‘An bhfuil síog na bhfiacal in ann chuile shórt a fheiceáil?’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Fuair ár gcolúnaí léargas eile an tseachtain seo ar dhomhan na bpáistí, áit nach ndéantar rud ar bith i ngan fhios

3197723271_30e0f414f9_o
Pictiúr: Stephanie Sicore/Flickr

‘Abhaí! Tá m’fhiacail tinn!’ a bhéic sí agus í díreach tar éis greim a bhaint as piorra a mheas mé a bheith ar éigean ró-chrua di ach a ndeachaigh mé sa tseans air. Scanraigh mé. ‘Gabh i leith anseo agus breathnóidh mé air,’ a dúirt mé go réidh agus mé ag iarraidh ligean orm féin go raibh chuile shórt go breá.

Bhreathnaigh mé isteach ina béal is ní hamháin go bhfaca mé braoinín fola ach nuair a leag mé méar ar an bhfiacail chorraigh sí. Ba bheag nár thit an t-anam asam. Cad chuige ar thug mé an diabhal de phiorra sin di ar chor ar bith? Is dócha nach raibh mé chomh maith ag ceilt is a cheap mé mar chomh luath is a chonaic sí m’éadan thosaigh sí ag búiríl caoineadh.

Ansin chuimhnigh mé orm féin. Chaithfeadh go bhfuil sí sách sean anois. An chéad cheann de na fiacail diúil ag titim amach atá ann. D’ardaigh mo chroí. Tá brón orm, a phiorra, maithim chuile shórt.

Lean an deargchaoineadh ar aghaidh. Chuimhnigh mé ar réiteach. ‘Tá sé togha,’ a dúirt mé, ‘fiacail bheag atá ann agus nuair a thitfidh sí amach cuirfidh muid faoin bpiliúr í agus tiocfaidh síog na bhfiacal is tabharfaidh sí airgead duit.’

Stop an caoineadh. ‘An bhfuil síog na bhfiacal in ann chuile shórt a fheiceáil?’ a d’fhiafraigh sí díom agus na deora á gcuimilt di aici. Cheap mé go raibh muid sách dona idir an NSA, Google Earth agus cá bhfios cé eile, ach anois bhí síog na bhfiacal curtha leis an liosta faireadóirí? ‘Ní cheapaim é,’ a dúirt mé, ‘bíonn sí gnóthach le rudaí eile, sílim’.

‘Ach, bíonn na siógaí in ann chuile shórt a fheiceáil agus cuireann siadsan scéala chuig Santaí,’ a dúirt sí. Is ansin a fuair mé léargas ar an domhan faoi scáth Big Brother ina maireann na daoine beaga. Tá sé sách dona go bhfuil Mamaí agus Deaidí ag coinneáil súile ar chuile shórt a dhéanann siad gan síoga agus nithe draíochta eile a tharraingt isteach sa scéal.

‘Dháiríre, níl Santaí, ná síog na bhfiacal, ná síog ar bith eile in ann chuile shórt a fheiceáil,’ a dúirt mé léi.

‘Ach cén chaoi a mbeidh a fhios aici faoi m’fhiacail?’ a d’fhiafraigh sí. Bhí mé i sáinn.

‘Cuirfidh muid téacs chuici,’ a dúirt mé, ‘tá a huimhir agam in áit éicínt’.

Fág freagra ar '‘An bhfuil síog na bhfiacal in ann chuile shórt a fheiceáil?’'