An cead a tugadh do lánúin ainm Briotáinise a thabhairt ar a mac tarraingthe siar ag cúirt sa Bhriotáin

Nuair a rugadh Fañch Bernard ar an 11 Bealtaine, dhiúltaigh seirbhís chlárúcháin an rialtais áitiúil i Kemper don ainm mar gheall ar an tilde (˜) atá os cionn na litreach “n”

An cead a tugadh do lánúin ainm Briotáinise a thabhairt ar a mac tarraingthe siar ag cúirt sa Bhriotáin

Tá an cead a thug údarás áitiúil sa Bhriotáin do lánúin ainm Briotáinise a thabhairt ar a mac, Fañch, a rugadh sa Bhealtaine, tarraingthe siar ag cúirt i Kemper.

Nuair a rugadh Fañch Bernard ar an 11 Bealtaine, dhiúltaigh seirbhís chlárúcháin an rialtais áitiúil i Kemper don ainm mar gheall ar an tilde (˜) atá os cionn na litreach “n”. Níl an ‘ñ’ i measc na litreacha a cheadaítear d’ainmneacha dílse, de réir ciorclán a scaip státseirbhís na Fraince trí bliana ó shin.

Chuir a thuismitheoirí, Jean-Christophe agus Lydia Bernard, agus roinnt polaiteoirí Briotánacha, in aghaidh an diúltaithe. Tosaíodh achainí ar líne le hiallach a chur ar lucht riaracháin glacadh leis an ainm dúchais, agus tugadh cead don lánúin ‘Fañch’ a chlárú. Eisíodh cárta aitheantais do Fañch Bernard.

Chuir an tArd-Aighne a ladar sa scéal níos deireanaí an mhí sin, áfach, agus tugadh na tuismitheoirí os comhair binse fiosrúcháin de chuid Halla na Cathrach i Kemper i mí Iúil.

Fuair Jean-Christophe agus Lydia Bernard ríomhphost ón gcúirt Dé Céadaoin inar tugadh le fios dóibh gur chinn an binse fiosrúcháin an cead a tugadh níos luaithe i mbliana a tharraingt siar.

Nuair a ceadaíodh an t-ainm ar dtús rinne Halla na Cathrach ráiteas inar dúradh nach raibh aon chúis “dlí ná daonna” nach bhféadfaí an tilde a thabhairt do Fañch, aiceann “nach bhfuil fánach ná gan tábhacht”.

Dúradh nach leor an ciorclán mar bhunús dlí leis an ainm a dhiúltú agus tagraíodh do reachtaíocht eile, a bhfuil seasamh níos tábhachtaí aige i ndlí na Fraince — an bunreacht.

De réir Alt 75 den bhunreacht, “is cuid d’oidhreacht na Fraince iad na teangacha réigiúnacha”, agus tagraítear don “saorthoil” atá ag tuismitheoirí maidir le hainmneacha a leanaí a thugtar in Alt 57 de Chód Sibhialta na tíre. Luadh freisin rialú a rinne an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine in 1996 go bhfuil an t-ainm a roghnaíonn tuismitheoir dá pháiste an-phríobháideach agus an-speisialta.

Ainneoin an ráitis sin, chinn an chúirt i Kemper an cead a tugadh a tharraingt siar. Tá iarrtha ag Halla na Cathrach, i bhfianaise an chinnidh, ar thuismitheoirí Fañch ainm eile a roghnú dá mac, nó an t-ainm a litriú gan an tilde ar an ’n’ — Fanch. Níl aon ghlacadh ag na tuismitheoirí leis na treoracha sin.

“Seo an bealach a litrítear an t-ainm. Athraíonn an litir seo foghraíocht an ghuta a thagann roimhe. Dúradh linn go mbeadh orainn an t-ainm a athrú. Tá a fhios ag gach mac máthar sa Bhriotáin gur mar sin a litrítear an t-ainm!” a dúirt an t-athair.

Tá sé i gceist ag muintir Bernard achomharc a lorg agus beidh siad ag casadh le méara Kemper an tseachtain seo leis an gceist a phlé.

Tá tacaíocht tugtha ag Comhairle Chultúir na Briotáine don lánúin, a mhaíonn go bhfuil an tilde in úsáid sa Fhrainc leis na cianta, sna mionteangacha a labhraítear agus a labhraítí ar fud na tíre.

“Cé go bhfuil an tilde anois imithe ón bhFraincis chaighdeánach, tá sé i bhféitheacha na teanga agus maireann sé fós i dtraidisiúin liteartha na Briotáine, Thír na mBascach, Gallo agus áiteanna eile ina labhraítear mionteangacha,” a dúirt uachtarán na Comhairle Bernez Rouz.

Tá an tilde in úsáid go forleathan sa Bhriotáinis, áfach, agus is ainm réasúnta coitianta é ‘Fañch’ sa teanga sin. Úsáidtear an t-aiceann i mionteangacha eile na Fraince chomh maith, an Bhascais agus an Chorsaicis mar shampla, agus tá sé coitianta go maith in ainmneacha Bascaise.

Is leagan ceana den ainm Frañsez (an leagan Briotáinise de ‘Proinsias’ na Gaeilge’) é Frañch. Is iomaí Briotánach darbh ainm ‘Frañch’ a bhain cáil amach i gcaitheamh na mblianta, an rothaí Fañch Favé, a bhuaigh Railí na Fraince i 1930; an t-iriseoir Fañch Broudig, atá ina uachtarán ar Emgleo Breiz, eagraíocht a chuireann an Bhriotáinis chun cinn; an scríbhneoir Fañch Peru; agus an t-ealaíontóir Fañch Le Henaff.

Fág freagra ar 'An cead a tugadh do lánúin ainm Briotáinise a thabhairt ar a mac tarraingthe siar ag cúirt sa Bhriotáin'