An buntáiste ag Gaillimh ach ná déan iontas de má bhíonn lá eile ag teastáil

Agus aghaidh á tabhairt acu ar a chéile i gcluiche ceannais iomána na hÉireann, is beag atá idir iománaithe na Gaillimhe agus Phort Láirge

An buntáiste ag Gaillimh ach ná déan iontas de má bhíonn lá eile ag teastáil

Joe Canning na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Is é scéal mór an chluiche ceannais seo ná gur deis atá ann ag an dá chontae, Port Láirge agus Gaillimh deireadh a chur le gorta mór fada. I 1988  bhuaigh an Ghaillimh Craobh na hÉireann den uair dheireanach agus tá Port Láirge ag fanacht ó 1959.

Ach an bhféadfadh cor eile a bheith sa scéal seo sula bhfógrófar deireadh leis an bhfanacht? Tá trí bliana ann ó bhí athimirt againn i gcluiche ceannais na hÉireann ach ag breathnú ar fhoirne an lae inniu, beidh sé deacair iad a scaradh óna chéile.

Seans gur ag na foirne seo atá an bheirt iománaithe is sciliúla sa tír, Joe Canning agus Austin Gleeson. Is acu atá na himreoirí lár páirce is fearr in Éirinn i mbliana, David Burke na Gaillimhe agus Jamie Barron agus Kevin Moran Phort Láirge.

Níl aon amhras ach gur ag Gaillimh atá na fir is mó agus is láidre ach tá taithí mhór anois ag cosantóirí Phort Láirge ar an stíl imeartha atá curtha i bhfeidhm ag Derek McGrath agus iad in ann an stíl sin a chur ag obair gan dua.

Is é an cath sin idir stíleanna na bhfoirne a bheidh cinniúnach. Tá na fir mhóra ag Gaillimh i measc na dtosaithe chun an sliotar a bhuachan, leithéidí Joseph agus Conor Cooney, Jonathan Glynn agus Canning ar ndóigh. Beidh a fhios acu áfach nach é a gcuid nirt as féin a bhuafaidh an cluiche dóibh.

Má fheiceann Derek McGrath cosantóirí na Gaillimhe ag seoladh pasanna móra arda isteach i rith an chluiche, seans nach mbeidh sé róbhuartha. Beidh fear na Claise Móire Tadhg de Búrca ag imirt idir an líne lánchúil agus an líne leathchúil, agus é i gcónaí ar fáil ar an bpointe chun déileáil le haon phas nach bhfuil go hiomlán cruinn.

In aghaidh Thiobraid Árann sa chluiche leathcheannais, bhuail Gaillimh an-chuid pasanna ísle isteach sna cúinní mar a raibh Conor Cooney agus Conor Whelan, rite amach ón gcúl. Bhain siad an-leas as an gcur chuige sin, go háirithe sa chéad leath. Seans go bhfeicfidh muid an cleas céanna á úsáid acu tráthnóna mar cé go mbeidh de Búrca thiar ansin, ní bheidh sé in ann ach duine amháin den bheirt a fhaire.

Údar dóchais atá ann do Phort Láirge go bhfuil beagán amhrais ann fós faoi mheon agus cur chuige na Gaillimhe ó thaobh na cosanta de.

Tá Gearóid McInerney ag imirt thar barr i mbliana ach cé gur chaith sé tamall maith ar imeall na foirne, níor bhain sé áit bhuan amach uirthi go dtí i mbliana. Bhí idir mhaith agus olc sna taispeántais a thug John Hanbury i ngeansaí na Gaillimhe chomh maith agus má chuirtear an bheirt sin agus a gcomhghleacaithe faoi bhrú ceart, ní fios fós cén freagra go díreach a bheidh acu.

D’imir an seisear cosantóirí a thosóidh tráthnóna in aghaidh Phort Láirge sa tsraith níos luaithe i mbliana agus bhí an lámh in uachtar ag na Déisigh orthu ar feadh uair an chloig nó mar sin den chluiche.

Ba é Joe Canning agus David Burke a shábháil na Gaillimhigh an lá sin agus má bhíonn an bheirt ar a mbuille inniu i bPáirc an Chrócaigh, seans gurb iad muintir an iarthair a bheidh ag ceiliúradh.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Fág freagra ar 'An buntáiste ag Gaillimh ach ná déan iontas de má bhíonn lá eile ag teastáil'