An chéad fhód casta ag McHugh le haghaidh ionad pobail nua ar an bhFál Carrach

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go gcabhródh an t-ionad nua i nGaeltacht Dhún na nGall leis an bpleanáil teanga

An chéad fhód casta ag McHugh le haghaidh ionad pobail nua ar an bhFál Carrach

Tá an chéad fhód casta ag Aire Stáit na Gaeltachta ar an suíomh d’ionad pobail nua ar an bhFál Carrach, a bhfuil €466,000 ceadaithe aige lena thógáil.

Ba i mí Lúnasa a d’fhógair an tAire Stáit McHugh go raibh deontas suas le €466,000 á chur ar fáil do Choiste Forbartha an Fháil Charraigh chun tacú le tógáil an ionaid phobail nua i nGaeltacht Dhún na nGall.

Dúirt an tAire Stáit go raibh “lúcháir” air an chéad fhód a chasadh don ionad. Dúirt sé chomh maith go gcabhródh an t-ionad nua le cur i bhfeidhm an phlean teanga don cheantar agus mhol sé obair an choiste atá ag iarraidh go dtógfaí ionad pobail nua ar an bhFál Carrach le fada an lá.

“Tuigim go bhfuil an coiste áitiúil ag plé le forbairt an ionaid seo le fada, agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dóibh as an obair mhór atá déanta acu le blianta anuas.

“Mar Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, tá mé ag iarraidh tacú le pobal na Gaeltachta an teanga a shlánú agus a chur chun cinn.  Agus muid ag forbairt áiseanna pobail den chineál seo ar an Fhál Carrach, tá muid ag tacú ar bhealach iontach praiticiúil leis na hiarrachtaí seo.”

 

Fág freagra ar 'An chéad fhód casta ag McHugh le haghaidh ionad pobail nua ar an bhFál Carrach'