An Caighdeán Oifigiúil agus an pobal – ceisteanna cigilteacha á gcíoradh

Níltear tar éis dul i ngleic go hiomlán go fóill leis na himpleachtaí a bhíonn ag caighdeánú na Gaeilge don teanga labhartha agus an cruth a bhíonn uirthi

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie
Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Táthar ag cíoradh ceisteanna cigilteacha faoi dhul na Gaeilge le roinnt seachtainí anuas ó foilsíodh an leagan is úire den Chaighdeán Oifigiúil. Ní haon chor úr i scéal na Gaeilge an méid sin. Is dual dúinn a bheith an-tógtha le sainiú na leaganacha den teanga atá, dar linn, ceart, údarásach agus dlisteanach. Féach na caighdeáin dhochta a bhí i bhfeidhm le linn ré na Gaeilge Clasaicí agus níos sia siar ná sin, fiú. Téigh de léim ar aghaidh chomh fada le tréimhse na hAthbheochana agus chímid na díospóireachtaí a bhí sa treis an tráth sin maidir leis na cúiseanna difriúla ar chóir múnla úr don scríbhneoireacht a bhunú ar an nGaeilge Chlasaiceach, nó ar bheochaint na Gaeltachta. Ón uair go raibh an lá le caint na ndaoine tar éis na ndíospóireachtaí sin, tá múnla chaint na Gaeltachta tar éis a bheith lárnach sa phróiseas caighdeánaithe – nó sa reitric a théann leis, pé scéal é. Ní fhágann sin, faraor, go bhfuil deireadh leis an gcur agus leis an gcúiteamh ó thaobh an chaighdeáin scríofa de. Ní chuirfidh sé ionadh ar éinne, más ea, a léamh go bhfuiltear míshásta le roinnt de na foirmeacha atá san áireamh agus atá as an áireamh sa chaighdeán nua.

Ina léirmheas ar an gcaighdeán úr ar an suíomh seo, cuireann Antain Mac Lochlainn síos ar na gnéithe is suaithinsí den leabhrán. Mar a deir Mac Lochlainn féin, agus an ceart aige, is amhlaidh gur ag filleadh ar choinbhinsiúin na Gaeilge caighdeánaí atáthar leis an gcaighdeán seo. Filltear ar mhúnla coitianta an chaighdeánaithe a chuireann an aonfhoirmeacht chun tosaigh agus a ruaigeann an éagsúlacht. Cur chuige é sin atá comónta agus leaganacha caighdeánacha de theangacha an domhain á socrú. Déantar rogha idir foirmeacha malartacha agus cuirtear leagan amháin den teanga chun cinn mar leagan caighdeánach. Bíodh is go raibh roinnt solúbthachta i gceist i gcónaí leis an gCaighdeán Oifigiúil (e.g. ag an mbean nó ag an bhean), is í an sprioc a bhíonn leis an gcúram de ghnáth ná foirmeacha agus struchtúir a roghnú thar a chéile chun an chinnteacht a chur in áit na débhrí. Cinntíonn an próiseas sin gur féidir leis an teanga feidhmiú go héifeachtach i réimsí oifigiúla. Ní nach ionadh, más ea, gur leis an gcur chuige áirithe sin atá luí ag Rannóg an Aistriúcháin, údair an chaighdeáin agus úinéirí an chaighdeáin, leis, gheofaí a rá. Teastaíonn caighdeán aonfhoirmeach d’obair na Rannóige. Is ar mhaithe le hobair na Rannóige a cruthaíodh an caighdeán an chéad lá riamh agus is ar mhaithe leis an obair chéanna sin a cruthaíodh an leagan is úire a foilsíodh le déanaí. Is maith a oireann An Caighdeán Oifigiúil don chúram sin agus dóibh siúd a shantaíonn cinnteacht agus aonfhoirmeacht sa scríbhneoireacht.

Bíodh sin mar atá, éiríonn an scéal beagáinín casta de bharr go síneann réim an chaighdeáin níos faide ná obair na Rannóige féin. Aithníodh thiar sna caogaidí seo caite go mb’fhéidir go mbeadh an caighdeán úsáideach mar theoir do mhúinteoirí agus do dhaoine eile a bhíonn ag plé leis an scríbhneoireacht. Go deimhin féin, comhaontaíodh an caighdeán leis an Roinn Oideachais ag an am. Ó shin i leith, bítear ag súil leis an gcaighdeán i réimsí i bhfad níos fairsinge ná obair na Rannóige amháin – an t-oideachas, cuir i gcás. An dúshlán a roinneann leis sin ná nach mar a chéile an caighdeán agus aon cheann de na canúintí traidisiúnta Gaeltachta. Sin in ainneoin is go bhfuil sé in ainm is a bheith bunaithe ar na canúintí Gaeltachta ar fad agus in ainneoin is go bhfuil gnéithe de na canúintí go léir le fáil ann. Fágann an neamhréir idir an caighdeán agus caint thraidisiúnta na Gaeltachta go bhfuil múnlaí malartacha teanga á gcur chun tosaigh agus tá údarás acu araon. Mar atá luaite, bítear ag súil leis an gcaighdeán i réimsí oifigiúla cosúil leis an oideachas, ach tá údarás dá cuid féin ag an urlabhra áitiúil Ghaeltachta de ghnáth – bíonn meas ag an bpobal áitiúil uirthi, aithnítear í mar mhúnla ardghradaim teanga agus bíonn fonn ar sciar mór den phobal an múnla traidisiúnta a chaomhnú agus a chothú.

