An Cadhnach, Kafka agus Springsteen ag Féile IMRAM 2017

Tá an fhéile litríochta IMRAM ar siúl go dtí an 21 Deireadh Fómhair in ionaid éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath

An Cadhnach, Kafka agus Springsteen ag Féile IMRAM 2017

Is teanga í an Ghaeilge atá báite i dtírdhreach na tíre seo agus i sícé a muintire ag dul siar na mílte bliain ach is teanga í chomh maith atá ceangailte le smaointe domhanda an lae inniu agus le cultúir éagsúla na cruinne.

Sin an dearcadh a bhíonn ag lucht na Féile IMRAM agus dearcadh é atá le feiceáil go soiléir i gclár fhéile na bliana 2017 atá ar siúl go dtí an 21 Deireadh Fómhair in ionaid éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath.

Bruce Springsteen agus Máirtín Ó Cadhain, Prág agus Camino clúiteach Santiago de Compostela, Franz Kafka agus Biddy Jenkinson, ceol, filíocht, agus na físealaíona – is í an Ghaeilge an priosma trína bhfaighimid léargas ar na rudaí seo uilig le linn IMRAM.

San oíche amárach déanfar ‘tír tairngire’ de Amharclann an Pavilion i nDún Laoghaire agus aistriúcháin Gabriel Rosenstock ar amhráin Bruce Springsteen á gceol ag Liam Ó Maonlaí mar chuid de ‘The Promised Land: The Bruce Springsteen Project’.

Tá sé cuí go mbeadh saothar An Boss á cheiliúradh tráth a bhfuil daoine ag iarraidh oibriú amach cén fáth gur vótáil aicme oibre Mheiriceá ar son Donald Trump.

“Sa tionscadal seo, beidh muid ag díriú ar amhráin Springsteen a bhaineann le cosmhuintir Mheiriceá, daoine atá ar an imeall,” arsa stiúrthóir na Féile, Liam Carson.

“Mar sin de, beidh muid ag cluinstin amhráin ó albaim ar nós Nebraska, The Ghost of Tom Joad ach anuas air sin, cluinfidh muid amhráin a chuaigh i bhfeidhm ar Springsteen, leithéidí ‘Vigilante Man’ le Woody Guthrie.

“Cuid de na hamhráin chlúiteacha sin ag Springsteen féin, tá siad bunaithe ar an leabhar clúiteach The Grapes of Wrath le John Steinbeck agus aithneoidh go leor daoine na mothúcháin agus na scéalta sna bailéid nua-aimseartha seo i ndiaidh na mblianta den déine ar fud an domhain.”

I gcuideachta Liam Uí Mhaonlaí, beidh Steve Cooney (giotár), Nick Roth (sacs), Robbie Perry (cnaguirlisí) agus Trevor Hutchinson (dord).

I ndiaidh an turais sin chuig Meiriceá an Boss, bogann IMRAM (a chiallaíonn turas, ar ndóigh) go Prág agus scríbhneoireacht Franz Kafka do ‘Scáthanna ó Phrág: Tionscadal Franz Kafka’. Tá cuid de shaothar Kafka aistrithe go Gaeilge ag Daithí Ó Muirí, scríbhneoir nach bhfaigheann an t-aitheantas atá tuillte aige, dar lena lán daoine.

Scríbhneoir osréalach é Ó Muirí agus mar sin níorbh iontas ar bith é go mbeadh sé ag tabhairt faoi shaothar Kafka, a nascann an saol réadúil agus an fhantaisíocht go lena chéile.

Mar chuid den seó ilmheánach seo, a bheidh ar siúl Dé Céadaoin, an 16 Deireadh Fómhair, beidh ceol, íomhánna ar scáileán mór agus scáthphuipéid cruthaithe ag Niamh Lawlor ó Púca Puppets.

“Tá cuid mhór daoine den bharúil gur saothar dorcha, gruama a scríobh Kafka ach tá cuid mhór grinn ann fosta,” a gheallann Liam Carson.

I ‘Leabharlann na bhFuaimeanna Caillte nó Iad ag dul i Léig’, a bheidh ar siúl Dé Luain seo chugainn, an 16 Deireadh Fómhair, in Amharclann Powescourt, léifidh ceathrar filí – Marcus MacConghail, Doireann Ní Ghríofa, Proinsias Mac A’ Bhaird agus Máire Dinny Wren dánta nua mar gheall ar fhuaimeanna nach gcloistear níos mó agus cloisfear fuaimrian ón gceoltóir agus dealbhóir fuaime Fergus Kelly.

Dé Máirt seo chugainn, an 17 Deireadh Fómhair, tabharfar chun cuimhne i ‘Ceo Draíochta’ an file iomráiteach agus an foclóirí Liam S Gógan, fear a thug “chéad státseirbhíseach Phoblacht na hÉireann air féin.

An tOllamh Máirín Nic Eoin a thabharfaidh léacht Uí Chadhain na bliana seo agus athbhreithniú neamhghnách ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain beartaithe aici don léacht a bheidh ar siúl i UCD, Déardaoin an 19 Deireadh Fómhair.

Gealltar mire, foréigean, gnéas agus greann fáil in Mis, seó bunaithe ar rómáns meánaoiseach leis an scríbhneoir Biddy Jenkinson.

Ar an 20 Deireadh Fómhair, i gceannáras Éigse Éireann ar Cheanóg Parnell, léifidh Jenkinson féin sleachta as an leabhar fad is bheidh Enda Reilly á tionlacan ar an ghiotár agus íomhánna scáfara atá cruthaithe ag Margaret Lonergan le feiceáil ar an scáileán mór.

I measc na n-imeachtaí eile ag Féile na Bliana seo, labhróidh Liam Ó Muirthile ar an 770km a shiúil sé ar an Camino de Santiago de Compostela agus tabharfar ómós don sárscríbhneoir Éilis Ní Dhuibhne ag oíche ómóis na bliana seo.

Tá an clár iomlán le fáil ag imram.ie.

Fág freagra ar 'An Cadhnach, Kafka agus Springsteen ag Féile IMRAM 2017'

  • Cluain Sceach

    Theip orm ticéid a fháil do Springsteen, mo léan..

  • Joe Breathnach

    Bhí sé thar bharr. An banna chomh maith leis an E Street Band, agus ach cúigear acú. Ní amháin aistriúcháin ach athléamh a bhí sna hamhráin. Ón dearca dorcha domhain i Nabraska go dtí amhrán feargach Youngstown, leis an banna mar “wall of sound” Phil Spector, agus ceol damhsa Let’s Be Friends (Skin to Skin). An mbeidh taifead ar fáil? An mbeidh ceolchoirmeacha eile? Bhí amhránaíocht Ó Maonlaí agus na ceoltóirí ar fheabhas.