An chuimhne agus an cinniúnachas – ceist chasta an Ghorta i gContae an Chláir

LÉIRMHEAS LEABHAIR: Tá léamh éirimiúil ar fáil i leabhar nua faoin nGorta Mór i gContae an Chláir, ach tá an leabhar céanna ag brath rómhór ar dhearcadh traidisiúnta faoin tubaiste

An chuimhne agus an cinniúnachas – ceist chasta an Ghorta i gContae an Chláir

Figures in a Famine Landscape, le Ciarán Ó Murchadha (Londain: Bloomsbury, 2016; pp. 227. £19.99)

Ina leabhar tábhachtach mar gheall ar an tsíceolaíocht dhaonna, The Principles of Psychology (1890), rinne William James iarracht teacht ar thuiscint ar an gcuimhne. Scríobh sé go raibh tréithe na mothúchán le tabhairt faoi deara sa chuimhne againn, mar aon le tréithe an mhachnaimh theibí.

‘[Past states of mind] are ‘objects of memory’, and appear to us endowed with a sort of warmth and intimacy that makes the perception of them seem more like a process of sensation than like a thought,’ a mhaígh sé. Is mór an chabhair dúinn léargas James agus an leabhar nua seo ar an nGorta Mór sa Chlár á achoimriú againn. Ní theastaíonn ón údar fulaingt uafásach chosmhuintir iarthar an Chláir a bhreacadh gan mothúcháin a léiriú ná gan mothúcháin a spreagadh i gcroí an léitheora.

Ba chasta iad sonraí na scéimeanna riaracháin éagsúla a cuireadh ar bun sa chontae chun faoiseamh éigin a chur ar fáil nuair a theip go hiomlán ar na prátaí tar éis 1847, agus tugtar cur síos éirimiúil ar chur chuige Pheel (allmhairiú bia ón iasacht chun an bhearna áitiúil a líonadh). Tá cur síos tuisceanach chomh maith ann ar theoiricí difriúla na Whigs faoi John Russell a chuir iachall ar na húdaráis áitiúla costas an fhaoisimh a dhíol ina iomlán, cinneadh a chruthaigh éigeandáil dhaonna mór nuair a rinne na tiarnaí talún iarracht na billí a laghdú trí na mílte de thionóntaí bochta a dhíbirt as na tailte áitiúla.

Ach más casta na sonraí anseo, is simplí na cuspóirí, dar leis an údar. Ní raibh i gceist sa réigiún seo ach ‘mass murder’, ‘acts of barbarity’ agus ‘clearance atrocity’. ‘Carnage’ ba thoradh le doicheall ‘exterminator’ áitiúil cosúil le Marcus Keane, agus ‘utter failure’ a bhí san iarracht formhór na gCaitliceach a ghríosú i dtreo an Phrotastúnachais leis an ‘soup school’.

Ní chun leas an leabhair an fhoclaíocht thraidisiúnta seo toisc nach gcabhraíonn úsáid na dtéarmaí seo leis an léitheoir dianmhachnamh a dhéanamh ar na ceisteanna is casta ón ré dhearóil úd, ceisteanna, mar shampla, a bhaineann le meon an chinniúnachais i measc na cosmhuintire le linn na tragóide, mar shampla.

Más fút tréith ait sin na cosmhuintire a thuiscint, ba chóir tabhairt faoi leabhar Bhreandáin Uí Bhuachalla, Aisling Ghéar: Na Stíobhartaigh agus an tAos Léinn, 1603-1788 (1996).

Tugann Ó Buachalla ‘an Deonú’ (providentialism) uirthi, agus déanann sé cur síos ar fhréamhacha stairiúla Caitliceacha, fiú, na teoirice ‘…gurbh é Dia ar mhaithe leo a dheonaigh a n-anchás’.

‘Dob fhéidir gnáth-thubaistí laethúla an tsaoil a fhulaingt ach a thuiscint gurbh é Dia uilechumhachtach a cheadaigh iad,’ a deir Ó Buachalla.

Ní léir fós cén fáth nár éirigh an tír ar fad amach in 1847 mar a tharla sa Fhrainc ocrach i 1789.

Chun tairbhe a bhaint as taighde Figures in a Famine Landscape, ní foláir guth bearránach an údair a scagadh, mar aon leis an bhfriotal aisteach atá in áiteanna sa téacs. (Ní léir cad is brí le ‘resourcefully remoulding in their lives’ ar lch 59, nó ‘redoubled to dimensions not far short of the diabolical’ ar lch 127.)

Ba chuma ach ní theastaíonn aon aidiachtaí liobarnacha nó tráchtaireacht fheargach i gcás an ghorta i gContae an Chláir. Insíonn na fíricí a scéal féin, ach go háirithe na fíricí a bhaineann le fulaingt na bpáistí agus na seandaoine.

Ba dheas dá mbeadh níos mó ráite ag an údar faoi na ‘levellers’ a luaitear – na déagóirí bochta stiúgtha sin ós na bailte móra a fuair cúpla pingin agus alcól ó thiarnaí talún móra chun botháin na cosmhuintire fén dtuath a réabadh.

Músclaíonn eachtraí mar sin mórcheist eile nach ndéantar dóthain machnaimh uirthi anseo – an choimhlint inmheánach idir na haicmí Caitliceacha éagsúla le linn an Ghorta Mhóir, téama atá go mór sa treis i bhfilíocht na mbocht tar éis 1852, agus i leabhair William Carleton.

Chuirfeadh an chuid den leabhar a bhaineann leis na ‘levellers’ saothar Steinbeck i gcuimhne duit, ach go háirithe The Grapes of Wrath a chuireann béim ar ‘maledictions of the big growers’ agus naimhdeas na mbocht dá gcomharsana a bhí beagáinín níos fearr as. Seo leabhar nua ar an nGorta i gContae an Chláir, ach is leabhar traidisiúnta é maidir lena léamh ar an tubaiste go ginearálta.