‘An ceart ag cách ar oideachas trí Ghaeilge’ – an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn

Óráid phaiseanta faoin nGaeilge tugtha uaidh ag an Uachtarán ag ‘Cóisir na Gaeilge’ in Áras an Uachtaráin tráthnóna

Michael D
An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín ag Cóisir na Gaeilge in Áras an Uachtaráin tráthnóna

In óráid phaiseanta faoin nGaeilge a thug sé in Áras an Uachtaráin tráthnóna, dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn gur labhair sé le déanaí leis an Taoiseach Enda Kenny faoi na fadhbanna a bhaineann le Gaelscoileanna nua a cheadú agus faoin gceart atá ag cách ar oideachas trí Ghaeilge.

San óráid a thug sé dóibh siúd atá ag freastal tráthnóna ar ‘Chóisir na Gaeilge’ in Áras an Uachtaráin, cheistigh Ó hUigínn chomh maith tiomantas státseirbhísigh sinsearacha do chosaint na Gaeilge agus chaith sé amhras ar a meon i leith na teanga.

Maidir le ceist an ghaeloideachais, dúirt sé go gcaithfí bealach a aimsiú le fuascailt a fháil ar na fadhbanna a bhaineann le ceadú Gaelscoileanna.

Tá ceart ag cách ar oideachas trí Ghaeilge, a dúirt sé.

Dúirt an tUachtarán gur ábhar iontais dó nach raibh oideachas ar fáil do gach duine a lorg é i dteanga oifigiúil de chuid na tíre seo.

Bhain an tUachtarán gáirí as an slua mór a bhí bailithe i ngairdín Áras an Uachtaráin do ‘Chóisir na Gaeilge’ nuair a thagair sé do dhuine de na daoine a chónaigh san áras roimhe, Lord Wimborne a bhí ina Fhear Ionaid an Rí in Éirinn aimsir Éirí Amach na Cásca 1916.

Dúirt an tUachtarán go mb’fhéidir go gcuirfeadh sé “scanradh” ar Wimborne dá mbeadh a fhios aige an uair sin go dtiocfadh an lá go mbeadh “garden party i nGaeilge” á reáchtáil ina theach ag Uachtarán na hÉireann.

Thug an tUachtarán le fios go raibh foireann uile an Árais anois ag freastal ar ranganna Gaeilge.

 

Fág freagra ar '‘An ceart ag cách ar oideachas trí Ghaeilge’ – an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn'