An Bhrasaíl: ó dhaonlathas go dialathas?

Agus a mbeannacht tugtha don phróiseas ag Teach na nIonadaithe, tá céim chinniúnach tógtha san iarracht uachtarán na Brasaíle, Dilma Rousseff, a tháinseamh. Ach, a fhiafraíonn ár gcolúnaí de féin, cén bhaint atá ag Dia leis an scéal?

Dilma Rousseff

Céard é an toradh nuair a mheasctar cluiche sacair, an comórtas Eorafíse, slógadh gospel, an clár House of Cards agus an clár úd a bhíodh ar TG4 fadó, Frois Frais, le chéile?

Is ea go díreach: Teach na nIonadaithe sa Bhrasaíl!

Tá cónaí orm sa Bhrasaíl le breis agus ocht mbliana anois agus is iomaí rud aisteach a chonaic mé sa tréimhse sin, ach sháraigh an seó bóthair a léiríodh i dTeach na nIonadaithe i mBrasília aréir, agus inar thug móramh leathan (fiche cúig vóta sa bhreis ar an móramh dhá thrian a bhí ag teastáil) a mbeannacht don iarracht uachtarán na tíre, Dilma Rousseff, a tháinseamh, gach rud dá bhfaca mé go dtí seo.

Le linn na vótála, a craoladh beo agus a mhair nach mór seacht n-uaire an chloig toisc go raibh cead cainte tríocha soicind (achar nár cloíodh leis) ag gach duine de 513 bhall Theach na nIonadaithe, chonaic mé:

  • Vóta á chaitheamh ag 299 (!) ionadaí a bhfuil calaois curtha ina leith
  • Ionadaithe gléasta i mbratacha agus i ngeansaithe sacair
  • Gunnaí coinfití á séideadh san aer
  • Frásaí as an mBíobla á n-aithris
  • Seile á caitheamh in aghaidh ionadaí amháin…
  • …Tar éis don ionadaí sin a vóta i gcoinne Dilma Rousseff a thiomnú don oifigeach airm a chéas í, tráth ar gabhadh Rousseff le linn na deachtóireachta míleata a bhí i réim sa Bhrasaíl idir 1964 agus 1985
  • Beannachtaí breithlae á dtabhairt ag ionadaithe dá ngaolta
  • Vótaí á dtiomnú ag ionadaithe dá gcéilí, dá bpáistí, dá ngarchlann, dá gcuid aintíní, agus, go háirithe:
  • Vótaí á dtiomnú ag ionadaithe do Dhia
  • Agus, creid é nó ná creid, vóta amháin á thiomnú ‘don tsíocháin in Iarúsailéim’

Ansin, nuair ba léir go raibh an móramh a bhí ag teastáil bainte amach, casadh an rosc catha a chasann muintir na Brasaíle nuair a bhíonn an fhoireann náisiúnta sacair i mbun imeartha: “Sou Brasileiro, com muito orgulho, com muito amoooooor…

Faoin am sin, ag a haon déag san oíche, cruth cearnógach ar mo shúile ó bheith ag breathnú ar dhá scáileán (an beochraoladh féin agus Twitter) agus díoscán i mo chluasa ón mbéicíl, ba léir dom go bhfuil cónaí orm i dtír éagsúil ar fad ón tír ar shamhlaigh mé cónaí a bheith orm inti le hocht mbliana anuas.

Ba léir ó m’amlíne ar Twitter go raibh go leor Brasaíleach ar an tuairim cheannann chéanna.

Ní todhchaí pholaitiúil Dilma Rousseff (ar lú an tóir atá uirthi ag muintir na Brasaíle ná an tóir atá ag muintir na hÉireann ar Joan Burton) a bhí ag déanamh imní dóibh – ná domsa – ach todhchaí na tíre féin.

Is é an chaoi go gceapfadh duine, ón gcaoi ar thiomnaigh mórchuid ionadaithe a vótaí i bhfábhar an táinsimh (agus i gcoinne Dilma Rousseff) do Dhia agus ‘don Teaghlach’, go bhfuil an Bhrasaíl ag sleamhnú ó dhaonlathas go dialathas.

An bhfuilim ag dul thar fóir? An bhfuil na Brasaíligh a léirigh an tuairim ar na meáin shóisialta aréir go bhfuil dialathas á bhunú (féach an sampla thuas) ag dul thar fóir? Tá súil agam go bhfuil.

Ach is é an chaoi go bhfuil an próiseas táinsimh i gcoinne Dilma Rousseff á thiomáint ag brúghrúpa traspháirtí soiscéalach Críostaí, dream atá ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas agus fás as cuimse sa Bhrasaíl ar líon na ndaoine – milliún duine in aghaidh na bliana, más fíor do na staitisticí – atá ag tréigean na heaglaise Caitlicí le dul isteach in eaglaisí soiscéalacha. Tá an ghluaiseacht chumhachtach shoiscéalach seo faoi stiúir Cheann Chomhairle na Brasaíle, Eduardo Cunha – an fear céanna atá i gceannas ar an iarracht fáil réidh le Dilma Rousseff. Tarlaíonn go bhfuil calaois na milliún curtha i leith Cunha féin agus gur dóichí ná a mhalairt go bhfuil a chosa polaitiúla féin nite, ach mar sin féin, ní bheadh ionadh orm, tar éis seó bóthair na hoíche aréir i dTeach na nIonadaithe, dá mbeadh deachtóireacht bhunchreidmheach Chríostaí i réim sa Teach céanna as seo go ceann roinnt blianta.

Ach roimhe sin, tá vóta le caitheamh sa Seanad faoin iarracht táinseamh a dhéanamh ar Dilma Rousseff. Is dócha nach dtarlóidh sé sin go ceann míosa agus cá bhfios cén casadh a thiocfaidh sa scéal idir seo agus sin.

Oh, agus na Cluichí Oilimpeacha, an galar zika, agus an ghéarchéim eacnamaíochta atá ag dul i ndonas ó lá go lá, a deir tú?

Bíodh acu, tá sceilpín gabhair le híobairt ar altóir an “daonlathais”!

Fág freagra ar 'An Bhrasaíl: ó dhaonlathas go dialathas?'