Tá iarrtha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar an bpobal gan a ghabháil ag snámh ar an Trá Mhóir sa gCoill Rua in Indreabhán i gContae na Gaillimhe mar gheall ar algaí gormghlasa a bheith san uisce.
Tá go leor algaí san uisce ag an trá i láthair na huaire agus d’fhéadfadh daoine, peataí agus ainmhithe eile tinneas a fháil as an uisce.
Tá molta ag an gComhairle do dhaoine gan lámh a leagan ar an gcúr atá curtha isteach ar an trá agus gan dul ag snámh san uisce ann. Moltar páistí agus peataí a choinneáil ón uisce, agus lámha a níochán má tharlaíonn sé go leagtar lámh ar na halgaí. Moltar gan ligean do pheataí an t-uisce a ól agus iad a ghlanadh má bhíonn siad ag snámh ann.
Ní bheidh an Bhratach Ghorm a bronnadh ar an trá níos túisce i mbliana crochta ar feadh trí lá ag an trá Ghaeltachta. Déanfar leibhéal na n-algaí a mheas arís ansin agus táthar ag súil go mbeifear in ann í a chrochadh an athuair ansin.
Tá an Bhratach Ghorm ar cheann de na gradaim is mó aitheantas ar domhan ó thaobh cúrsaí timpeallachta de. Leagtar síos critéir lena ndéantar measúnú ar chaighdeán an uisce, ar sholáthar eolas agus oideachas comhshaoil, ar shábháilteacht agus ar bhainistiú na trá.
Braoin
Agus an t-iascach díolta ó na seachtóidí… agus na cearta ola tugtha ar láimh do na heachtrannaigh… caithfear aire a thabhairt do cheann de na rudaí beaga bídeacha atá fanta san áit thiar agus muid ag smaoineamh ar fhostaíocht a choinneos an mhuintir sa mbaile…