An bua ag Coláiste Íde i gComórtas Raidió RTÉ RnaG

Dúirt Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath gur chúis “lúcháire” di go raibh tús áite á thabhairt don Ghaeilge i gcónaí ag na scoileanna a ghlac páirt sa chomórtas

The O’Rahilly

Ba é Coláiste Íde sa Daingean a thug an svae leo sa Chomórtas Clár Raidió 1916 do scoileanna a a d’eagraigh RTÉ Raidió na Gaeltachta mar chuid de chomóradh an stáisiúin ar Éirí Amach na Cásca. 

Ba í Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath Críona Ní Dhálaigh a d’fhógair ar chlár a craoladh beo ó Theach an Ard Mhéara inné gurb í an scoil chónaithe sa Daingean a thug leo an duais €1,000.

Bronnadh duais €200 freisin ar dhá scoil eile as feabhas a gcuid clár – Pobalscoil Chloich Cheannfhaola i nDún na nGall agus Coláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath.

Dúirt Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath go raibh sé “tábhachtach” go raibh daoine óga ag glacadh páirt sa chomóradh agus gur chúis “lúcháire” di go raibh tús áite á thabhairt don Ghaeilge i gcónaí ag na scoileanna a ghlac páirt sa chomórtas.

“Is maith an rud é go bhfuilimid ag déanamh machnaimh ar an méid atá bainte amach againn le 100 bliain anuas agus an méid atá le baint amach go fóill lena chinntiú go bhfuil cothrom na féinne ag gach duine atá na gcónaí sa tír.  Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil an chéad ghlúin eile, sibhse atá anseo inniu, ag tabhairt aird ar na ceisteanna seo.”

“Cúis lúcháire domsa go pearsanta go bhfuil an obair ar fad déanta trí mheán na Gaeilge.   Is léir go dtuigeann sibhse tábhacht na teanga agus an chultúir, agus tá súil agam go dtabharfaidh sibh tús áite don teanga i gcónaí.”

Rinne Coláiste Íde clár faoi Mhícheál Ó Rathaille, nó ‘The O’Rahilly’ mar ab fhearr aithne air.

Dúirt na moltóirí faoin gclár:

“Tharraing na daltaí isteach muid i saol an O’Rahilly amhail is go raibh muid i láthair nuair a tharla na heachtraí seo.  D’fhoghlaim muid faoina óige, na prionsabail a bhí aige, agus mar a chaith sé a shaol, agus chuir muid aithne an-mhaith air tríd an gclár.”

Rinne Pobalscoil Chloich Cheannfhaola clár faoi Charlie Mac Aoidh as Inis Bó Finne a scaoileadh i gCo. Lú ar Luan Cásca 1916. 

Chuir Coláiste Íosagáin clár le chéile faoi chuid de laochra 1916 a raibh gaol ag daltaí sa scoil leo.  Mhol na moltóirí an ceangal pearsanta le scéal 1916 agus an ceol a úsáideadh sa chlár.

Ba iad Seán Ó hÉanaigh, Áine Hensey agus Cormac Ó Comhraí a rinne moltóireacht ar an gcomórtas. 

– Is féidir éisteacht leis na cláracha sa tsraith 1916: Dearcadh na hÓige ar Sheinnteoir Raidió RTÉ ar shuíomh idirlín RTÉ Raidió na Gaeltachta

Fág freagra ar 'An bua ag Coláiste Íde i gComórtas Raidió RTÉ RnaG'