An Burgomeister, an Bel Canto agus ceachtanna Gaeilge do Ghearmánaigh – lá mór sa Dáil

Bhí ár dtuairisceoir i láthair i nDáil Éireann inné chun léamh níos fearr a fháil ar an saol gan rialtas nua

Dáil

An chaint sin gan mórán brí a théann anonn agus anall sa foyer in óstán. Bhí goimh sa ngaoth, a deir an bhean a tháinig isteach agus í cineál séidte. Bean a bhí amach roinnt mhaith sna blianta. 

An raibh sí ag fanacht anseo? “Nílim,” a deir sí, “tá mé ag dul chuig an seisiún Bel Canto.”

Ní fhéadfainn a bheith i mo phleidhce uilig sa foyer. “Cineál éigin fonnadóireachta é sin?” arsa mise. “Ó sea,” a deir sí. “Fonnadóireacht álainn, ársa Iodálach. Tá mé ag dul dó leis na blianta.” 

D’inis mé fáth mo chuarta go Baile Átha Cliath di; bhí mé ar mo bhealach go Teach Laighean. “Nach sílfeá go gcuirfidís Rialtas i dtoll a chéile?” a deir bean an Bel Canto. “Ach ar ndóigh, ní muide atá ag déanamh imní dóibh ach iad féin. Nobanna móra – big knobs,” a dúirt sí.

Is dóigh gurb é sin é a dhúisigh mo shuim in ainm an tsiopa atá ar Shráid Nassau, i bhfoisceacht cúpla céad méadar don Dáil agus mé ag dul i dtreo Theach Laighean ar an mbus ina dhiaidh sin – ‘Knobs and Knockers’.

M’anam ach gur bhuail an Taoiseach ar na speireacha iad i gCaisleán an Bharraigh – “whingers” agus fonn acu leis. Ach, ní raibh focal borb ar bith as béal an Taoisigh inné. 

Ba é Micheál Ó Máirtín a chaith cúpla spalla an iarraidh seo. Ach baineadh as é, a deir sé.

Ní fonn Bel Canto a bhí ar cheannaire Fhianna Fáil agus é ag tagairt do chaint cheannaire an Lucht Oibre, Joan Burton roimhe sin; ní raibh sí mórchroíoch ná cruinn sa gcaoi ar ionsaigh sí Fianna Fáil, a deir Micheál Ó Máirtín.

Cén bhrí, a deir sé, ach níor fheil teannas idir na páirtithe sa gcás ina raibh an Dáil agus an tír.

Bhí sé ráite ag Joan Burton nach raibh iarracht mhacánta déanta ag Fianna Fáil le Rialtas a bhunú agus lena chois sin, dúirt sí go mba chleas polaitíochta a bhí sa ngealltanas a thug an páirtí do na neamhspleáigh go gcuirfí deireadh leis na táillí uisce.

Ag dul leis an sruth a bhí Fianna Fáil, a deir Joan Burton, le súil agus go dtiocfaidís i dtír gan stró.

Ach ní raibh duine ar bith ag teacht i dtír inné. 

Mórán mar a bhí trí seachtaine ó shin a bhí an vótáil do phost an Taoisigh arís. D’fhan na neamhspleáigh atá i mbun cainteanna le Fianna Fáil agus Fine Gael as ar fad nuair a tarraingíodh vóta ar na moltaí go mbeadh Enda Kenny nó Micheál Martin ina Thaoiseach. Ach vótáil na Neamhspleáigh seo in aghaidh Ruth Coppinger as an AAA/Feachtas in aghaidh na Déine nuair a cuireadh a hainm chun cinn do phost an Taoisigh.

Deich vóta a fuair sise agus bhí tacaíocht ó Neamhspleáigh ón eite chlé aici.

Bhí go leor siúil ann, suas agus anuas na staighrí, iad siúd in d’aghaidh ag dul faoi dheis ag an ngeata agus iad siúd ar do shon ag dul faoi chlé. Bhí an Burgomeister a bhí sa suíochán romham ag baint lán na súl as seo.

Ach cé go mbeifeá ag súil go mbeadh cúrsaí níos teicniúla ag na Gearmánaigh, ní rud ait é córas vótála na Dála sa nGearmáin, a deir an Burgomeister.  Tá an fear seo i gceannas ar cheantar bhaile Kanan i Westphalia áit a bhfuil daonra 45,000 ann.

