An choimhlint idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill buaicphointe dheireadh seachtaine mór d’fhoirne Gaeltachta

Idir chluichí leathcheannais idirmheánachaw Chorcaí agus na Gaillimhe, tá cluichí móra ag foirne Gaeltachta an deireadh seachtaine seo ach níl aon amhras ach gurb é an cluiche idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill i gCraobh Shinsir Dhún na nGall an ceann is mó acu

An choimhlint idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill buaicphointe dheireadh seachtaine mór d’fhoirne Gaeltachta

Páirc Mhic Cumhaill

Beidh cluiche ollmhór ann anocht i gCraobh Shinsir Peile Dhún anocht agus Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill ag tabhairt aghaidh ar a chéile chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an chontae.

Cuirfear tús leis an gcluiche ag 7.30i.n. i bPáirc Mhic Cumhaill agus beidh Cill Charthaigh ag fanacht ar an mbuaiteoir sa chluiche ceannais. Craolfar cluiche na hoíche anocht beo ar eir Sport 2 chomh maith.

Sháraigh Gaoth Dobhair curaidh 2014 nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Naomh Adhamhnáin sa bhabhta ceathrú ceannais agus beidh orthu curaidh 2015 a bhualadh anocht más fúthu an cluiche ceannais a bhaint amach.

Is mór idir taithí fhir Ghaoth Dobhair agus fir Naomh Conaill ar an gcuid seo den chraobh. Is é seo an chéad uair ó 2006 ar éirigh le Gaoth Dobhair an cluiche leathcheannais a bhaint amach. Ar an lámh eile, is í seo an ceathrú bliain as a chéile an gaisce sin déanta ag cumann na nGleannta.

Tá cúpla imreoir ag Gaoth Dobhair, leithéidí na McGees agus Kevin Cassidy, a d’imir san fheachtas sin in 2006, nuair a thug siad leo Craobh an Chontae. Tá meascán maith ag an bhfoireann ó thaobh na taithí sin agus fuinneamh na hóige agus go leor imreoirí nua tagtha chun cinn le roinnt blianta anuas. Bhí seachtar ó Ghaoth Dobhair ar phainéal Faoi-21 Dhún na nGall i mbliana agus ba bheirt acusan, Cian Mulligan agus Dáire Ó Baoill, a d’aimsigh na cúil nuair a bhuaigh foireann na Gaeltachta in aghaidh Naomh Adhamhnáin cúpla seachtain ó shin.

Ar ndóigh, níl aon easpa taithí idirchontae ar Naomh Conaill ach an oiread agus tá boinn uile-Éireann buaite ag Anthony Thompson, Leo McLoone agus Dermot ‘Brick’ Molloy le Dún na nGall ó 2012. Tá a gcuid imreoirí óga cumasacha féin acu chomh maith, go háirithe Ciarán Thompson agus Eunan Doherty.

Tar éis do Chill Charthaigh greadadh a bhualadh ar Naomh Micheál sa chéad chluiche leathcheannais an deireadh seachtaine seo caite, táthar ag súil le cath níos déine i mBealach Féich anocht agus gach seans go mbeidh sé chomh maith agus atá daoine ag súil leis.

Is deireadh seachtaine mór é do chúpla foireann Ghaeltachta eile atá ag imirt i gcluichí leathcheannais ina gcraobhacha féin.

I gCorcaigh tráthnóna, imreoidh Cill na Martra i gcluiche leathcheannais Chraobh Idirmheánach an chontae. Is iad fir Mhúscraí rogha na coitiantachta sa chluiche seo agus iad ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Mhistéala i mBántír ag 4.30i.n.

Is é cluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta an t-aon chluiche atá caillte ag Cill na Martra i mbliana agus bhí siad dosháraithe sa chraobh agus sa tsraith ina gcontae féin. Idir mhuintir Dhuinnín agus Micheál Ó Deasúna sna tosaithe, ba cheart go mbeadh siad róláidir d’fhoireann nach bhfuil ag imirt ach i Roinn 4 den tsraith. Tá Cill na Martra ar bharr Roinn 2.

Amárach, Dé Domhnaigh, tabharfaidh Oileáin Árann aghaidh ar Bhaile Liam i gcluiche leathcheannais Chraobh Idirmheánach na Gaillimhe i bPáirc an Phiarsaigh. Fuair na hoileánaigh an ceann is fearr ar Dhún Mór sa bhabhta roimhe seo chun cáiliú don chluiche leathcheannais den chéad uair riamh.

Tháinig an dá fhoireann seo aniar aduaidh ar dhaoine i mbliana. Agus foireann óg lán fuinnimh acu, tá an-seans ag Oileáin Árann an beart a dhéanamh agus áit a bhaint amach sa chluiche ceannais.

Dé Sathairn, 30 Meán Fómhair

Craobh Idirmheánach Peile Chorcaí

Cill na Martra v Baile Mhistéala, Bántír, 4.30i.n.

Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall

Gaoth Dobhair v Naomh Conaill, Páirc Mhic Cumhaill, 7.30i.n. (Beo ar eir Sport 2)

Dé Domhnaigh, 1 Deireadh Fómhair

Craobh idirmheánach Peile na Gaillimhe

Oileáin Árann v Baile Liam, Páirc an Phiarsaigh, 2.30i.n.

Fág freagra ar 'An choimhlint idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill buaicphointe dheireadh seachtaine mór d’fhoirne Gaeltachta'