An ceann is fearr faighte ag cailíní faoi 16 na Ceathrún Rua ar a gcomharsana as Leitir Móir

Bhí an dá chlub Ghaeltachta in adharca a chéile i gCluiche Ceannais Sraithe an Chontae faoi 16 Roinn 5…

Katie Nic Dhonnacha agus Ciara Ní Ghríofa
Katie Nic Dhonnacha (An Cheathrú Rua) agus Ciara Ní Ghríofa (Naomh Anna)

D’éirigh le foireann cailíní faoi 16 CLG na Ceathrún Rua Cluiche Ceannais Sraithe an Chontae faoi 16 Roinn 5 a bhuachan don dara bliain as a chéile nuair a fuair siad an ceann is fearr ar a gcomharsana béal dorais Naomh Anna Leitir Móir ar Pháirc na bPiarsach tráthnóna Dé Sathairn seo caite leis an scór 2-8 in aghaidh 2-5.

Bhí taispeántas breá peile ón dá fhoireann agus coimhlint ghéar ghlan d’ardchaighdeán againn. Tá aithne mhaith ag an dá fhoireann Ghaeltachta seo ar a chéile mar ní hamháin gur imríodar i gcoinne a chéile trí seachtaine roimhe sin sa tsraith, cluiche ina raibh bua le dhá phointe ag cailíní na Ceathrún Rua ach is ina suí le hais a chéile a bhíonn go leor acu agus iad ag freastal ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua.

Ina ainneoin sin ní raibh aon easpa díocais ar cheachtar den dá fhoireann agus iad ag iarraidh greim a fháil ar an gcupán.

Chuir foireann na Ceathrún Rua tús maith leis an gcluiche agus cúpla pointe curtha go sciobtha acu ar chlár na scór agus ní raibh sé i bhfad gur éirigh leo dhá chúl a aimsiú. 2-4 in aghaidh 0-4 an scór a bhí ann ag leath ama.

Bhí rudaí sách teasaí idir an dá fhoireann sa dara leath ach ní fhaca an réiteoir eachtra ar bith. 

IMG_4647
Anna Ní Laoi (Naomh Anna) ag iarraidh Anna Nic Dhonnacha (An Cheathrú Rua) a stopadh

Ach thosaíodar an dara leath mar a chríochnaigh siad an chéad leath, an luas céanna fúthu,  an chomhimirt chéanna idir na cúlaithe, an lámh in uachtar acu arís i lár na páirce agus scóranna á n-aimsiú go paiteanta ag na tosaithe. Ach de réir a chéile thosaigh cailíní Cheantar na nOileán ag teacht ar ais sa gcluiche agus d’éirigh leo dhá chúl a aimsiú, ceann ó chic éirice. D’fhreagair cailíní na ngeansaithe dearga le pointe ach bhí Leitir Móir ag déanamh sáriarracht an cúl cinniúnach sin a aimsiú a thabharfadh an bua dóibh, rud a chinn orthu mar go raibh cúlaithe na Ceathrún Rua ag blocáil agus ag glanadh chuile iarracht a tháinig ina dtreo. Ba léir agus nóiméad fágtha go mbeadh an lámh in uachtar ag cailíní na Ceathrún Rua agus gur ar an mbaile sin a bheadh an gabhar á róstadh.

D’imir siad ar fad le díocas agus b’iontach go deo an comhoibriú a bhí eatarthu agus cé nár ghéill Leitir Móir agus gur thángadar ar ais go láidir sa dara leath níor lig cailíní na Ceathrún Rua na maidí le sruth ag aon am. Ba léir go raibh siad beagán níos aclaí ná a gcéilí comhraic i chuile choirnéal den pháirc agus bhí comhimirt agus comhthuiscint mhaith eatarthu.  D’éirigh leis an gCeathrú Rua pointe eile a aimsiú sular séideadh an fheadóg dheireanach rud a d’fhág gur orthu a bronnadh Corn Sraithe f.16 Roinn 5 an Chontae.

Ar chúl: Michéal Ó  Gríofa Bainisteoir), Amanda Ní Thiarnaigh, Mia Nic Dhonnchadha, ,Aoife Ní Chonghaile, Aisling Nic Dhonnacha,Niamh Ní Chleirigh, Tadhg Ó chonghaile, Kateyln Ní Shuilleabháin, Aisling Ní Shé,Ciarra Ní Gionnáin, Sinead Ní Chonghaile,Bríd Nic Dhonncha,Traenálaí. Chun Tosaigh: Mary Nic Dhonnacha, Rachel Ní Mhúirí, Anna Nic Dhonnacha,Clíona Breathnach,Clíona Ní Chuláin, Katie Nic Dhonnacha, Caiptín,Fiona Ní Ghríofa, Éabha Ní Loideáin,Seona Ní Shé.As Láthair sa bpictiúir Séan Ó Neachtain, Traenálaí.
Ar chúl: Michéal Ó  Gríofa (Bainisteoir), Amanda Ní Thiarnaigh, Mia Nic Dhonnchadha, Aoife Ní Chonghaile, Aisling Nic Dhonnacha, Niamh Ní Chleirigh, Tadhg Ó Chonghaile, Kateyln Ní Shuilleabháin, Aisling Ní Shé, Ciarra Ní Gionnáin, Sinead Ní Chonghaile, Bríd Nic Dhonncha (Traenálaí).
Chun tosaigh: Mary Nic Dhonnacha, Rachel Ní Mhúirí, Anna Nic Dhonnacha, Clíodhna Breathnach, Clíodhna Ní Chuláin, Katie Nic Dhonnacha (Caiptín), Fiona Ní Ghríofa, Éabha Ní Loideáin, Shona Ní Shé.

Fág freagra ar 'An ceann is fearr faighte ag cailíní faoi 16 na Ceathrún Rua ar a gcomharsana as Leitir Móir'