‘An Choir Mhór’ – Cinedhíothú na nAirméanach

Tá slad a rinneadh ar a gcine céad bliain ó shin á chaoineadh ag pobal Airméanach na cruinne inniu. Cothaíonn an fhoclaíocht a úsáidtear chun cur síos ar ar tharla dóibh idir 1915 agus 1917 conspóid mhór. Ach cé a shocraíonn cad is cinedhíothú ann?

April24Victims

April24Victims

Céad bliain ó shin inniu, cuireadh tús le géarleanúint ar mhuintir na hAirméine a raibh bás idir milliún agus milliún go leith Airméanach mar thoradh uirthi.

Bhí an Chéad Chogadh Domhanda faoi lán tseoil agus bhí cónaí ar mhórchuid na nAirméanach san Impireacht Otamánach, a bhí ag troid ar thaobh na hOstair-Ungáire agus na Gearmáine i gcoinne na Breataine, na Fraince agus na Rúise. Bhí imní ar cheannairí na hImpireachta Otamánaí go dtaobhódh an pobal Airméanach, pobal Críostaí i dtír Mhoslamach, leis an Rúis.

Ar an 24 Aibreán 1915 gabhadh dhá chéad caoga ceannaire de chuid an phobail Airméanaigh i gCathair Chonstaintín (Iostanbúl an lae inniu), ardchathair na hImpireachta Otamánaí. Breathnaíonn an pobal Airméanach (a bhfuil cónaí ar mhionlach de i bPoblacht na hAirméine ach ar scaip an móramh ar fud an domhain tar éis an Chéad Chogadh Domhanda) ar an dáta seo mar thús ‘Cinedhíothú na nAirméanach’.

Téarma conspóideach é ‘Cinedhíothú na nAirméanach’, áfach.

Ní ghlacann an Tuirc, an stát a tháinig i gcomharbacht ar an Impireacht Otamánach, ní ghlacann sí leis ar chor ar bith toisc, a deir Iostanbúl, nár beartaíodh bás an mhilliúin nó an mhilliúin go leith Airméanach a d’éag san uafás roimh ré (mar a tharla i gcás cinedhíothú na nGiúdach.)

Glaonn na Turcaigh ‘Eachtraí 1915’ ar ar tharla.

Le cúpla seachtain anuas, ba léir gur chúis mhór chonspóide i gcónaí é an téarmaíocht a úsáidtear chun tagairt don ár, ach go háirithe nuair a d’athghair an Tuirc ambasadóir na tíre sin sa Vatacáin tar éis don Phápa Proinsias an téarma ‘Cinedhíothú’ a úsáid.

Ceaptar go mbainfidh ceannairí rialtais éagsúla san Eoraip úsáid as an téarma céanna inniu, ach ní dhéanfaidh Uachtarán na Stát Aontaithe, Barack Obama, amhlaidh ar eagla go rachaidh caidreamh a thíre leis an Tuirc i ndonas ag am a bhfuil comhghuaillithe ag teastáil go géar ó na Stáit sa mheánoirthear.

Ar cheart ‘cinedhíothú’ a thabhairt ar ar tharla le muintir na hAirméine céad bliain ó shin?

Dar liom go bhfuil an ceart ag gach pobal a rogha rud a thabhairt ar eachtraí a staire féin. ‘Medz Yeghern’, nó ‘An Choir Mhór’, a thugann muintir na hAirméine ar ar bhain dóibh céad bliain ó shin ina dteanga féin, is cosúil.

Ar an ábhar sin, ní fheicim cúis ar bith nach dtabharfadh bundúchasaigh Mheiriceá Thuaidh agus Mheiriceá Theas ‘cinedhíothú’ ar ar bhain dóibhsean tar éis don fhear geal seilbh a ghlacadh ar a dtailte.

Ná ní léir dom cúis ar bith nach dtabharfadh an cine gorm ‘cinedhíothú’ ar an trádáil sclábhaithe thrasatlantach.

Tá an Pápa agus ceannairí eile san Iarthar ag iarraidh ar an Tuirc cinedhíothú a admháil, agus molaim iad. Ach is ait liom an chaoi nach n-úsáideann siad an téarmaíocht chéanna chun cur síos ar a ról féin i mbás na milliún bundúchasach agus Afraiceach.

Fág freagra ar '‘An Choir Mhór’ – Cinedhíothú na nAirméanach'

  • Fearn

    B’fhearr liom go gcuimhneofaí ar an gcor a chuireadh i saol na nAirméanach taca an lá seo céad bliain ó shoin ná ainilís ar a bhaiste.

    Tá fhios ag an saol nach bhfuil siad ina n-aonar, ach seo a lá-san. Caithimis dua beag leis