus d’fhan an fear á fhaire. “Cad chuige duit a bheith ag feitheamh anseo?” a fiafraíodh de. “Eagla go ngoidfí mo lampa nua,” ar seisean.

Is ar Fhaiche Stiabhna a chonaic Mac Stiofáin an chéad doirteadh fola. Fear bocht a bhí ag iarraidh trucail a bhaint as an mbaracáid ar ais nó ar éigean. Chaith óglach leis agus gortaíodh é. Chuir an fhuil scanradh ar a raibh i láthair. Bhí cleachtadh acu ar an bhfuil roimh dheireadh na seachtaine. Na gunnaí móra agus an dóiteán a chuir cuid den slua ar thaobh na nÓglach.

Ní léir dúinn fós an t-olcas nó an mhaitheas a leanfaidh an tÉirí Amach. Tá meanma Gael níos treise dá bharr. Ach is baolach go bhfuil Gaeil níos laige. Tá na ceannairí faoin gcré nó faoi ghlas. Is dóigh le Mac Stiofáin gur fearr d’Éirinn an troid. Ma tá Hóm Rúil caillte is é Seán Réamoinn is ciontach, dar leis. Gheall sé cúnamh Gael do Shasana, agus gheall sé in aisce é. Gheall sé an cúnamh gan comhairle a ghlacadh le muintir na hÉireann. Bhí an cúnamh ó Shasana agus bhí sí á iarraidh go teanntásach agus go bagarthach. Ní dhéanfadh sí margadh cóir linn agus tharla gach ar tharla.

The Insurrection in Dublin,” by James Stephens. Maunsell and Co.

An Clog Gallda

I seomra Chonradh na Gaeilge ag 25 Cearnóg Pharnell tá clog Gallda. Ní chreidfinn é ach go bhfaca mé le mo dhá shúil é. Ach is fíor go bhfuil sé ann agus is é an t-am Gallda a chanann an clog Gallda sin. Ní hé an t-am Gaelach é, an t-am a cheap Dia na Góire do Ghaeil, an t-am a bhronn Sé ar an tírín seo ar leith i lár na firmamentum: an t-am ar chroch Sé an ghrian lonrach sa spéir le taispeáint dúinn; an t-am a d’ordaigh sé dúinn nuair a d’éalaigh Sé an solas ón dorchadas, agus an t-uisce ón talamh, an uair a chruthaigh Sé gach dúil fiú an duine féin. Dhiúltaigh an clog Gallda atá i seomra an Chonartha ag 25 Cearnóg Parnell an t-am nádúrtha úd, agus nochtaigh dúinn ar a aghaidh mhínáireach an t-am bréagach a cheap Feis Shasana [Westminster] dúinn .i. am Shasana; an t-am Gallda; an t-am cam; an t-am mínádúrtha.

An namhaid a rinne an beart nó an é an clog féin ba chiontach leis? Cinnte nár athraigh Gael nó Gaeilgeoir an t-am. Níorbh aon oifigeach den Chonradh a rinne an feallbheart, níorbh iad an Coiste Gnó, nó an Coiste Ceantair, nó fear an Chlaidhimh. Agus ní thuigim go bhfuil diabhal an chlódóra ag 25 Cearnóg Parnell arbh fhéidir an milleán a fháil air. Ceist agam ort, a fhir eagair? An ndéanfar obair an Chonartha de réir am Shasana? An dtiocfaidh an Coiste Gnó le chéile, de réir an chloig fhealltaigh? An bhfágfaidh an cisteoir an oifig 25 nóiméad roimh an am tráthnóna nuair a bhuailfear an clog coigríoch? Nuair a fheicfimid 8 a chlog ar chloig coirme ceoil nó céilí, an de réir ordú an fhir thall a rachaidh muid chun na coirme ceoil nó an chéilí? Ceist amháin eile. An bhfuil aon Ghael dílis ag 25 Cearnóg Pharnell a bhrisfidh clog iomlatach dímhúinte a chuireann ina luí orainn nach bhfuil an ghrian ‘sa’ spéir?

Cú Uladh

Toradh an Fháinne

An chéad chéilí den Fháinne! Nó an chéad chóisir mar a tugadh air. Agus bhí comhlacht breá i láthair agus bhí sult agus greann ann agus gan focal Béarla á chasadh ann nó feidhm leis. Bhí níos mó cainte agus comhrá ann ná is gnách a bheith ag céilí agus gach ní níba shaoráidí agus níba shásta ar a dtoil féin ag gach aon duine. Bhí rince ann ach níor caitheadh an oíche le rince mar a dhéantar corruair ag céilí. Bhí amhránaíocht ann ar an sean-nós agus sa tseanteanga. Bhí cruitireacht ann agus bhí píobaireacht ann. Bhí an veidhlín agus an pianó ann fosta. Agus bhí rud eile ann nach bhfaightear i gcónaí ag céilí, bhí braon maith tae ann. Agus siúcra agus uachtar agus toirtíní agus bairíní breaca agus cácaí ilchineálacha sobhlasta eile. Tá an Fáinne ag teacht chuige féin agus beifear ag déanamh rud feasta.

Cú Uladh

Béal Feirste

Tá toradh maith ar an gcruinniú poiblí cheana. Osclaíodh craobh úr i bparóiste Naomh Maolmhaodhóg seachtain ó shin agus beidh an chéad chruinniú de chraobh eile i mBaile Mhic Airt ar an 26ú. Tá ábhar dhá chraobh ag obair go maith i gceantar na Seanpháirce. Bhí ceithre scór mac léinn ann ina ranganna ag Craobh Oisín Dé Domhnaigh seo thart agus táthar ag súil le tuilleadh. Tá tús curtha ar obair an tseisiúin ag an dá chraobh is mó, ‘Réalt an Eolais’ agus ‘Cú Uladh’, agus is gairid go raibh na craobhacha eile réidh. Is fada anois ó bhí Conradh na Gaeilge chomh líonmhar láidir i mBéal Feirste, agus ó bhí an oiread sin daoine ann a dtig leo Gaeilge a theagasc. Má dhéanann na daoine seo a gcuid féin sa chúis beidh linn i mbliana.

Béarfaidh Seán Mac Maoláin léacht sa “Chúinne” Dé Domhnaigh seo chugainn ar “Staid na hÉireann”.