An Brexit – buille an bháis don Bhreatnais?

Is míorúilt go maireann an Bhreatnais. Agus tá sí i mbaol a díothaithe chomh mór anois is a bhí i 1536

An Brexit – buille an bháis don Bhreatnais?

Is míorúilt go maireann an Bhreatnais. Cén fáth? I 1536, in Acht an Aontais, chuir rí Shasana roimhe cultúr agus teanga na Breataine Bige a chur de dhroim an tsaoil. Sin é ba sprioc dó. Ach níor éirigh leis. Bhí abhainn an Severn róleathan. Bhí sléibhte Eryri ró-ard. Bhí coillte Ceredigion ró-iargúlta.

Agus bhí Breatnaigh ann a sheas an fód. Idir 1550 agus 1555 d’fhoilsigh William Salesbury saothair léinn a tharraing an Bhreatnais amach as caochphoill na Meán-Aoise. Chuir an tEaspag William Morgan barr ar an obair nuair a d’aistrigh sé an Bíobla i 1588. Bhí scríbhneoirí agus smaointeoirí eile ann: Morgan Llwyd, agus Ellis Wynne. Aimsir réabhlóid na Fraince tháinig Iolo Morgannwg, Owain Myfyr agus Tomos Glyn Cothi. Cuireadh an Eisteddfod ar bun. Nuair a tháinig biseach ar fhoilsiú leabhar tar éis 1880, bhí an Bhreatnais i mbarr a réime. Foilsíodh leabhar maith Breatnaise gach uile mhí ar feadh céad bliain – agus tuilleadh.

I 1963, léigh Saunders Lewis Tygned yr Iaith (Cinniúint na Teangan) ar Raidió BBC. Bhí an cuaille comhraic buailte aige. Bunaíodh Cymdeithas yr Iaith (Cumann na Teangan). Tháinig S4C ar an bhfód. Tá Seanad i Caerdydd ó 1999. Dea-scéalta. Ar fíor iad? Is fíor. Ach céard atá i ndán tar éis an Bhrexit – bás nó beatha?

Casadh dom fear i seomra feithimh an dochtúra le deireanas. Breatnach. Chuir mé bleid air. ‘Níl oiread agus Breatnach amháin fágtha i mbaile Derwen Las,’ ar sé. ‘Is leis na Sasanaigh na tithe’. Dhá lá roimh vóta an Bhrexit, sheas mé le peitreal a cheannach i Caerfyrddin. ‘Tá ceithre mhilliún Turcach ar an mbealach,’ arsa fear amháin. ‘Bíodh an diabhal ag an Eoraip,’ arsa fear eile. ’Cuirfidh muid na strainséirí abhaile, agus beidh na jabannaí againn féin aríst,’ arsa bean in áit eile. 

Cé as ar tháinig na smaointe frith-Eorpacha seo atá i mbéal na ndaoine? Ná bíodh amhras dá laghad orainn: ó na tabloids. Níl páipéar náisiúnta ar bith sa mBreatain Bheag, Béarla ná Breatnais. Is páipéar rugbaí atá sa Western Mail a mbíonn forlíonadh nuachta ann. Ní bhíonn díospóireacht ar bith sna páipéir réigiúnda – An Herald, An Cambrian News, An Carmarthenshire Journal ná eile. Is é an scéal céanna sa raidió é, an BBC, Béarla agus Breatnais. Ní thagann tuairisceoireacht i gceist, ach ráitis ó phreasoifig an rialtais a chraobhscaoileadh ó mhaidin go fuin. Féachaimis fós Seanad Caerdydd. Is ann atá ceanncheathrú UKIP feasta. Tá seachtar teachtaí ag an bpáirtí ann.

Tá an Bhreatnais láidir. Tá pobal ann. Tá scoileanna ann. Tá traidisiún ann. Tá scríbhneoirí maithe ag teacht in inmhe ann. Tá dílseacht ann. Ach is mionlach anois iad. Mionlach. Tá siad á mbá ag dhá mhaidhm. Maidhm na n-imirceánach! Imirceánaigh as Sasana. Agus maidhm an aineolais. Aineolas faoin domhan mór, agus faoi chúrsaí na linne agus a bhuíochas sin don Daily Mirror, don Daily Star agus don Sun.

Tráth dá raibh, agus ní fadó é, bhí ardchaighdeán smaointeoireachta ag na daoine sa mBreatain Bheag. Bhí saibhreas cainte ann. Bhí misneach ag na daoine. Bhíodh na hamhráin  Bhreatnaise á gcur go spéir gach oíche Shathairn sna céadta tithe ósta. Ach tharla dhá thubaiste lenár linn féin a chuir claochlú ar an scéal. Baineadh an tóin as tionscal an ghuail le linn Mhargaret Thatcher ar an gcéad dul síos. Tá dhá ghlúin fear i Merthyr Tudfyl gan obair ó shin.

Bánú na séipéal an dara tubaiste. Ba iad na séipéil cliabhán na Breatnaise, an áit a léití na scrioptúir, an áit a ndéantaí cíoradh i nglan-Bhreatnais ar cheisteanna morálta na linne. Tá na mílte séipéal ar díol sa tír anois – ‘Ar Werth’.

Má fhágann an Bhreatain Mhór Aontas na hEorpa, cén chosaint a bheas ag an teanga? Dúnfar leabharlanna. Cuirfear deireadh le scéimeanna pobail, le tograí ealaíon, le compántais drámaíochta, le cóiriú na timpeallachta, le forbairt na turasóireachta, le sruth na mac léinn iasachta, le deontaisí feirmeoireachta, agus le nithe nach iad.

Is míorúilt go maireann an Bhreatnais. Agus tá sí i mbaol a díothaithe chomh mór anois is a bhí i 1536. An uair seo, áfach, is iad na Breatnaigh iad féin a vótáil ar son Acht an Aontais le Sasana. Cúl leis an Eoraip, aghaidh ar Shasana. Beidh míorúilt eile ag teastáil má tá an teanga le teacht slán an uair seo. Ach b’fhéidir go gclisfidh ar Theresa May. Agus b’fhéidir go mbeadh míorúilt eile ann. Tharla sé cheana. Beidh le feiceáil.

Fág freagra ar 'An Brexit – buille an bháis don Bhreatnais?'

  • Criostóir Ó Branagáin

    Alt iontach, a Dhiarmuid. Go raibh maith agat as léargas a thabhairt dúinn faoi staid na Breatnaise.

  • Diarmuid Johnson

    Go maire tú, a Chriostóir. Ach an dtéití go Haiti…?

  • Criostóir Ó Branagáin

    Nó nach dtéití ?

  • Seán Ó Riain

    Alt rímhaith, a Dhiarmaid. Ach nach fíor gur vótáil tromlach na gceantar Breatnaise ar son fanacht san Aontas Eorpach?