An bua ag Gaoth Dobhair agus Piarsaigh na Dromoda ach briseadh croí do Mhaigh Cuilinn

D’éirigh le Gaoth Dobhair agus Piarsaigh na Dromoda cluichí móra a bhuachan an deireadh seachtaine seo ach buaileadh mná Mhaigh Cuilinn i gcluiche leathcheannais na hÉireann

An bua ag Gaoth Dobhair agus Piarsaigh na Dromoda ach briseadh croí do Mhaigh Cuilinn

Gaoth Dobhair ag ceiliúradh i dTír Chonaill

Thug trí chúl sa chéad leath ó Chian Mulligan an-spreagadh d’fhoireann Faoi-21 Ghaoth Dobhair inné nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Naomh Conaill i gcluiche ceannais na craoibhe A. Sé phointe a bhí idir na foirne ag deireadh na himeartha, 3-11 in aghaidh 3-5, rud a fhágann go bhfuil an chraobh tugtha leo den dara bhliain as a chéile ag Gaoth Dobhair.

Chuir foireann Mhachaire Gathlán tús den scoth leis an gcluiche agus bhí 1-4 aimsithe acu sular éirigh le Naomh Conaill a gcéad scór a fháil. Ocht nóiméad a bhí caite nuair a chuir Mulligan an liathróid san eangach den chéad uair ach tháinig Naomh Conaill ar ais roimh leath ama.

Agus beagnach 20 nóiméad caite, d’aimsigh fir na nGleanntach a gcéad scór nuair a fuair Paul McGuinness cúl agus bhí siad ar comhscór arís gan mhoill nuair a d’aimsigh JD Boyle cúl eile dóibh. Níor aimsigh Naomh Conaill aon scór amháin eile roimh an mbriseadh agus fuair Gaoth Dobhair 2-2 sa tréimhse chéanna, agus an beart déanta faoi dhó ag Mulligan.

D’fhág sin go raibh Gaoth Dobhair ocht bpointe chun cinn ag leath ama, 3-6 in aghaidh 2-1. Leathnaíodh an bhearna sin go dtí deich bpointe seacht nóiméad isteach sa dara leath agus is ansin a thosaigh Naomh Conaill ag teacht chucu féin, beagáinín.

D’aimsigh Charles McGuinness cúl agus cúilín dóibh agus gan ach cúig nóiméad fágtha agus ní raibh ach cúig phointe idir na foirne. Níor éirigh le Naomh Conaill an bhearna sin a dhúnadh as sin go deireadh an chluiche, áfach, agus buachaillí Ghaoth Dobhair a bhí ag ceiliúradh don dara bliain as a chéile.

Bainisteoir na bPiarsach, Declan O’Sullivan. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Cluiche ceannais an chúige roimh Phiarsaigh na Dromoda

Tá Piarsaigh na Dromoda cáilithe do chluiche ceannais shóisir na Mumhan tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ghaeil Ghailtí Dé Sathairn. In am breise a d’éirigh leo foireann Luimnigh a chloí agus bua ceithre phointe, 2-17 in aghaidh 3-10, a bhí acu ar deireadh.

Bhí na Piarsaigh ocht bpointe chun deiridh ag tráth amháin sa chéad leath tar éis do Ghaeil Ghailtí trí chúl a scóráil sa chéad 20 nóiméad. Bhí fir Chiarraí Theas buíoch den chúl a d’aimsigh Graham O’Sullivan san aonú nóiméad déag, a d’fhág nach ndeachaigh Gaeil Ghailtí rófhada ar fad chun tosaigh orthu. Faoin am go raibh leath ama sroichte, bhí an bhearna idir na foirne laghdaithe go dtí cúig phointe ag Piarsaigh na Dromoda, 3-7 in aghaidh 2-5. Chris Farley a d’aimsigh an dara cúl.

Níor aimsigh Gaeil Ghailtí ach pointe amháin sa dara leath ach, mar sin féin, thóg sé tamall maith ar na Piarsaigh teacht gob ar ghob lena gcéilí comhraic. Níor chuidigh sé leo gur cuireadh Niall O’Shea den pháirc agus cúig nóiméad fágtha, ach d’éirigh le Kealan Farley cúilín tábhachtach a fháil dóibh chun a chinntiú go mbeadh am breise ann.

Bhí rith an ráis le fir na Ríochta as sin amach. Fuair Graham O’Sullivan agus Chris Farley sé chúilín a chinntigh gurb iad foireann Uíbh Ráthaigh a bheidh sa chluiche ceannais. Tabharfaidh siad aghaidh anois ar Chnoc na Graí as Corcaigh.

Cúl á scoráil ag Maigh Cuilinn ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2015. Pictiúr: Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín

Pointe amháin idir Maigh Cuilinn agus áit i gcluiche ceannais na hÉireann

Briseadh croí a bhí i ndán d’fhoireann peile mhná Mhaigh Cuilinn nuair nár éirigh leo an deis ar áit i gcluiche ceannais na hÉireann a thapú inné agus gan idir iad féin agus mná Chionn tSáile ach an t-aon chúilín amháin.

Cé go ndearna na Gaillimhigh teacht aniar ag deireadh an chluiche nuair a d’aimsigh siad 1-2 in am cúitimh, d’éirigh leis an bhfoireann bhaile teacht slán, 0-18 in aghaidh 2-11. Ba í Áine Nic Dhonnchadha a d’aimsigh an cúl agus an cúilín sin ach faraor ní raibh dóthain ama fágtha.

Ag Cionn tSáile a bhí an lámh in uachtar don chuid is mó den chluiche. D’aimsigh an t-imreoir contae Orla Finn cúig phointe dóibh sa chéad 15 nóiméad rud a d’fhág 0-7 in aghaidh 0-3 chun cinn iad. Tháinig Maigh Cuilinn ar ais nuair fuair Evie Ní Leamhna cúl dóibh ach faoin am go raibh leath ama sroichte, bhí Cionn tSáile ceithre phointe chun tosaigh, 0-12 in aghaidh 1-5.

D’éirigh leo an farasbarr sin a mhéadú sa an dara leath agus bhí an chuma ar chúrsaí go mbeadh bua sách éasca acu agus iad sé phointe chun cinn sa chéad nóiméad d’am cúitimh. Níor ghéill Maigh Cuilinn go bog, áfach, agus cúilín amháin a bhí idir na foirne nuair a séideadh an fheadóg dheiridh.

Fág freagra ar 'An bua ag Gaoth Dobhair agus Piarsaigh na Dromoda ach briseadh croí do Mhaigh Cuilinn'