An briseadh croí a bhí i ndán do roinnt mhaith foirne Gaeltachta ag an deireadh seachtaine

Imríodh cluichí móra i gcraobhacha peile agus iomána na Gaillimhe, Chiarraí agus Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo agus briseadh croí a bhí ann do roinnt mhaith foirne

An briseadh croí a bhí i ndán do roinnt mhaith foirne Gaeltachta ag an deireadh seachtaine

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Briseadh croí d’Oileáin Árann agus iománaithe Chois Fharraige

An briseadh croí a bhí i ndán d’Oileáin Árann i gCraobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe Dé Domhnaigh nuair a fuair Baile Liam an ceann is fearr orthu le haon phointe amháin, 4-13 i gcoinne 2-18, i ndiaidh am breise sa bhabhta leathcheannais.

Cluiche den chéad scoth a bhí idir na foirne san athimirt seo ach ní haon fhaoiseamh do na hÁrannaigh é gur ó chic 45m agus an t-am caite a fuair fear lár páirce Bhaile Liam, Kieren Flatley, pointe an bhua.

Go deimhin, ní mó nó sásta a bhí imreoirí ná lucht tacaíochta Oileáin Árann leis an réiteoir, Frank Kineen, toisc gur beag am breise eile a cheadaigh sé tar éis do Flatley an-chuid ama a chur amú ag tógáil an chic deireanach sin.

Gach seans go mbeadh pointe comhscóir aimsithe ag fir na Gaeltachta, go háirithe agus teacht aniar iontach déanta acu in am cúitimh chun a chinntiú go mbeadh am breise ann. Seacht bpointe chun deiridh a bhí Oileáin Árann ag tús an ama cúitimh sin ach d’éirigh leo an comhscór a fháil a bhuíochas de chúilín ó Kealan Seoighe, cic éirice ó Chillian Ó Conghaile agus cúl eile ó Mháirtín Seoighe leis an gcic deireanach.

Beidh aiféala ar imreoirí Oileáin Árann faoin taispeántas a thug siad sa chéad leath nuair a chuir siad roinnt mhaith iarrachtaí amú, gan trácht a dhéanamh ar an dá chúl bhoga a ghéill siad ag deireadh an chéad leatha sin.

Droch-dheireadh seachtaine d’iománaithe Chonamara

Cailliúint a bhí i ndán d’iománaithe Mhícheál Breathnach i Staid an Phiarsaigh inné chomh maith. Ba in aghaidh Shaighleáin a bhí fir Chois Fharraige ag imirt i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir a hAon an chontae ach ba le cumann thuaisceart na Gaillimhe a bhí an lá agus bua ceithre phointe acu , 1-16 in aghaidh 0-15.

Ba é cúl Alan Cullinane ag deireadh an chéad leatha scór cinniúnach an chluiche agus cé nach raibh ach cúpla pointe idir na foirne agus cúig nóiméad fágtha, ní raibh Mícheál Breathnach in ann an beart a dhéanamh.

Chlis ar bháireoirí cumann eile as Cois Fharraige, An Spidéal, ina gcluiche ceathrú ceannais sa Chraobh Idirmheánach Dé Sathairn. Ba iad Órán Mór-Meáraí rogha láidir na coitiantachta sa chluiche seo, go háirithe agus beirt d’fhoireann bhuacach na Gaillimhe i gCraobh na hÉireann acu, Gearóid McInerney agus Niall Burke.

Ina ainneoin sin, bhí gá le ham breise a imirt sara bhfuair Órán Mór-Meáraí an ceann is fearr ar an Spidéal, 2-24 in aghaidh 4-16.

Na Crócaigh róláidir do Chiarraí Thiar

Léirigh Crócaigh Chill Airne a mianach Dé Sathairn agus bua breáacu  ar Chiarraí Thiar i gcluiche leathcheannais Chraobh Shinsir Chiarraí. Ceithre phointe dhéag a bhí idir na foirne ag deireadh an chluiche i Staid Mhic Gearailt, 5-13 i gcoinne 0-14 agus curaidh na hÉireann i bhfad róláidir d’fhir Chorca Dhuibhne.

Chuir Ciarraí Thiar tús maith leis an gcluiche agus bhí an-deis ar chúl ag Éanna Ó Conchúir taobh istigh den chéad deich nóiméad ach cuireadh ar strae í agus nuair a d’aimsigh Daithí Casey an chéad chúl do na Crócaigh go luath ina dhiaidh sin, ba léir go raibh dúshlán mór roimh Chiarraí Thiar.

Chuaigh rudaí in olcas dóibh nuair ab éigean do Thomás Ó Sé imeacht den pháirc agus gan ach 20 nóiméad imeartha. Tá teannán na hioscaide gortaithe ag an tosach agus is cúis imní é sin do bhainistíocht na Gaeltachta, a imreoidh i gcluiche ceannais idirmheánach an chontae ag deireadh na míosa.

Seacht bpointe chun deiridh a bhí Ciarraí Thiar ag leath ama, 1-9 in aghaidh 0-5, agus níorbh aon chúnamh dóibh an cárta dearg a taispeánadh do Jason Hickson Abhainn an Scáil díreach roimh an mbriseadh.

Scóráil Colm Cooper cúl gleoite ó chic saor go luath sa dara leath agus ba ag na Crócaigh a bhí forlámhas ar an imiet as sin go deireadh an chluiche. Fuair beirt ionadaí trí chúl eatharthu, Jordan Kiely (2) agus Paul Clarke.

Craobh Idirmheánach Dhún na nGall buaite ag Baile na nGallóglach

Bliain tar éis dóibh an cluiche ceannais a chailleadh i ndiaidh cluiche athimeartha, is iad Baile na nGallóglach curaidh Idirmheánacha Dhún na nGall tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Náille Dé Domhnaigh.

Chuir Baile na nGallóglach tús iontach leis an gcluiche agus bhí siad sé phointe chun cinn, 1-4 in aghaidh 0-1, agus gan ach ceathrú uaire imeartha. Darragh Black a fuair an cúl.

Tháinig Naomh Náille, seaimpíní shóisir Chomórtas Peile na Gaeltachta i mbliana, ar ais a bhuíochas de scóranna Peter Mogan agus ní raibh ach bearna trí phointe eatarthu ag leatham. I ndiaidh do Stephen Griffin trí chic saor as a chéile a aimsiú i lár an dara leath, bhí Naomh Náille ar comhscór arís agus is beag a bhí idir na foirne as sin go deireadh an chluiche.

Ba é Cathal McGettigan laoch Bhaile na nGallóglach. D’aimsigh an tosach seo cúl nuair nach raibh raibh fágtha ach nóiméad, scór a chuir a fhoireann ceithre phointe chun cinn. D’éirigh leo cúilín eile a fháil roimh dheireadh na himeartha chun a chinntiú go mbeadh an bua acu. Farasbarr cúig phointe a bhí acu ar deireadh, 2-11 in aghaidh 0-12.

Fág freagra ar 'An briseadh croí a bhí i ndán do roinnt mhaith foirne Gaeltachta ag an deireadh seachtaine'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ní briseadh croí a bhí ann i gcás na mban!
    Ghrú Chois Fharraige sa gcluiche sóisear camógaí ar an Satharn ar Turlach Mór.
    Bhí comhscór ag na mionúr na mBreathnaigh sa chluiche leath-cheannais peile ar an Domhnaigh le Cathair Lios Tráin.