An chéad lá ar scoil

‘Níl tú le haon phictiúr eile a thógáil?’, a d’fhiafraigh beainín na naíonáin bheaga, subh sméartha ar a leicne is a gruaig greamaithe ann

Jam Sanwich

‘Tá do dhóthain pictiúirí a’t, a Mhamaí,’ a dúirt beainín na naíonáin bheaga agus í beagán corraithe liom. ‘Ceann amháin eile,’ a d’impigh mé uirthi, ‘agus ag breathnú ar an gceamara an uair seo.’

Lá mór a bhí ann, a céad lá ar scoil, agus mheabhraigh chuile dhuine a casadh orm le seachtain dom a bheith cinnte agus neart grianghrafanna a thógáil.

Lig sí osna mhór asti is chuir a doirne ar na cromáin. “Maith an cailín, seas ag an doras agus ceann amháin eile, sin an méid”, a gheall mé. Ghéill sí agus sheas suas is a droim le doras an tí. Dhírigh mé an ceamara uirthi, bhrúigh mé an cnaipe agus níor thárla tada. ‘Fan soicind, fan soicind, ná himigh,’ a dúirt mé agus thosaigh mé ag útamáil leis an gceamara.

‘Sin é a dheireadh,’ an rabhadh atá ag cuid mhaith tuismitheoirí eile a labhraím leo. ‘Chomh luath is a thosaíonn siad ar scoil, imíonn na blianta i ngan fhios duit.’

Bhreathnaigh mé ar mo chailín beag agus chuimhnigh mé nach bhféadfadh go n-imeodh na blianta chomh scioptha sin. Shamhlaigh mé mo shaol ag imeacht tharam ina chuaifeach gan sos gan stopadh. Thriáil mé comhaireamh cé mhéad bliain scoile a bhí amach romhainn. Bhuail lagmhisneach mé.

“Ok, tá sé a’m anois”. Bhreathnaigh mé suas agus mé réidh leis an bpictiúr a thógáil, ach ní fhaca mé ach an doras ag luascadh. Bhí sí imithe. “Tar ar ais”, a bhéic mé ina diaidh gan mórán dóchais.

Tháinig mé uirthi sa gcistineach agus í ag ithe slisín tósta. ‘Gabh i leith agus réiteoidh mé do ghruaig,’ a dúirt mé agus an scuab agus clibeannaí i mo lámh agam. Bhreathnaigh sí orm go hamhrasach, subh sméartha ar a leicne is a gruaig greamaithe ann. “Níl tú le haon phictiúr eile a thógáil?” a d’fhiafraigh sí. “Níl”, a dúirt mé.

Chríochnaigh sí a tósta is tháinig anall chugam. Ghlan mé a héadan. Thosaigh mé ag cíoradh a gruaige agus rinne iarracht an subh a bhaint as leis an scuab gan tús a chur leis an tríú cogadh domhanda.

Den chéad uair riamh, d’fhan sí socair dom. Chíoraigh mé a gruaig agus chuir dhá chlib ann. “An bhfuil mé réidh anois?” a d’fhiafraigh sí díom. “Tá”, a dúirt mé. D’fhág mé an ceamara i mo phóca. “Seo linn, mar sin”, a dúirt sí, “níl mé ag iarraidh a bheith deireanach”.

Fág freagra ar 'An chéad lá ar scoil'