Ceisteanna tromchúiseacha a chuireann polaiteoirí ag siúl sa nGearmáin, a deir sé. Siúlann siad i dtreo an dorais ach má bhíonn siad in aghaidh an mholta, casann siad ar dheis díreach sula sroicheann siad an doras.

Ach má bhíonn duine ar shon an mholta, siúlann sé/sí isteach an doras.

Céard faoina chumhachtaí féin? Bhuel, tá buiséad €110 milliún sa mbliain acu ina cheantar féin. Íocann an Rialtas láir sa nGearmáin na múinteoirí, na póilíní agus dreamanna mar sin; dá réir sin, tá os cionn 80% den airgead atá sa mbuiséad acu le caitheamh ar infreastruchtúr, forbairtí agus seirbhísí.

Cé mhéad deól, mar shampla a gheobhadh duine singil a bheadh dífhostaithe? “58% den phá a bhí aige sular chaill sé a phost,” a deir an Burgomeister, “ach bheadh sé ag laghdú de réir a chéile go dtí go mbeifeá 18 mí ina thuilleamaí.”

Cuirtear duine ar €346 sa mí ansin agus cúnamh ar fáil dó le cíos tí, córas leighis in aisce agus buntáistí eile. 

An-mhaith i dtús na tréimhse ach sách gann théis 18 mí.

Chuir an Gearmánach agus a chomhluadar suim sa bhfoclaíocht Ghaeilge a d’úsáid an Ceann Comhairle agus é ag fógairt torthaí na mbabhtaí éagsúla vótála. Míníodh dó. Ach níor chaill sé mórán dá raibh ar siúl. Níor labhair ach duine amháin Gaeilge le linn na n-óráidí a bhain leis na hainmniúcháin do phost an Taoisigh agus b’in é an Teachta Thomas Byrne as Fianna Fáil. I nGaeilge uilig a labhair seisean agus é ag tacú le hainmniúchán Mhichíl Uí Mháirtín. Níor tugadh deis chainte ar bith do Shane Ross sa tréimhse sin cé gur ar éigean go gcuirfeadh seisean aon dallamullóg ar an nGearmánach lena chuid Gaeilge.

Stop an Ceann Comhairle Shane mar go raibh na cainteoirí a labhair roimhe gafa rófhada leis an scéal agus bhí an t-am caite. Chuir an Ceann Comhairle foighid ann agus dúirt leis go mbeadh deis aige níos deireanaí.

Théis na cainte uilig – 50 uair an chloig cainteanna a bhí acu féin le Neamhspleáigh , a deir an Taoiseach – agus dhá bhabhta fhadálacha vótála gan toradh, céard atá i ndán dúinn uilig anois?

Tá na Neamhspleáigh á fhágáil idir Micheál Ó Máirtín agus Enda Kenny. Más féidir leosan teacht ar réiteach faoi cheisteanna ar nós táillí uisce agus Uisce Éireann, beidh cuid mhór den obair déanta. Sa mullach air sin, beidh na Neamhspleáigh – nó cuid acu ar chuma ar bith – ag iarraidh go dtabharfadh Fine Gael gealltanas go mbeadh siadsan sásta tacú le Rialtas mionlaigh de chuid Fhianna Fáil, agus, ar ndóigh, Fianna Fáil sásta a mhalairt a dhéanamh.

Ansin, déanfaidh na Neamhspleáigh scrúdú arís ar a bhfuil le tairiscint ag Fianna Fáil agus Fine Gael. Sa gcás sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh tromlach na Neamhspleách fós sásta luí isteach le Fianna Fáil; tá drogall orthu a bheith luaite le Enda Kenny de bharr toradh an toghcháin.

Ach tá ceist eile ann. Théis an tsaoil uilig, an bhfuil seans fós ann go dtaobhóidh an Lucht Oibre le Enda Kenny ag uair na cinniúna? Agus tá an cheist sin seasta in intinn na dTeachtaí Neamhspleácha mar go bhfágfadh a leithéid de chinneadh ag an Lucht Oibre iadsan, na Neamhspleáigh, ar charraig dá dtaobhóidís le Fianna Fáil.

Níor fhéach muid leis an méid sin uilig a mhíniú don Bhurgomeister. B’fhearr linn iarraidh a thabhairt faoin Bel Canto, más go carógach féin é, ná a ghabháil i bhfostú sa tsnaidhm sin.

Fág freagra ar 'An Burgomeister, an Bel Canto agus ceachtanna Gaeilge do Ghearmánaigh – lá mór sa Dáil'