An cáineadh sna meáin ina spreagadh i gcónaí agus ceachtanna eile iomána

Tá díocas nua á thaispeáint ag Gaillimh ach tá forbairt ag teastáil ón gcóras…

An cáineadh sna meáin ina spreagadh i gcónaí agus ceachtanna eile iomána

Díocas nua á thaispeáint ag Gaillimh

Nuair a labhraítí faoi iománaithe agus peileadóirí na Gaillimhe roimhe seo, chuirtí béim i gcónaí ar an gcumas nádúrtha a bhí acu leis an gcamán nó leis an liathróid. Is ar na tosaithe is mó a dhírítí an moladh sin ach is ag na cosantóirí is mó atá moladh tuillte in 2016.

Tá sé feicthe againn cheana féin sa chraobh peile cé chomh láidir agus a bhí foireann Kevin Walsh i mbun cosanta. Níl ach cúl amháin géillte acu go dtí seo agus trí chluiche imeartha acu agus faoi láthair, is é Declan Kyne rogha na coitiantachta chun gradam All-Star a bhuachan mar lánchúlaí. Agus sin gan trácht ar na taispeántais bhreátha atá tugtha uathu ag na fir eile atá timpeall ar Kyne.

Dé Domhnaigh seo caite i Staid Semple a chonaiceamar feabhas na gcosantóirí atá ag iománaithe na Gaillimhe. Tá fisiciúlacht ar leith ag an bhfoireann seo agus bhí ceannas acu ar thosaithe an Chláir beagnach ó thús deireadh. Bhí Dáithí Burke, fear a bheadh ag imirt d’fhoireann Kevin Walsh mura mbeadh an iomáint roghnaithe aige, ar fheabhas mar lánchúlaí agus thug Aidan Harte taispeántas den scoth uaidh mar chosantóir le cois, ról nach mbeadh an oiread sin taithí aige air agus é ag imirt don chontae.

I measc na dtosaithe, theip ar Chathal Mannion, Conor Whelan, Jason Flynn agus Conor Cooney uile dul i bhfeidhm ar an imirt, ach fós thug na Gaillimhigh an lá leo. Dá rachadh beirt nó triúr de na tosaithe sin i bhfeabhas in aghaidh Thiobraid Árann agus má imríonn na cosantóirí chomh maith céanna, beidh deis iontach acu cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach don dara bliain as a chéile.

INPHO/Donall Farmer
INPHO/Donall Farmer

Forbairt ag teastáil ón gcóras…

Tá an chaint tosaithe arís ar ‘an córas cosanta’ i bhfianaise theip an Chláir in aghaidh na Gaillimhe agus drochthaispeántas Phort Láirge in aghaidh Loch Garman. Bíonn lucht an traidisiúin sásta go maith nuair a theipeann ar fhoirne a bhaineann úsáid as an gcosantóir le cois, iad ag maíomh nach n-oireann an córas seo don iomáint.

É sin ráite, bhí ábhar dóchais inné ann do Derek McGrath go háirithe. Chlis ar fad ar chóras Phort Láirge in aghaidh Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na Mumhan, ach níor ghéill siad an oiread sin deiseanna in aghaidh Loch Garman. Is ar éigean a tugadh deis ar bith do Conor McDonald, príomhnaoscaire Loch Garman, rud a d’fhág gur beag faobhar a bhain le himirt fhoireann Liam Dunne.

Dar ndóigh, tá Cill Chainnigh i bhfad chun tosaigh ar Loch Garman ach níor éirigh ródhona le córas na nDéiseach in aghaidh na gCat anuraidh. Sé phointe a bhí idir na foirne ar deireadh i gcluiche leathcheannais na hÉireann, 1-21 in aghaidh 0-18, ach fág as an áireamh an mearbhall a tháinig ar Thadhg de Búrca agus Barry Coughlan do chúl TJ Reid, scór cinniúnach an chluiche, agus d’fhág córas Phort Láirge go raibh deacrachtaí ag Cill Chainnigh ó thaobh deiseanna a chruthú.

Is í an fhadhb is mó atá ag córais Phort Láirge agus an Chláir ná go mbíonn sé deacair acu cúil a aimsiú iad féin agus dá réir, bíonn sé deacair orthu teacht aniar a dhéanamh i gcluichí. Agus na Cláirínigh ag iarraidh teacht aniar a dhéanamh in aghaidh na Gaillimhe inné, ní raibh ach Shane O’Donnell agus Aaron Shannagher taobh istigh den líne 45m acu agus bhí cosantóirí na Gaillimhe in ann an liathróid a bhuachan agus í a ghlanadh ar shiúl arís agus arís eile.

Más faoi cheachtar de na foirne sin an ceann is fearr a fháil ar leithéidí Chill Chainnigh nó Tiobraid Árann sa chraobh amach anseo, beidh orthu dul i ngleic leis an bhfadhb sin.

INPHO/Tommy Dickson
INPHO/Tommy Dickson

An cáineadh sna meáin ina spreagadh i gcónaí

Agus an oiread sin síceolaithe agus a leithéid ag foirne CLG na laethanta seo, cheapfá nach mbeadh aon fheidhm a thuilleadh le ‘cáineadh sna meáin’ mar ábhar spreagtha d’fhoirne contae. Is léir nach amhlaidh atá, áfach, mar tar éis do Ghaillimh an ceann is fearr a fháil ar an gClár i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann ar an Domhnach, luadh ainm Ger Loughnane chomh minic agus a moladh na himreoirí as an taispeántas a thug siad uathu.

Cháin Loughnane, iarbhainisteoir na Gaillimhe, an fhoireann i ndiaidh chluiche ceannais Laighean agus cé nár luaigh Micheál Donoghue ná Joe Canning i ndiaidh an chluiche i nDurlas inné é, bhí sé soiléir go raibh caint Loughnane ina hábhar spreagtha acu i rith na seachtaine.

Ní hé seo an chéad uair ag Gaillimh cáineadh dá leithéid a úsáid chun iad féin a ghríosú. Chonaic muid sa scannán A Year ’til Sunday an leas a bhain an bainisteoir John O’Mahony i 1998 as alt nuachtáin a scríobhadh nuair a chríochnaigh peileadóirí an chontae ar comhscór i gcluiche ceannais Chonnacht na bliana sin. Thrácht O’Mahony don alt inar tugadh ‘fancy dans’ ar imreoirí na Gaillimhe. D’éirigh leo san athimirt agus bhuaigh siad Craobh na hÉireann an bhliain chéanna.

I mbliana labhair Kevin Walsh faoin ‘easpa measa’ a léirigh tráchtairí áirithe ar a fhoireann i ndiaidh a mbua gan choinne in aghaidh Mhaigh Eo.

D’admhaigh Davy Fitzgerald féin nár chuidigh caint Loughnane leis na Cláirínigh i gcluiche an Domhnaigh. Beidh Michael Ryan, bainisteoir Thiobraid Árann, ag súil go gcoinneoidh na tráchtairí guaim orthu féin agus an Ghaillimh á plé acu as seo go ceann trí seachtaine.

Fág freagra ar 'An cáineadh sna meáin ina spreagadh i gcónaí agus ceachtanna eile iomána'