An Bhruiséil: Seanmóir Chásca

“Cén chaoi a míneoidh mé do na páistí i mo rang go bhfuil daoine ann a dteastaíonn uathu uafás mar seo a chur i gcrích?” Ceist mháistreás scoile ar Twitter a spreag ár gcolúnaí chun seanmóir Chásca dá chuid féin a scríobh…

19/2/2016 Eddie Hutch Funeral

Cúpla uair an chloig tar éis na n-ionsaithe sa Bhruiséil, Dé Máirt, tharla mé ar tvuít ó mháistreás scoile. 

“Cén chaoi a míneoidh mé do na páistí i mo rang go bhfuil daoine ann a dteastaíonn uathu uafás mar seo a chur i gcrích?” an cheist a bhí ag an máistreás scoile ar aitheascal ár linne.

Mar a tharlaíonn dom go rómhinic, bhí m’fhreagra réidh agam go rósciobtha. Bhí fonn orm srann searbhais a ligean asam agus tosú ag béicíl ar an mbean bhocht. “Is í an cheist, a mháistreás scoile, ná: cá dtosóidh tú?”

Dála na ndaoine a bhíonn ag seanmóireacht nár cheart dúinn scéal mór a dhéanamh faoi ionsaithe sa Bhruiséil agus i bPáras nuair nach ndéanaimid amhlaidh faoi ionsaithe sa Tuirc agus san Iaráic; dála na ndaoine a chuireann i gcuimhne dúinn ag amanta mar seo gurb é ladar an Iarthair i scéal an Mheánoirthir bunchúis na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta san Eoraip; dála na ndaoine seo, bhí míle ceist agam ar an máistreás scoile:

Cén chaoi a míneoidh teifigh ón tSiria dá gclann go bhfuil an teaghlach i sáinn ar theorainn na hEorpa agus go bhfuil an deartháir is óige marbh ar thrá Turcach?

Cén chaoi a míneoidh tuismitheoirí atá fós sa tSiria an t-ár ina dtimpeall dá bpáistí?

Cén chaoi a míneoidh máthair Mharacach i Molenbeek dá muirín go mbeidh amhras ag a gcuid comhthíreach fúthu ar feadh a saoil?

Cén chaoi a míneoidh fear gorm i Meiriceá Thuaidh nó i Meiriceá Theas dá mhac gur mó faoi dhó an seans go maróidh na póilíní é ná an seans go bhfaighidh a chomhthírigh gheala bás ar an mbealach céanna?

Cén chaoi a míneoidh bean ghorm scéal na sclábhaíochta dá hiníon?

Cén chaoi a míneoidh mamó i Stráice Gaza aer-ruathair arm Iosrael dá garmhac?

Cén chaoi a míneoidh deaideo ar an taobh eile den fhál an t-uileloscadh dá gariníon?

Oiread ceisteanna. Oiread éagóra sa domhan. Oiread goimhe, leis.

Is í an ghoimh seo a choinníonn fáinne fí an fhoréigin ag síorchasadh.

Céim ghairid ó ghoimh go gráin go buama in aerfort nó i stáisiún fobhealaigh; céim ghairid ó ionsaí sceimhlitheoireachta go haer-ruathair; céim ghairid ó aer-ruathair go tuilleadh goimhe.

Tarlaíonn gurb í an Cháisc í agus go bhfuil scéal bhás Críost i mbéal an domhain Chríostaí.

Sin anois scéal a cuireadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin le hoiread goimhe gur léirscrios ar phobal iomlán, an pobal ar rugadh Íosa ina measc, an toradh a bhí air.

Agus leis sin, táimid ar ais ag an gceist a theastaigh uaim a chur ar an máistreás scoile: an té a bhfuil sé de dhualgas air éagóir an domhain a mhíniú do ghlúin nua, cá dtosóidh sé ar chor ar bith?

A mháistreás scoile, bhain do tvuít srann searbhais asam nuair a chonaic mé ar dtús é.

Ach chuir tú ag machnamh mé, aithním gur ardaigh tú ceist phráinneach, agus feicim go bhfuil ról fíorthábhachtach agat in aon iarracht stop a chur le fáinne fí foréigneach ár linne. 

An té a dteastaíonn uaidh ionsaithe buamála an lae amárach a chosc, bíodh sé cothrom cúramach agus uafáis an lae inné agus an lae inniu á míniú aige don ghlúin óg. Agus thar aon rud eile, ná ligeadh sé do ghoimh na nglúnta a d’imigh romhainn croí agus aigne na nglúnta atá ag teacht aníos a lot.

Fág freagra ar 'An Bhruiséil: Seanmóir Chásca'

  • Seán

    Is é an rud a bhí á chaoineadh ag an máistreás scoile ná go raibh feimineán nua tar éis teacht isteach sa Bheilgle le déanaí – radacachas Ioslámach. Roimhe sin, b’áit shíochánta shibhialta a bhí sa tír agus níor ghá don mháisteás seo bheith buartha faoin bhfáinne fí foiréigneach a mhíniú dá bpáistí mar nár bhain sé leo. Is alt an-lag a scríobh tú. In áit déileáil le cúis an fhoiréigin – an t-Ioslam radacach – agus an baol atá ann don Eoraip, ní dhéanann tú ach a rá linn go bhfuil foiréigean ann i dtíortha eile.

    Is fíor go raibh an mháistreás scoile buartha faoin bhfoiréigean sa Bhilge. Nach é nós na síochána atá againn san Eoraip an chúis a dtugaimid an méid sin airde agus poiblíochta do ghníomh sceimhlitheoireachta mar seo? Nach rud maith é go bhfuilimid chomh mothálach sin faoin bhfoiréigean a dhéantar inár measc? Go bhfuil caighdeán ard againn ó thaobh foiréigean a sheachaint san Eoraip? An rud is annamh is iontach – toisc go bhfuilimid chomh síochánta san Eoraip ón dara cogadh domhanda i leith, cuireann an cineál seo gnímh cogaíochta as ár riocht muid, faoi mar a tharla don mháistreás scoile.