An Ceann Comhairle cráite

Níl Teachtaí an Fhreasúra sásta leis an gCeann Comhairle. Deir Sean Barrett gur ag iarraidh an bonn a bhaint de atá siad. Achrann ag treisiú

Sean Barrett
Sean Barrett

Ní le meas ar a chéile ach mar gheall ar mhíshásamh coitinn a sheas Micheál Martin agus Gerry Adams gualainn ar ghualainn taobh amuigh de Theach Laighean Dé Céadaoin.

Bhí fáth a míshásaimh soiléir. Bhí rún molta ag an rialtas chun coimisiún a chur ar bun le mí-iompar atá curtha i leith Gardaí áirithe i gCabhán-Muineachán a fhiosrú. Ní raibh an freasúra ina choinne ach fuair siad amach, go gairid roimh an díospóireachta, nach gceadófaí aon phlé ar an rún.

Dúirt an Ceann Comhairle gur rialaigh sé amhlaidh mar gheall ar chás cúirte ina n-iarrfaidh an t-iar-aire Alan Shatter go gcuirfí ar ceal conclúidí áirithe sa tuairisc a scríobh an t-abhcóide Seán Guerin ina thaobh. An fáth?

Thagair an Ceann Comhairle d’alt 57.3 de Bhuan-Orduithe na Dála ina bhforáltar “nach n-ardófar ní ar shlí chomh follasach sin is gur dealraitheach go bhfuil iarracht á déanamh ag an Dáil luí isteach ar fheidhmeanna na gCúirteanna nó Binse Bhreithiúnaigh.”

Is léir ó na briathra thuas go bhféadfaí léamh eile a dhéanamh ar an mBuan-Ordú thuas a cheadódh plé, tar éis foláirimh dlíthiúil b’fhéidir. Ba léir don fhreasúra go raibh a fhios ag an rialtas rompu gur iarr Alan Shatter ar an gCeann Comhairle plé a chosc. Agus is léir do chách gur fearr téarmaí tagartha fiosrúcháin a phlé sara dtosaíonn an obair fiosraithe.

B’fhearr freisin dá mbeadh an comhfhreagras ó Alan Shatter a thug ar an gCeann Comhairle plé a chosc, curtha ar fáil don fhreasúra, fiú ar bhonn príobháideach. Agus b’fhearr go mór dá mbeadh an scéal mínithe roimh ré ag Seán Barrett do cheannairí an fhreasúra, go háirithe sara ndeachaigh sé ar an raidió Dé hAoine ag caint faoi.

Níor chuala tú é? Samhlaigh múinteoir i bhfeighil ranga atá ag dul ó smacht, é ag béicíl, agus gan aon aird á tabhairt air. I bhfocail eile, fear cráite.

Mar sin féin, dúirt Seán Barrett Dé hAoine nach raibh aon dul as aige, agus gur dheimhnigh a chinneadh go gcuirfí an coimisiún fiosraithe ar bun gan mhoill.

Ní hé Seán Barrett an Ceann Comhairle is séimhe ariamh, ná is milse ina theacht i láthair. Ní féidir nó ní mian leis aighnis so-sheachanta sa Dáil a sheachaint. Ach deir iriseoirí neamhchlaonta go bhfuil na rialacha á gcur i bhfeidhm go cothrom aige, má fhágtar corrargóint i leataobh.

Mar is eol do gach duine a d’éist le díospoireachtaí Dála ar feadh tamaill, tá na Buan-Orduithe claonta i bhfabhar an rialtais. Níl ceart ar bith ag an gCeann Comhairle, mar shampla, iachall a chur ar Thaoiseach ná ar aire ceist a fhreagairt in áit a bheith ag plé rudaí nach mbaineann le hábhar in aon chor.

Tá cúis machnaimh agus athmhachnaimh, sílim, ag ceannairí an fhreasúra. An dóigh leo go bhfuil cathaoirleacht na Dála ag déanamh tinnis do dhuine ar bith lasmuigh? Agus an gceapann siad go rachaidh sé chun tairbhe do pholaiteoir ar bith má éiríonn Seán Barrett as a phost?

Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'An Ceann Comhairle cráite'