An Caighdeán Oifigiúil nua le foilsiú i Márta 2016

Dheimhnigh urlabhraí ó Rannóg an Aistriúcháin do Tuairisc.ie gurb é an 1 Márta, 2016, an sprioc nua atá acu chun a fhoilsithe

ancaighdea1

Is é an chéad lá de Mhárta, 2016, an spriocdháta nua atá leagtha síos i gcomhair fhoilsiú an Chaighdeáin Oifigiúil Athbhreithnithe (COA).

Ba í Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais a cheap an Caighdeán Oifigiúil an chéad lá riamh agus a d’fhoilsigh é sa bhliain 1958. Sa bhliain 2012, d’fhoilsigh an Rannóg leagan athbhreithnithe de agus scríobhadh sa réamhrá leis an eagrán sin go ndéanfaí athbhreithniú air i gceann trí bliana.

Tá dhá fhógra déanta ag an Rannóg i dtaobh an Chaighdeáin ó shin. Sa chéad cheann, dúirt siad go mbeadh an COA nua réidh le foilsiú faoi Mhárta na bliana seo. Fógraíodh idir an dá linn, áfach, go raibh moill ar chúrsaí agus go mbeadh an leagan is déanaí den COA réitithe roimh dheireadh na bliana seo.

Cuireadh in iúl do Tuairisc.ie inné, áfach, go bhfuil Márta na bliana seo chugainn leagtha síos ag an Rannóg mar sprioc nua anois.

Dúradh go raibh “céim an athdhréachtaithe den phróiseas ar siúl faoi láthair” agus go bhfuil an chéad leath den saothar sin curtha i gcrích ag foireann an athbhreithnithe agus pléite ag an gcoiste comhairleach.

“Tá an obair athdhréachtaithe ar an dara cuid ar siúl faoi láthair agus, chun a ndóthain ama a thabhairt don choiste an leagan athdhréachtaithe a bhreithniú, is i mí Eanáir a bheidh an cruinniú ag an gcoiste chun an téacs sin a phlé.

“Dar ndóigh, tógfaidh sé tamall ina dhiaidh sin an téacs deiridh a réiteach le haghaidh na gclódóirí.
 Fágann sé sin ar fad gurb é an sprioc nua atá againn chun an Caighdeán Oifigiúil athbhreithnithe a fhoilsiú an 1 Márta 2016,” a dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.ie.

I measc na gceisteanna a d’fhéadfadh a bheith fós á bplé ag an gcoiste comhairleach, tá láimhseáil na bhfocal ‘atá’ agus ‘a bhfuil’ ó chanúint go chéile (an clásal coibhneasta díreach agus indíreach a thugtar orthu sin sa ghramadach) agus an t-athrú atá tagtha ar an ngné sin den ghramadach sa chaint bheo; comhréir an ainm bhriathartha sa chaint bheo agus cé acu ar cheart nó nár cheart aitheantas a thabhairt do leaganacha áirithe, e.g. ‘an obair atá Seán ag déanamh’, mar shampla, a chloistear go forleathan i nGaeltacht na Mumhan; ní aithnítear ach ‘an obair atá Seán a dhéanamh’ sa Chaighdeán Oifigiúil faoi láthair.

Ceisteanna eile a d’fhéadfadh a bheith sa treis ná imeacht an ghinidigh as an gcaint bheo agus a bhfuil de dhifear idir an chaint bheo agus an Caighdeán i dtaca leis an riail DeNTaLS ó chanúint go chéile.

Fág freagra ar 'An Caighdeán Oifigiúil nua le foilsiú i Márta 2016'