An chéad bhabhta maoinithe do Bhliain na Gaeilge oscailte

Tá suas le €50,000 ar fáil anois d’imeachtaí a reáchtálfar le Bliain na Gaeilge a cheiliúradh sna chéad sé mhí de 2018

An chéad bhabhta maoinithe do Bhliain na Gaeilge oscailte

Tá an chéad bhabhta maoinithe d’imeachtaí Bhliain na Gaeilge oscailte anois agus iarratais á lorg ó ghrúpaí éagsúla. €125,000 atá i sa chiste agus dáilfear an t-airgead sin ina dhá bhabhta maoinithe an bhliain seo chugainn.

Cuirfear suas le €50,000 ar fáil d’imeachtaí a eagrófar sa chéad leath den bhliain, ó Eanáir go Meitheamh 2018 agus idir €500-€1,000 a bheidh le fáil do na tograí a nglacfar leo.

Ní chuirfear aon mhaoiniú breise ar fáil, áfach, d’imeachtaí a bheidh ar siúl i gcaitheamh Sheachtain na Gaeilge, ó 1-17 Márta. Beidh suas le €75,000 ar fáil d’imeachtaí a bheidh ar siúl sa dara cuid den bhliain, ó mhí Iúil go mí na Nollag.

Is é Dé Máirt an 28 Samhain 2017 an sprioc le hiarratais a dhéanamh ar an maoiniú don chéad chuid den bhliain agus is é an 15 Aibreán 2018 an sprioc d’iarratais ar mhaoiniú don dara leath.

Seolfar Bliain na Gaeilge 2018 Oíche Chinn Bhliana sa Daingean i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Gealltar clár spleodrach imeachtaí a dhéanfaidh ceiliúradh ar Athbheochan na Gaeilge ó bunaíodh Conradh na Gaeilge 125 bliain ó shin, ach deirtear freisin go mbainfear leas as an mbliain le haird a tharraingt ar na dúshláin a bheidh roimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta amach anseo.

Cheadaigh Foras na Gaeilge deontas €450,000 do Bhliain na Gaeilge ag deireadh na míosa seo caite, agus maíonn Conradh na Gaeilge go bhfuil tacaíocht léirithe ag nach mór 100 grúpa don cheiliúradh.

Fógrófar na hiarratais ar éirigh leo ag tús na míosa seo chugainn agus déanfar íocaíocht faoi lár mhí Eanáir 2018.

Is féidir le haon ghrúpa, aon eagraíocht, aon choiste nó aon chlub a bhfuil sé i gceist acu imeacht nó tionscadal a reáchtáil do Bhliain na Gaeilge cur isteach ar an maoiniú nua seo.

Fág freagra ar 'An chéad bhabhta maoinithe do Bhliain na Gaeilge oscailte'

  • Ruairí

    Bliain Bhréagach na Gaeilge ag bagairt orainn sa nGaeltacht. Níl ábhar ceiliúrtha ar bith againn agus an teanga ag druidim i dtreo an déidh deiridh. Imirce agus dífhostaíocht níos measa ná riaimh ins na ceantracha láidre. Níl cur chuige comhtháite ar bith ag an Státchóras chun an Ghaeilge a shlánú mar theanga phobail sa nGaeltachta. Agus An próiséas teoiriciúil pleanála teanga atá ar learchois ní dóigh liom go bhfuil na pobail Gaeltachta sásta cur suas leis an moilleadóireacht agus an sparán teann a thuilleadh. Bíodh cóisir deas agaibh a “Cónra na Gaeilge “ i mBAC chun bhur dteip a cheiliúradh ach ná bígí ag caint faoin nGaeltacht mar ní thuigeann sibh an éigeandáil teanga atá anseo.

  • Julian

    Ruairí, a chara, táimid ag obair go leanúnach leis na hacmhainní cuí a bhaint amach don phleanáil teanga, cruthú fostaíochta agus eile sa Ghaeltacht i bpáirt leis na comharchumainn Gaeltachta agus eile. Chomh maith leis sin, táimid ag brú le haghaidh seirbhís sásúil ón Stát don Ghaeltacht sna leasuithe atá le teacht ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla. Tá fáilte romhat a bheith páirteach san obair seo más mian leat.

  • Ruairí

    Níor roghnaigh sibh (i.e. Tionscal na Gaeilge i mBAC) an Ghaeltacht ach roghnaigh sibh lucht am “chúpla focal”. Tá muintir na Gaeltachta brúite síos agus faoi ionsaí ag an Státchóras. Míníonn “Irish belongs to us all” an fócas atá ag Bliain Bhréagach na Gaeilge. Is féidir an Ghaeilge a chothú mar caitheamh aimsire i mBAC am ar bith ach ní nach fada eile a bheas an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Tá éigeandáil teanga sa nGaeltacht agus is masla dúinne ceiliúradh 125 bhliain nuair is léir dúinne gur theip ar Gluaiseacht na Gaeilge an gné is tábhachtaí a chosaint – an Ghaeltacht, an tobar.
    Ní bheidh an dara seans an Ghaeltacht a shábhàil agus ba chóir an fuinneamh ar fad a dhíriú ar sin má tá sibh ar son na Gaeilge mar theanga bheo. Tá an Phólainnais beo beathach i mBAC agus í le cloisteáil chuile áit.
    Ní an Ghaeilge lencloisteáil i mBAC agus theip ar Tionscal na Gaeilge i mBAC í a athbheochaint mar theanga phobail sa nGalltacht.