An ceart ag Rosita Boland faoin nGaeilge éigeantach

Gheall Enda Kenny go gcuirfeadh Fine Gael deireadh le héigeantacht na Gaeilge san Ardteist ach theip ar a mhisneach. Cailleadh deis iontach…

Leaving-Cert-Dublin

Tuairiscíodh ar shuíomh idirlín an Irish Times inné Dé Máirt go mba é alt ó pheann Rosita Boland faoin nGaeilge Dé Luain,  an t-alt ba mhó a tharraing cainte.  ‘Can anybody truthfully say that Irish is a necessary language?’ an teideal a bhí ar an alt a bhí bunaithe ar admháil Rosita Boland gur thiceáil sí ‘NO’ ar an bhfoirm Daonáireamh le gairid mar fhreagra ar an gceist ‘Can you speak Irish?’ Roimhe seo is cosúil go mbíodh sí, ar chúis éicint, ag tabhairt le fios go raibh Gaeilge aici nuair nach raibh!

Míníonn sí san alt gur theip uirthi an Ghaeilge a thabhairt léi ar scoil. ‘I managed to get on perfectly fine in all my other subjects and I tried at least as hard at Irish classes, if not harder.’ An fáth ar theip uirthi an Ghaeilge a thabhairt léi: “There was not a screed of pleasure for me in struggling with a language in which I had no interest…”

Deir sí gur ‘disgrace’ é go bhfuil iachall á chur ag an Stát ar dhaoine ar a nós féin staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, ‘a compulsory language for which I had no aptitude, absolutely no interest in, and no choice about throughout my school career’.

Aontaím léi sa mhéid seo: ní fiú a bheith ag caitheamh airgid agus fuinnimh amú ag teagasc teanga le duine nach bhfuil aon spéis aige/aici sa teanga. Ní féidir teanga a mhúineadh do dhuine nach bhfuil ina intinn ag iarraidh í a fhoghlaim.

Níl ach ábhar amháin ‘éigeantach’ ar chúrsa na hArdteiste, an Ghaeilge. Aisteach go leor níl an Béarla éigeantach. Ní ghá iachall a chur ar dhaoine Béarla a dhéanamh ach is gá iachall a chur orthu an Ghaeilge a dhéanamh don Ardteist. Ach bíonn bealach éalaithe ag roinnt mhaith daoine.

Sa bhliain 2015 thóg thart ar 60,000 dalta an Ardteist, ach ní dhearna ach 46,565 páipéar Gaeilge ag leibhéal ar bith. Tá an cúigiú cuid de na daltaí ag leibhéal na hArdteiste ag éalú ón riail go gcaithfidh dalta Gaeilge a thógáil ar an mbonn nár tógadh iad sa Stát nó ar an mbonn go bhfuil deacrachtaí foghlama acu, mar dhea.

Tá líon na ndaoine atá ag fáil na díolúine seo ag méadú bliain i ndiaidh bliana: cuid eile den chur i gcéill i dtaobh na Gaeilge.

Gheall Enda Kenny go gcuirfeadh Fine Gael deireadh le héigeantacht na Gaeilge san Ardteist ach theip ar a mhisneach. Cailleadh deis iontach anseo le beartais chiallmhara mhealltacha dhearfacha a chur in áit na Gaeilge éigeantaí.

Níl córas na Gaeilge éigeantaí ag obair.  Ní bhíonn ach codán beag de na daltaí a dhéanann an Ardteist in ann comhrá simplí a choinneáil ar bun i nGaeilge, tar éis a bhfuil d’airgead infheistithe ag an stát i dteagasc na Gaeilge. Go bunúsach, bíonn an chuid is mó acu gan aon Ghaeilge acu. Im thuairimse, is airgead amú é a bheith ag iarraidh Gaeilge a theagasc do dhaoine nach bhfuil ag iarraidh í a fhoghlaim.

Is ceart beartas ar bith a mheas de réir na dtorthaí. Seo mar a fheicimse an scéal: faoi láthair, ní bhíonn ach thart ar 10% de dhaltaí inniúil ar an nGaeilge tar éis dóibh a bheith á foghlaim le 13 bliain. (Is meastachán é sin bunaithe ar an líon daoine a fhaigheann A nó B1 san Ardteist.)

Bíonn an dream nach mbíonn ag iarraidh í a fhoghlaim ag cur as don chuid eile den rang go minic, ag cruthú deacrachtaí don dream atá ag iarraidh í a fhoghlaim agus ag cur frustrachais ar an múinteoir. Mura mbeadh sa rang Ardteiste ach na daoine a roghnódh an Ghaeilge mar ábhar, creidim go mbeadh torthaí níos fearr ann.

An faitíos a bhíonn ar lucht na Gaeilge faoin argóint seo ná go dtitfeadh an líon daoine a thógfadh Gaeilge go leibhéal an-íseal ar fad agus thitfeadh mura mbeadh aon bhuntáiste le fáil as an gGaeilge a roghnú mar ábhar Ardteiste.

Dá mbeadh deireadh á chur leis an nGaeilge éigeantach, theastódh an spreagadh a chur ina háit a mheallfadh daltaí len í a roghnú thar ábhar eile.

Seo a mholfainn: go mbeadh dúbailt pointí san Ardteist ar fáil don Bhéarla, don Gaeilge agus don Mhatamaitic ar an gcúis shimplí go mbíonn dhá pháipéar le déanamh i ngach ceann de na hábhair sin, i gcomparáid le páipéar amháin sna hábhair eile.  Thabharfadh sin buntáiste don té a thabharfadh faoin nGaeilge.

Theastódh chomh maith go mbeadh sé mar bhuntáiste suntasach ag daoine a bheadh ag cur isteach ar phost sa gcóras poiblí go mbeadh inniúlacht sa dá theanga acu agus iad in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.  Thabharfadh sin spreagadh chomh maith do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim go maith.

Creidim go n-oibreodh córas roghnach mar sin níos fearr ná an córas atá bunaithe ar éigeantas faoi láthair agus go mbeadh níos mó daoine ag teacht amach as an gcóras oideachais a bheadh inniúil ar an nGaeilge ná mar atá faoi láthair. Ag deireadh an lae nach é sin an toradh a bheadh uainn?