An Chéad GaelGore – Féile Bram Stoker

Léiriú bunaithe ar aistriúchán Shéain Uí Chuirrín i gCaisleán Bhaile Átha Cliath

Zombie

Bram Stoker Launch Pic 15 smallÁras Inis Gluaire/Ionad Ealaíne Iorrais agus Fíbín, dhá chompántas Gaeltachta, a chuirfidh an léiriú Gaelach seo ar scéal an deamhain fola Dracula i láthair. Is mar chuid d’Fhéile Bram Stoker i mBaile Átha Cliath  an deireadh seachtaine seo a bheidh “An Chéad GaelGore” á léiriú. 

Díreoidh an dráma ar an gceangal leis an traidisiún Gaelach agus leis an mbéaloideas atá san úrscéal cáiliúil uafáis.

Bunaíodh an léiriú seo ar an aistriúchán cáiliúil a rinne Seán Ó Cuirrín, ó na Déise, sa bhliain 1933 ar shaothar Bram Stoker. Beidh saorchead isteach chuig an Séipéal Ríoga i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, áit a mbeidh sé ar siúl, ach ní mór áit a chur in áirithe roimh ré.

Tosnóidh an fhéile Dé hAoine 24 Deireadh Fómhair go dtí Luain 27 Deireadh Fómhair nuair a chuirfidh Macnas deireadh léi lena mórshiúl trí shráideanna Bhaile Átha Cliath.

“Tugann féile Bram Stoker léargas speisialta dúinn ar stair na cathrach sa naoú haois déag. Am a raibh suim sa ‘saol eile’ idir thaibhsí, spioraid agus na mairbh faoi lán seoil. Idir scannáin, chlár liteartha, Macnas, eachtraí aite agus Cheoldráma sa Pháirc, tá clár ilghnéitheach taitneamhach romhainn,” a dúirt Ray Yeates, Oifigeach Ealaíne Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh na féile: www.bramstokerfestival.com agus ar Twitter.

Fág freagra ar 'An Chéad GaelGore – Féile Bram Stoker'