An cabhair nó a mhalairt é airgead a thabhairt do dhaoine ar an tsráid?

Feachtas fiúntach nó carthanachtaí ag tochras ar a gceirtlín féin? ‘Begging for Change’ an teideal atá ar fheachtas conspóideach i mBéal Feirste a iarann ar dhaoine gan airgead a thabhairt do lucht déirce

An cabhair nó a mhalairt é airgead a thabhairt do dhaoine ar an tsráid?

‘Begging for Change’ an teideal atá ar fheachtas conspóideach i mBéal Feirste ag áitiú ar dhaoine gan airgead a thabhairt do dhaoine a bhíonn ag iarraidh déirce ar an tsráid. Eagraíochtaí carthanachta a chuidíonn le daoine gan dídean a sheol an scéim cúpla mí ó shin. Cé go bhfuair cúigear bás ar an tsráid sa chathair le bliain, fuair an feachtas tacaíocht ó phóilíní agus ó roinnt polaiteoirí ach chuir sé alltacht ar dhaoine eile.

D’fhéadfadh do chabhair daoine a choinneáil ar an tsráid in ionad cuidiú leo i ndáiríre, a deir an leabhrán Begging for Change a d’eisigh an dá chumann, Depaul agus Welcome. Thiocfadh leis an déirce a thugtar ar an tsráid fad a chur leis an andúil agus fadhbanna eile, a deir na cumainn a mholann gur d’eagraíochtaí cosúil leo féin ba cheart airgead a thabhairt.

Ar éigean is gá a rá gur tharraing an scéim díospóireacht theasaí. Scriosadh póstaeir agus cuireadh i leith na n-eagraíochtaí gur ar mhaithe leo féin a bhíodar. Fuair an scéim tacaíocht ón PSNI, ón bhFeidhmeannacht Tithíochta, ó Chumann Bainistíochta na Cathrach agus ón gComhpháirtíocht Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail. Fuair sí tacaíocht freisin ó roinnt comhairleoirí i Halla na Cathrach.

Údar argóna é le fada an lá, ar cheart airgead a thabhairt don té atá ag iarraidh déirce nó béile a cheannach dó? Téann an scéim seo céim níos faide, i bhfad níos faide. Áiríonn an leabhrán ‘miotais’ faoin déirce mar thaca leis an argóint nach cabhair ach a mhalairt é airgead a thabhairt do dhaoine ar an tsráid. Tá Depaul agus Welcome go láidir den bharúil gur seirbhísí a ghabhfaidh i ngleic lena bhfadhbanna an gar is mó a d’fhéadfaí a dhéanamh do dhaoine ar an tsráid.

Deir an lucht cáinte is glóraí gur faisisteachas é. Féadfaidh siad an plean seo a bhrú orainn, a deir siad, nuair a bheidh a ndualgas déanta ag Rialtas na Breataine chun deireadh a chur le heaspa dídine agus le déine.

Plean a fheileann do lucht gnó agus do pholaiteoirí áitiúla atá ag iarraidh an chathair ‘a ghlanadh suas’ is ea é, arsa a thuilleadh.

Nuair a chloistear póilíní ag casaoid faoi cheoltóirí sráide a bheith ag saothrú ‘an iomarca’, caithfear aird a thabhairt ar chuid de na gearáin.

Maíonn daoine eile gur ar mhaithe leo féin atá Depaul agus Welcome. Admhaíonn an dá eagraíocht gur eascair a bhfeachtas as athbhreithniú a rinneadh tar éis do chúigear bás a fháil. Is maith an ní é go bhfuil daoine ag dul i ngleic leis an bhfadhb agus beidh le feiceáil cé chomh héifeachtach is a bheidh siad amach anseo.

Cibé cur chuige atá ceart, déirc a thabhairt nó gan í a thabhairt, is laige ar an bhfeachtas é na haidhmeanna difriúla atá ag na dreamanna a thacaíonn leis. Níl aon dabht ach gur mhaith le lucht gnó na daoine a luíonn ag doirse agus lucht iarrtha déirce a bhrú amach as lár na cathrach.

Tá caint ar chrios eisiata a bhunú i lár na cathrach – i bhfocail eile, an fhadhb a bhrú amach ar na seachbhóithre. Mór idir é sin agus dul i ngleic le bochtaineacht nó easpa dídine. Tá a mhacasamhail de scéim i Londain, Nottingham agus cathracha eile. Cuireann sin cuma níos fearr ar na ceantair láir ach ní dhéanann sé tada chun an fhadhb shóisialta a fhuascailt.

Tá deacracht ag na póilíní i dtaca le hiarraidh déirce. Mionchoir é ar an ngnáthbhealach, a deir siad, agus ní fiú acmhainní luachmhara atá riachtanach le haghaidh obair eile a dhíriú air. Mar sin féin tá siadsan i bhfabhar crios eisiata a thabhairt isteach ach ní chothaíonn sé muinín ina gcur chuige póilín a bheith ag casaoid faoi cheoltóir sráide a shaothraigh £170, mar a tuairiscíodh i nuachtán an tseachtain seo.

Bíonn scéalta i ngach cathair faoi dhreamanna atá faoi smacht na gcoirpeach nó a bhfuil ceann feadhna orthu a bhailíonn an t-airgead uathu tráthnóna. Is é gnó na bpóilíní stop a chur leis sin. Thuairisc an PSNI le déanaí go raibh os cionn 120 eachtrannach ag iarraidh déirce i mBéal Feirste roimh an Nollaig seo caite agus nach raibh éinne acu gan dídean. D’imigh siad nuair a bhí a stór bailithe acu, is cosúil. Gnó do na póilíní é sin – cás ar leith, cás gearrthéarmach.

Bhí daoine ón áít, timpeall scór acu, ag iarraidh cabhrach ag an am céanna, dornán acu gan dídean. Tá daoine ag iarraidh déirce inniu. Is iad ár gcomharsana iad, ár gcomhshaoránaigh den chuid is mó. Níl aon cheist ach go bhfuil fadhbanna alcóil, drugaí nó meabhairshláinte ag cuid acu agus cóir phroifisiúnta de dhíth orthu.

Déanann Depaul agus Welcome sárobair ach bíodh a bhfeachtas in aghaidh déirce maith nó olc (nílim cinnte), tá sé imithe i bhfostú i scéimeanna eile agus ní maith sin.

Fág freagra ar 'An cabhair nó a mhalairt é airgead a thabhairt do dhaoine ar an tsráid?'