Beidh an chéad Pop Up Gaeltacht ar Mhór-Roinn na hEorpa á reáchtáil anocht i bPáras na Fraince ag an ngrúpa Gaeilge ‘Gaeltacht-sur-Seine’.
Beidh an imeacht ar siúl sa Centre Culturel Irlandais Paris i lár na cathrach agus is ócáid ‘tabhair leat do bhuidéal féin’ a bheidh ann. Deir lucht a heagraithe go bhfáilteofar roimh dhaoine a mbeidh a gcuid bia féin leo ag an ócáid freisin.
Eagraíonn an Gaeltacht-sur-Seine imeachtaí do chainteoirí Gaeilge i bPáras – Éireannaigh atá ar imirce sa chathair sin, daoine de shliocht na hÉireann atá ag cur fúthu ansin agus Francaigh a bhfuil spéis acu sa chultúr Gaelach.
Reáchtáladh os cionn 40 imeacht Pop Up Gaeltacht ar fud an domhain ó tháinig cainteoirí Gaeilge le chéile don chéad leagan di sa teach tábhairne Rua i mBaile Átha Cliath ag deireadh na bliana seo caite.
Cé go raibh 20 imeacht ar siúl taobh amuigh d’Éirinn go dtí seo, creideann Gaeltacht-sur-Seine agus bunaitheoirí an Pop Up Gaeltacht gurb í ócáid na hoíche anocht an chéad uair a bheidh an branda in úsáid ar Mhór-Roinn na hEorpa.
Tá an Ghaeilge á labhairt i bPáras le fada an lá. Bunaíodh Coláiste na nGael sa chathair i 1578 agus roimhe sin bhí manaigh na hÉireann ag triall ó cheann ceann na Mór-Roinne mar oidí, mar mhisinéirí agus ag bunú mainistreacha. Maítear gur sa Centre Culturel Irlandais a foilsíodh an chéad fhoclóir Béarla-Gaeilge riamh, sa bhliain 1732.
Is é múnla an Pop Up Gaeltacht ná go bhfógraítear láthair ar na meáin shóisialta agus bítear ag súil le slua d’oíche ragairne sa teach tábhairne sin. Is é bunaidhm an Pop Up Gaeltacht a tosaíodh ag deireadh na bliana seo caite áit a chruthú do chainteoirí Gaeilge ar féidir leo dul ag ól agus ag labhairt na Gaeilge ar a gcompord.
Mise Áine
Très bien!
Go n-éirí go geal Gaelach leo..:-)
Mánus
Pop up pop out. Nárbh fhearr pobal lánGhaelach i mbruachbhaile amháin in Éirinn ná na céadta popups?