‘An Caighdeán Ildaite’ seolta i mBÁC agus é ‘míle uair níos fearr’ ná ‘An Caighdeán Corcra’

Deir an saineolaí teanga Antain Mac Lochlainn go ndealraíonn sé ar an gcéad fhéachaint gur 'fearr míle uair' an leagan seo ná Caighdeán Oifigiúil 2012

Caighdéan Oifigiúl

Sheol an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, anocht i dTeach Laighean, eagrán 2016 den Chaighdeán Oifigiúil agus níos lú “roghnachais” ann ná mar a bhí sa leagan deireanach den treoir teanga a foilsíodh ceithre bliana ó shin.

Sa Chaighdeán nua, mar shampla, ní cheadaítear cuid de na leaganacha briathartha a ceadaíodh i gCaighdeán 2012, ina measc an fhoirm tháite atá in úsáid go coitianta fós i nGaeilge na Mumhan.

Deirtear i réamhrá an Chaighdeáin nua go gceadaítear níos lú roghanna ó thaobh úsáid na teanga de sa leagan is déanaí seo ach go leantar “leis an roghnachas” i gcásanna áirithe “de thoradh ar an mian shoiléir a léiríodh i gcuid mhór aighneachtaí”.

I measc na n-athruithe eile sa Chaighdeán nua tá córas simplithe do na huimhreacha os cionn 20.

‘An Caighdeán Corcra’ a thugtaí ar Chaighdeán na bliana 2012 toisc dath a chlúdaigh, ach seans gur ‘An Caighdeán Ildaite’ a thabharfar ar an leagan is déanaí i bhfianaise an meascán mearaí dathanna atá ar a chlúdach marmaraithe.

Pé ní mar gheall ar dhath a chlúdaigh, tá fáilte curtha cheana féin ag saineolaí teanga amháin roimh an gCaighdeán nua. Deir Antain Mac Lochlainn le Tuairisc.ie go ndealraíonn sé ar an gcéad fhéachaint gur “fearr míle uair” an leagan seo ná Caighdeán Oifigiúil 2012.

Foilseoidh Tuairisc.ie maidin amárach léirmheas le Mac Lochlainn, Eagarthóir aistear.ie, ar an eagrán is déanaí seo.

I measc na ndreamanna a mbeidh súil ghéar acu ar an gCaighdeán Oifigiúil tá lucht an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge. Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana ní raibh aon bhaint ag lucht an Fhoclóra nua le réiteach an Chaighdeáin nua, cé go bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ag na rialacha nua don obair mhór atá tugtha chun críche ag foireann an Fhoclóra le cúpla seachtain anuas.

Bhain moill breis is bliain le foilsiú an Chaighdeáin nua a fhad is a bhí ceisteanna éagsúla gramadaí á bplé ag an gCoiste Comhairleach a bhí i mbun an athbhreithnithe. Nuair a bunaíodh an Coiste Comhairleach i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2014, thug Rannóg an Aistriúcháin le fios go bhfoilseofaí an Caighdeán nua i mí Mhárta na bliana 2015.

Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh ocht gcruinniú le bheith ag Coiste Comhairleach an Chaighdeáin i dtús aimsire ach gur 18 cruinniú a bhí ann sa deireadh. Tuigtear freisin go raibh cuid de bhaill an Choiste ag iarraidh go bhfoilseofaí an Caighdeán nua ar dtús ar líne chun deis a thabhairt don phobal moltaí a chur faoina mbráid sula gcuirfí i gcló é.

Mhol saineolaithe teanga eile níos túisce i mbliana chomh maith go gcuirfí An Caighdeán Oifigiúil nua ar fáil roimh a fhoilsiú le go gcuirfeadh an pobal a gcuid tuairimí faoi in iúl.

Bhí roinnt míshástachta ann chomh maith i measc bhaill áirithe den Choiste go raibh “róshimpliú” á dhéanamh ar rialacha gramadaí na teanga ach tuairiscítear go bhfuil baill an Choiste sásta, ar an iomlán, lena saothar.

