An bóthar N59 agus cúrsaí leathanbhanda sa Ghaeltacht le plé i dTithe an Oireachtais inniu

Buailfidh ionadaithe as Conamara le Coiste Oireachtais i dTeach Laighean chun plé a dhéanamh ar chás an bhóthair N59 agus seirbhísí eile

An bóthar N59 agus cúrsaí leathanbhanda sa Ghaeltacht le plé i dTithe an Oireachtais inniu

Buailfidh ionadaithe ó ghrúpaí i gConamara inniu le Coiste Oireachtais i dTeach Laighean chun plé a dhéanamh ar chás an bhóthair N59 chomh maith le cúrsaí leathanbhanda, iompair agus seirbhísí eile.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste um Fhorbairt Réigiúnach, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíona agus Gaeltacht, Peadar Tóibín ó Shinn Féin, go bhfuil an soláthar bonneagair “bunriachtanach” chun pobal na tuaithe “a chothú agus a chur ag fás”.

“Is deis é seo cloisteáil go díreach ó dhúichí tuaithe éagsúla faoi fhorbairt agus cur i bhfeidhm an bhonneagair ina limistéir. Is deis é freisin don Choiste plé a dhéanamh ar ábhair bhuartha na ndaoine a bhfuil cónaí orthu faoin tuath i ndáil le tacaíocht don fhorbairt cheart inchothaithe faoin tuath in Éirinn,” a dúirt sé.

Beidh ionadaithe ó thrí cheantar éagsúla; Conamara, Béal Tairbit i gContae an Chabháin, agus Ceanannas i gContae na Mí, ag freastal ar an gcruinniú.

Dúirt Tóibín le Tuairisc.ie gurb í an chloch is mó ar phaidrín thoscaireacht Chonamara an bóthar N59, an príomhbhóthar as Gaillimh chun an Chlocháin.

Dhiúltaigh an Bord Pleanála i mBealtaine plean forbartha don bhóthar idir an Teach Dóite agus an Clochán a cheadú.

Cé gur aithin an Bord Pleanála an gá le forbairt a dhéanamh ar an mbóthar agus go raibh siad ar son cead pleanála a thabhairt don fhorbairt sin ‘go ginearálta’, dhiúltaigh siad don iarratas ar bhonn timpeallachta. Bhíothas buartha go háirithe faoin tionchar a bheadh ag an bhforbairt ar an mbratphortach agus ar an bhfraoch sa cheantar.

Fág freagra ar 'An bóthar N59 agus cúrsaí leathanbhanda sa Ghaeltacht le plé i dTithe an Oireachtais inniu'