Más í an sprioc atá ag an té atá ag gabháil don Ghaeilge, sa Ghaeltacht nó lasmuigh di, an chanúint thraidisiúnta Ghaeltachta a shealbhú agus a shaibhriú gheofaí argóint a dhéanamh gur beag cabhair dóibh an scríbhneoireacht chaighdeánach. Fágann sé go bhfuil smacht le cur ar dhá chód éagsúla seachas ar aon cheann amháin. Chomh maith leis an ualach breise a bhíonn ag gabháil lena leithéid, gheobhadh gurb í an éiginnteacht faoin sprioc an toradh a bheadh air. Is dócha nach léir do gach éinne i gcónaí cad é atá canúnach, cad é atá caighdeánach agus cad é nach bhfuil canúnach ná caighdeánach. Táthar ann, dar ndóigh, a dhiúltaíonn go láidir don Chaighdeán Oifigiúil de bharr go bhfuil sé saorga, dar leo. Ach táthar ann, leis, an dream a dtagann lagmhisneach orthu nuair nach bhfuil a gcanúint féin á daingniú sa leagan caighdeánach scríofa den teanga. Ina dhiaidh sin ar fad, ní gan dua a shealbhaítear an chanúint thraidisiúnta áitiúil. Múinteoirí áirithe, diúltaíonn siad don chaighdeán, is dócha, agus déanann siad iarracht an chanúint áitiúil a chur chun tosaigh mar sprioc scríofa. Nuair nach bhfuil acmhainní ann a thacódh leis an gcur chuige sin, agus nuair is faoin bpobal amháin a fhágtar é eiseamláir den mhúnla traidisiúnta a sholáthair, is deacair an múnla sin a chothú i gcomhthéacs mionteanga. Tuigeann an té a mbíonn cluas aici le cainteoirí óga gníomhacha Gaeilge go bhfuil claochlú tagtha ar chaint na Gaeltachta. Léiríonn an taighde ar an urlabhra chomhaimseartha go bhfuil saghsanna nua Gaeilge ag teacht chun tosaigh sa Ghaeltacht agus lasmuigh di. Bíonn tionchar ag próiseas an chaighdeánaithe ar dhul na Gaeilge de bharr go mbraitear go láidir ar an gcóras oideachais do shealbhú agus do shaibhriú na teanga, agus de bharr gur ag an gCaighdeán Oifigiúil atá aitheantas mar sprioc scríofa sa réimse sin. Ach, níltear tar éis dul i ngleic go hiomlán go fóill leis na himpleachtaí a bhíonn ag caighdeánú na Gaeilge don teanga labhartha agus an cruth a bhíonn uirthi.

– Tá an Dr Noel P. Ó Murchadha ina Ollamh Cúnta le hOideachas Teangacha, Coláiste na Tríonóide

Fág freagra ar 'An Caighdeán Oifigiúil agus an pobal – ceisteanna cigilteacha á gcíoradh'

  • Píobaire

    Seo alt chomh tuisceanach agus a scríobhadh le fada an lá ar cheist an Chaighdeáin.

    Is cosúil gurb é a chreideann an comhlacht atá freagrach as an Chaighdeán Oifigiúil gur leor dó riar don scríbhneoireacht sa réimse oifigiúil is cúinge, i.e. ”na rialacha atá le húsáid sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach”. Is éard a leagtar síos san Acht (An tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2013), go bhfuil dualgas air “caighdeán oifigiúil na Gaeilge” a leagan síos.., an caighdeán “atá le húsáid sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach agus mar an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge”. Is cinnte go bhféadfadh sé an dualgas níos leithne sin – ‘an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge’ – a chur chun tairbhe ar dhóigh níos fearr do riachtanais phobail na Gaeilge.

    Ar pléadh cuspóir an Chaighdeáin nuair a bhíothas ag ullmhú an Chaighdeáin nua? Nó an pointí teicniúla (gramadaí) amháin a pléadh, pointí a bhí dírithe ar riachtanais lucht oifigí a shásamh?

    Ba chóir go mbeadh an Caighdeán Oifigiúil ina uirlis le caighdeán (‘c’ beag) na teanga a ardú i measc na ndaoine uile a úsáideann í. Uirlis a chuideodh na canúintí a thabhairt níos gaire don ‘lárchaighdeán’ (agus vice versa), ach é sin a dhéanamh de réir a chéile, go réidh gan deifir, agus ar dhóigh nach ndéanfadh éigean ar urlabhra glún ar bith de mhuintir na Gaeltachta. An uirlis a dhéanfadh é sin, ba ghá di níos mó ná aon lann amháin a bheith uirthi, ar nós mar atá ar na sceana póca úd! Agus chaithfeadh feidhm gach lainne acu a bheith soiléir.

    Más léir dúinn nach bhfuil an dream atá freagrach as ag dul a dhéanamh an ruda a theastaíonn, ar chóir don chuid eile againn ‘caighdeán neamhoifigiúil’ a fhoilsiú, ceann a riarfadh d’fhíor-riachtanais na teanga agus na bpobal a labhraíonn í? Tá scoláirí Gaeilge agus daoine eolacha againn a dtiocfadh leo seo a dhéanamh.