Is í Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais a cheap an Caighdeán Oifigiúil an chéad lá riamh agus a d’fhoilsigh i 1958 é. Foilsíodh leagan athbhreithnithe de in 2012 agus dúradh an uair sin go ndéanfaí athbhreithniú arís air i gceann trí bliana.

Sa réamhrá leis an leagan nua den Chaighdeán a foilsíodh tráthnóna deirtear gurb é cuspóir an athbhreithnithe “rialacha an Chaighdeáin Oifigiúil a scrúdú d’fhonn iad a fheabhsú ó thaobh feidhme agus soiléireachta de”. Deirtear gurbh é ba chúis leis an athbhreithniú ná féachaint an bhféadfaí na rialacha “a chur i láthair ar shlí ní ba shoiléire”.

Iarradh ar Choiste Comhairleach an Chaighdeáin moltaí a dhéanamh chomh maith maidir le ceisteanna nach raibh sa Chaighdeán Oifigiúil roimhe seo.

Deirtear gur “áis bhunriachtanach” an Caighdeán nua “maidir le cruinneas brí a bhaint amach i ndoiciméid oifigiúla – sa reachtaíocht, i gcáipéisí stáit, i dtéacsleabhair, i bpáipéir scrúdaithe etc – agus comhthuiscint oifigiúil a bhunú ar mhaithe le cumarsáid bheacht idir aonaid oifigiúla stáit agus an pobal”.

“Ní caighdeán oifigiúil le haghaidh na cainte atá i gceist ná ní séanadh ar an saibhreas teanga sna canúintí éagsúla é,” a deirtear.

Ní hionann, a mhaítear, gan foirm nó leagan a bheith sa Chaighdeán Oifigiúil “agus gan ceart na Gaeilge a bheith ag an bhfoirm nó ag an leagan sin”.

Fág freagra ar '‘An Caighdeán Ildaite’ seolta i mBÁC agus é ‘míle uair níos fearr’ ná ‘An Caighdeán Corcra’'

  • file

    Tá súil agam gur ‘An Caighdeán’ a chuirfear ar an leagan seo agus go mbeidh deireadh, faoi dheireadh, le cogadh an dá chaighdeán.

    Ach níl sé léite agam go fóill …

  • Cian Ó Cionnfhaolaidh

    Tháim chun mo chuid caca a scaoileadh leis. Do bhí an seana-cheann i bhfad níosa feárr; níos boige do theangain labhartha na gcainteoirí ndúchasacha. Nín aon chiall leis na rialacha, bíonn nithe aca ná fuil beo i n-aon chanúint a thuilleadh, e.g. -amar (siochas -amair); ach ar an ndul síos eile ní cheadaítear an fhoirm tháite ‘thá i mbéalaibh na ndaoine go fóill. Nín aon mhaitheas ann, nín aon ghá leis; tuigeann muintir ó thuaidh cad thá aca ó theas, agus a mhalairt dhe, mura bhfuil raghfar i ngleic leis- mar is cóir. Nín insa chaighdeán ach teanga shaorga, ná fuil ach ag foghlaimeoirí agus daoine ná fuil Gaoluinn mhaith aca. Sin an méid!.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    “ó theas” ??? Nach in leagan a chloisfeá ó “dhaoine ná fuil Gaoluinn mhaith aca”

  • Aedammair

    An bhfuil nasc ann ar líne chun an leabhar a cheannach? Ní fheicim ach an sean lagan ar líne.

  • Éamonn Ó Dónaill

    Tá an Caighdeán ar díol ar siopa.ie (suíomh de chuid Ghaelchultúir) ar €10. Seo an nasc: https://siopa.ie/ga/i-1167-gramadach_na_gaeilge_-_an_caighdean_oifigiuil_(2016)/i.aspx?ID=1167

    Agus seo nasc chuig an leagan digiteach den Chaighdeán: https://www.oireachtas.ie/parliament/media/translators/An-Caighde%C3%A1n-Oifigi%C3%BAil_2016.pdf