An chéad tagairt do Ghaeltacht agus teanga…

CÚLÉISTEACHT TOGHCHÁIN: Ceapann Boyd Barrett go mbainfidh pinsinéirí plaic as Enda lá an toghcháin ach tuigeann Tom Fleming nach gcuirfeá gadhar amach an aimsir seo!...

8/2/2016 Pictured after the Fine Gael press confer

Ar chuala sibh uilig plubarnaíl an tseaimpéin as ceannárais na trí mhórpháirtí? David Byrne bocht a maraíodh ag an ócáid dornálaíochta, uafás ar chualamar faoi ó Dhaithí Ó Nuanáin ar Cormac ag a 5 inniu a bhí ag obair ag an ócáid, a thug deis dóibh uilig cúrsaí sparáin a chur i leataobh agus chuile dhuine acu dírithe ar sheasamh Shinn Féin faoin gCúirt Choiriúil Speisialta agus CIRA.

Bhí Joe Tiernan ar Nuacht a 1 ag rá go mb’fhéidir gur d’aon turas le cur as do Shinn Féin a rinne an IRA Leanúnach an feall. Mana ó neamh a bhí san ár a thug líofacht as an nua don Taoiseach.

Tá an chúirt sin mídhaonlathachach ach tá sé níos mídhaonlathaí imeaglú a dhéanamh ar fhinnéithe, a cheap painéal breá Chormaic. ‘Ní fhaca tú aon rud nó beidh tú marbh’ an bhagairt a cuireadh ar dhuine aitheantais ar scrios duine a bhí ag éalú ó eachtra éigin a charr. Ní bheadh aon fhonn ar an bpainéal  fianaise a thabhairt in aghaidh na maistíní contúirteacha sin.

Fiú nuair a fiafraíodh an mbeifí sásta do pháiste a fhágáil faoina leithéid de chúirt, níor athraigh aon duine a intinn.  Próifíl faoi leith daoine a bhíonn ar ghiúiréithe ar aon nós, dar le Muireann Ní Mhóráin, agus tá muinín aici as na breithiúna. Nach aoibhinn di. Bhí mé ag cuimhneamh le cúpla lá faoin gcéad uair a ndeachaigh Fianna Fáil isteach sa Dáil agus ba mhaith gur mheabhraigh éisteoir éigin don phainéal é.

Polasaí don oideachas Gaeltachta, airgead san oideachas tríú leibhéal, aireacht do chearta  d’aosaigh, aireacht shinsearach don Ghaeilge an liosta éileamh a bhí ag an bpainéal. Sin an chéad tagairt a chuala mé do Ghaeltacht ná teanga ó thosaigh an feachtas cé go raibh an Taoiseach an-mhórtasach as an gCoimisinéir Teanga, an tÚdarás, infreastruchtúr agus na turasóirí uilig a thiocfas inár dtreo agus é ag caint le hÁine Ní Chiaráin i Maigh Eo.

Abraíodh sé leo jíp a bheith faoin dtóin más fúthu Slí an Atlantaigh a fheiceáil nó is maith croite a bheas a bputóga. 

Bhí Ruth Coppinger agus Richard Boyd Barrett ag Seán O Rourke inniu, Dé Luain, agus tugadh deis dóibh a mbearta a mhíniú. Corparáidí agus daoine a shaothraíonn céad míle a chaithfeas an téiléireacht uilig a íoc agus mura dtaitníonn sé sin le Starbucks, déanfaimid ár gcaife féin. Is iomaí billiún a bhí idir a bport agus figiúirí Chiaráin Mhic an Bhaird ar RnaG a bhí ag meabhrú dúinn faoi na pinsin a bheas le híoc. Ceapann Boyd Barrett go mbainfidh pinsinéirí plaic as Enda lá an toghcháin.

Seacht suíochán atá ón mbeirt.

Bhí Dermot Ahern ar Hook ag meabhrú dúinn gur daoine mar chách iad na polaiteoirí a bhfuil de mhisneach acu vóta a iarraidh ort. Chuirfeadh sé iontas ort an réiteach a bhíonn le déanamh ag na créatúir.

Bhí Kate O’Connell ó Fhine Gael ag súil le páiste agus b’éigean dá deirfiúr siopaí carthanachta a chuartú le giobal éigin a fháil a chlúdódh a bráid sa bpictiúr do na póstaeir. Is cosúil nár thaitin sé le daoine áirithe go raibh dath bándearg ar a póstaer. Bíonn na póstaeir seo stóráílte i sciobóil ar fud na cathrach.

Is breá leis an iar-aire Niamh Bhreathnach na póstaeir mar ní bhíonn a fhios ag daoine cén dáilcheantar ina bhfuil siad dá n-uireasa! Is beag duine a bhí tútach ná mímhúinte léi riamh ar an tairseach. Bhí sí féin sách dalba agus í ina haire oideachais. Ó thosaíonn feachtas toghcháin, arsa Kate, is cuma le haon iarrthóir faoi aon phobalbhreith ach a feachtas féin! 

Is maith a thuigim do Tom Fleming as Ciarraí a chaith isteach an tuáille an lá eile agus is binn mar a chuir Tomás Mac Ginneá in iúl dúinn ar RnaG céard a chniog é – an dáilcheantar fairsing, feachtas trí seachtaine agus an drochaimsir. Mar a deir sé féin – ní chuirfeá gadhar amach an aimsir seo!

Fág freagra ar 'An chéad tagairt do Ghaeltacht agus teanga…'