‘An bhfuil siad ag súil go dtiocfaidh an 1% a bhfuil Gaeilge acu?’ — amhras ar Jim Allister faoin ‘Lá Dearg’

Tá an Dream Dearg, atá ag eagrú an léirsithe i gcomhar le grúpaí Gaeilge eile amárach, ag súil go mbeidh ‘na mílte’ duine ag siúl ón gCultúrlann ar Bhóthar na bhFál go Halla na Cathrach le hAcht Gaeilge agus cearta teanga eile a éileamh

‘An bhfuil siad ag súil go dtiocfaidh an 1% a bhfuil Gaeilge acu?’ — amhras ar Jim Allister faoin ‘Lá Dearg’

Tá ráite ag ceannaire an TUV, Jim Allister, go bhfuil an ceart acu siúd a bheidh ag freastal ar an Lá Dearg i mBéal Feirste amárach a gcuid éileamh a dhéanamh go poiblí, ach nach ionann a bhfógairt agus a rá go bhfuil aon mhaith leis na héilimh sin.

Tá an Dream Dearg, atá ag eagrú an léirsithe i gcomhar le grúpaí Gaeilge eile amárach, ag súil go mbeidh “na mílte” duine ag siúl ón gCultúrlann ar Bhóthar na bhFál go Halla na Cathrach le hAcht Gaeilge agus cearta eile teanga éileamh.

“An bhfuil siad ag súil go dtiocfaidh an 1% a bhfuil Gaeilge acu?” a dúirt Allister.

“Tá an ceart ag duine ar bith éileamh a dhéanamh agus dul i mbun feachtasaíochta ar son an éilimh sin ach ní gá go mbeadh aon mhaith leis an éileamh sin. Níl aon mhaith san éileamh ar Acht Gaeilge.

“Cheana féin, tá maoiniú speisialta á chaitheamh go fial flaithiúil ar an nGaeilge, tá foras teanga Thuaidh/Theas ann, agus tá earnáil Ghaelscolaíochta ann a dtugtar cóir mhíchothrom di. Caitear ualach aisteach airgid uirthi gach bliain, ó chiste an phobail, agus ní gá rud ar bith eile thairis sin a dhéanamh,” a dúirt sé.

Mhaígh sé nach bhfuil san éileamh ar Acht Gaeilge ó thuaidh ach cuid d’fheachtas polaitíochta an bonn a bhaint de Thuaisceart Éireann, teanga oifigiúil a dhéanamh den Ghaeilge, tús áite a thabhairt do chainteoirí Gaeilge sa státseirbhís ó thuaidh agus “leithcheal a dhéanamh ar an gcuid eile againn”.

“Is éileamh díobhálach é, nach bhfuil ciall leis, agus nár cheart freastal air, agus níor cheart do dhuine ar bith a bheith ina mhadra lathaí ag lucht a éilimh. Tá lúbaireacht ar bun ag an DUP faoin gceist le tamall, agus is léir go bhfuil siad ag ullmhú le géilleadh ar fad nuair a bheidh an toghchán thart.

“Tá siad sásta cibé praghas a chuirfear ar an gcumhacht a íoc agus níl sé sin ceart, tá sé meargánta agus ba cheart dóibh cuimhneamh orthu féin,” a dúirt Allister.

Tá súil ag lucht eagraithe mhórshiúl an lae amárach go bhfreastalóidh cainteoirí Gaeilge agus lucht tacaíochta na teanga “as gach cearn den tír” ar an mórshiúl ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál go dtí Halla na Cathrach i lár Bhéal Feirste.

Tá an Lá Dearg á eagrú mar chuid de shraith agóidí agus gníomhaíochtaí eile ó thuaidh ar mhaithe le hAcht Teanga, a gealladh i gComhaontú Aoine an Chéasta beagnach 20 bliain ó shin agus a gealladh arís i gComhaontú Chill Rímhinn os cionn deich mbliana ó shin, a thabhairt isteach.

Fág freagra ar '‘An bhfuil siad ag súil go dtiocfaidh an 1% a bhfuil Gaeilge acu?’ — amhras ar Jim Allister faoin ‘Lá Dearg’'